Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Deimhniúchán ar Líne do Thacaíocht Oibre Páirtaimseartha/Ócáidí/Gearr-Ama ar MyWelfare


Más fostaí páirtaimseartha, ócáideach nó gearrthéarmach tú, is féidir leat do phatrún oibre a chur isteach ar líne MyWelfare. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil aon dualgas ort duillíní páipéir a sheoladh chuig d’Ionad Intreo Áitiúil nó chuig d’Oifig Brainse Choimirce Sóisialaí gach seachtain.

Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit:


Cén chaoi le do dhearbhú a chur isteach ar líne

Má tá Cuntas MyGovID fíoraithe agat

Sínigh isteach i do chuntas agus roghnaigh ‘Déan Dearbhú’ ó do dheais custaiméara.

Muna bhfuil Cuntas MyGovID fíoraithe agat

Muna bhfuil Cuntas MyGovID fíoraithe agat, is féidir leat eolas a chur ar conas cuntas fíoraithe a chruthú anseo.


Cathain gur chóir duit do dhearbhú a chur isteach ar líne

  • Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist Páirtaimseartha a fháil agat, tá teacht agat ar an tseirbhís seo ón Mháirt ag 8am go dtí an Aoine ag 4pm.
  • Má tá Sochar Cuardaitheora Poist Fóirdheontais Oibre Gearr-ama Páirtaimseartha/Ócáideach/Gearrthéarmacha fháil agat, tá teacht agat ar an tseirbhís seo ón gCéadaoin ag 8am go dtí an Aoine ag 4pm.

Tabhair do d’aire: Féadfaidh aon aighneacht tar éis na n-amanna seo cur isteach ar d’íocaíocht.


An t-eolas nach mór duit a bheith agat chun do dhearbhú a chur isteach ar líne

Céim 1

Cuir isteach ainm do fhostóra (má tá níos mó ná fostóir amháin agat, roghnaigh ‘Cuir fostóir eile leis’).

Ansin le haghaidh gach lá den tseachtain:

  • má d’oibrigh tú
  • murar oibríodh tú
  • má fuair tú pá saoire

Má d’oibrigh tú seal oibre a chuaigh thar mheán oíche, roghnaigh ‘D’oibrigh’ ar an lá a chríochnaigh tú na huaireanta is mó den seal sin. Mar shampla, má d’oibrigh tú óna 10pm Dé Céadaoin go dtí 8am ar an Déardaoin, roghnaigh Déardaoin mar an lá ar oibrigh tú.

Má d’oibrigh tú seal oibre 12 uair an chloig nó níos faide, ní mór duit an t-am tosaithe agus críochnaithe don lá sin a chur isteach. Mar shampla, má d’oibrigh tú óna 8pm Dé Céadaoin go dtí 8am ar an Déardaoin, roghnaigh Déardaoin mar an lá ar oibrigh tú agus cuir isteach na huaireanta mar 20:00 go 08:00.

Céim 2

Cuirfear ceist ort ansin an bhfuil aon athrú ar do chuid coinníollacha ón am a chuir tú do dhearbhú deiridh isteach. Má tá, cuirfear ceist ort eolas a chuir ar fáil maidir leis an athrú ar do chuid coinníollacha, ar nós athrú fostóra.

Céim 3

Chun do dhearbhú ar líne a thabhairt chun críche, ní mór duit a thabhairt le fios ‘Táim tar éis an ráiteas thuas a léamh agus aontaím leis’. Ní mór duit ansin ‘Do Dhearbhú a chuir isteach’ a roghnú.

Nuair atá na céimeanna thuas tugtha chun críche agat, feicfidh tú teachtaireacht ‘Go raibh maith agat’ ar an scáileán a thugann le fios duit go bhfuil do dhearbhú curtha isteach go rathúil agat.

Gheobhaidh tú fógra chomh maith ar do phróifíl MyWelfare.

Ciallaíonn do dhearbhú ar líne nach bhfuil gá duit stampa nó síniú a fháil ó d’fhostóir, agus níl aon dualgas ort as seo amach duillíní páipéir a sheoladh chuig d’Ionad Intreo Áitiúil nó chuig d’Oifig Brainse Choimirce Sóisialaí.

Má tá aon eolas sa bhreis uait, rachaidh muid i dteagmháil leat nó le d’fhostóir