Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine: Measúnú agus Plean Gníomhaíochta 2024-2025
- Foilsithe: 11 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá freagracht ar gach comhlacht poiblí in Éirinn, faoin Dualgas Earnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine nó Dualgas na hEarnála Poiblí, comhionannas a chur chun cinn, idirdhealú a chosc agus cearta daonna dá gcuid fostaithe, custaiméirí, úsáideoirí seirbhíse, agus do gach duine a ndéanann a mbeartais agus a bpleananna difear dóibh.
Is oibleagáid dhlíthiúil é seo agus tá sé le fáil in Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.
In Alt 42 den Acht, leagtar amach trí chéim lárnacha atá le glacadh ag comhlachtaí poiblí. Is iad seo:
- agus pleananna straitéiseacha á n-ullmhú acu, ní mór do chomhlachtaí na hearnála poiblí na saincheisteanna cearta daonna agus comhionannais a bhaineann lena bhfeidhmeanna a mheas agus a shainaithint. Ní mór baint a bheith ag na saincheisteanna seo le feidhmeanna ar fad an chomhlachta earnála poiblí mar dhéantóir beartais, mar fhostóir agus mar sholáthraí seirbhíse
- ní mór do chomhlachtaí poiblí ansin na beartais agus na cleachtais atá i bhfeidhm acu nó a bhfuil sé mar aidhm acu iad a chur i bhfeidhm go léir a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin
- ina dtuarascálacha bliantúla, nó i ndoiciméid choibhéiseacha, ní mór do chomhlachtaí poiblí tuairisciú ar a bhforbairtí agus ar a n-éachtaí chuige sin ar bhealach atá inrochtana don phobal
Tá Measúnú ar Dhualgas Earnála Poiblí agus Plean Gníomhaíochta na Roinne Coimirce Sóisialaí 2024 – 2025 le fáil thíos.