English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Foláireamh maidir le glaonna teileafóin agus téacsanna caimiléireachta


Foláireamh maidir le glaonna gutháin caimiléireachta agus téacsteachtaireachtaí caimiléireachta

Táimid ar an eolas faoi ghlaonna teileafóin agus teachtaireachtaí téacs calaoiseacha, a mhaíonn gur ón roinn iad, ag rá leat go bhfuil tú incháilithe do bhille leictreachais lascainithe.

Má fhaigheann tú glao nó téacs den sórt sin, ná déan teagmháil leis an té atá ag glaoch agus ná roinn aon chuid de d'uimhir PSP, sonraí Cuntais Bhainc nó aon fhaisnéis phearsanta eile leo. Ná cliceáil ar aon nasc a sheolann siad chugat. Ní iarrann foireann an RCS sonraí den sórt sin ar an bhfón nó tríd théacs riamh.

Má tá aon sonraí cuntais bainc roinnte agat tar éis glao a fháil a bhfuil amhras ann gur scéiméireacht é, déan teagmháil le do bhanc láithreach le do thoil.

Má tá aon fhaisnéis dá leithéid curtha ar fáil agat do ghlaoiteoir a chreideann tú gur ghlao nó téacs sceamála é, déan teagmháil leis na Gardaí láithreach le do thoil. Féach comhairle ó na Gardaí.


Táimid ar an eolas faoi théacsanna calaoiseacha a mhaíonn gur ón Roinn iad. Lorgóidh na téacsanna seo faisnéis phearsanta uaireanta nó iarrfaidh siad ort sonraí a fhíorú, mar shampla, le haghaidh Íocaíochtaí Costais Maireachtála.

Tar éis fhógra Bhuiséad 2025 d’fhéadfadh go mbeadh méadú ar théacsanna nó ar ghlaonna calaoiseacha ag iarraidh ar dhaoine clárú le haghaidh na gcnapshuimeanna agus na n-íocaíochtaí dúbailte. Má tá tú i dteideal cnapshuime nó íocaíocht dhúbailte, íocfar iad seo go huathoibríoch agus ní gá duit iarratas a dhéanamh orthu.

Táimid ar an eolas go bhfuil glaonna teileafóin agus teachtaireachtaí téacs calaoiseacha a mhaíonn gur ón Roinn iad ag lorg sonraí cuntas bainc nó faisnéis phearsanta.

Ní iarrfaidh ár bhfoireann riamh do chuid sonraí bainc ort más rud é go mbeadh cúis acu glaoch ort ar an bhfón agus ní iarrfaimid faisnéis phearsanta uait go deo trí theachtaireacht téacs.

Má fhaigheann tú glao nó téacs den sórt sin, ná déan comhrá leis an té atá ag glaoch agus ná roinn aon chuid de d’Uimhir PSP, sonraí cuntais bhainc nó aon fhaisnéis phearsanta eile leo.

Má chuir tú aon eolas den sórt sin ar fáil do ghlaoiteoir a chreideann tú gur camghlao nó camthéacs é, déan teagmháil leis an nGarda Síochána láithreach. Féach comhairle ón nGarda Síochána anseo.

Molaimid duit a bheith thar a bheith cúramach má fhaigheann tú glao nó teachtaireacht téacs den chineál seo. Ba cheart duit a chinntiú freisin go n-úsáideann tú láithreáin ghréasáin oifigiúla na roinne, mar shampla www.MyWelfare.ie agus Item was unpublished or removed

Rabhadh Foláirimh Camscéime ón Aire Heather Humphreys:


Gaeilge

Alert on Scam Phone Calls (Irish)
Amharc amharc

Béarla

Alert on Scam Phone Calls (English)
Amharc amharc

Fraincis

Alert on Scam Phone Calls (French)
Amharc amharc

Gearmáinis

Alert on Scam Phone Calls (German)
Amharc amharc

Hiondúis

Alert on Scam Phone Calls (Hindi)
Amharc amharc

Iodáilis

Alert on Scam Phone Calls (Italian)
Amharc amharc

Laitvis

Alert on Scam Phone Calls (Latvian)
Amharc amharc

Liotuáinis

Alert on Scam Phone Calls (Lithuanian)
Amharc amharc

Polainnis

Alert on Scam Phone Calls (Polish)
Amharc amharc

Portaingéilis

Alert on Scam Phone Calls (Portuguese)
Amharc amharc

Rómáinis

Alert on Scam Phone Calls (Romanian)
Amharc amharc

Spáinnis

Alert on Scam Phone Calls (Spanish)
Amharc amharc