English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Idirghníomhú scéim phíolótach Bun-Ioncaim do na hEalaíona le híocaíochtaí ón RCS



Cúlra

Dé Máirt 5 Aibreán, sheol an rialtas scéim phíolótach nua chun tacú le healaíontóirí agus oibrithe ealaíona cruthaitheacha. Cuireann an scéim phíolótach seo ar a dtugtar Bhunioncam do na hEalaíona tacaíocht airgeadais ar fáil d’ealaíontóirí a bhíonn ag cleachtadh a gceirde mar aitheantas ar an luach a bhaineann le hobair neamhíoctha i gcleachtas cruthaitheach.

Ní íocaíocht nó tacaíocht ioncaim ón Roinn Coimirce Sóisialaí an scéim phíolótach seo. Is í an The Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media atá freagrach as an mbeartas agus as an scéim a riar.


Mar a idirghníomhaíonn an scéim phíolótach le híocaíochtaí na Roinne Coimirce Sóisialaí

  • má tá tú ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh agus roghnaítear tú chun páirt a ghlacadh sa scéim phíolótach, ní mór duit an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas
  • ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun an tionchar ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh a phlé sula nglacann tú le cuireadh bheith páirteach sa scéim phíolótach
  • féadfaidh ioncam ón scéim phíolótach cur isteach ar d’íocaíocht má tá tú ar scéim tástála acmhainne
  • má tá tú chun leanúint de d’íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil, ní mór go gcomhlíonann tú fós na coinníollacha go léir a bhaineann le do scéim íocaíochta
  • mar shampla, má tá tú ag fáil Carer's Allowance, ní bhfaighidh tú íocaíocht i leith seachtaine ar bith a chaitheann tú níos mó ná 18.5 uair an chloig i mbun fostaíochta, féinfhostaíochta, oideachais nó oiliúna.

Mar a chaithfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis an ioncam seo

Agus tástálacha acmhainne á ndéanamh, caithfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí le hioncam ón scéim seo mar ioncam ó fhéinfhostaíocht. Ciallaíonn sé sin, i gcás scéimeanna áirithe, nach gcuirfear céatadán den íocaíocht ón scéim píolótach san áireamh sa tástáil acmhainne.

Ba cheart aon ÁSPC atá dlite a ghearradh ag an rate and class paid by self-employed people (Class S).


Scéim na nEalaíontóirí Gairmiúla a fhaigheann an Liúntas Cuardaitheora Poist

Níl aon bhaint idir an The scheme for Professional Artists on Jobseeker’s Allowance agus an scéim phíolótach um Bunioncam do na hEalaíona.

Cuireann an scéim seo tacaíocht ar fáil d’ealaíontóirí gairmiúla féinfhostaithe atá ag fáil an Liúntais Cuardaitheora Poist.

Má cháilíonn tú, ní gá páirt a ghlacadh i gclár gníomhachtaithe na roinne ar feadh bliana. Tugann sé sin deis duit díriú ar do chuid oibre ealaíonta.

rates of payment are the same as for Jobseeker's Allowance.


Tá tuilleadh eolais maidir leis an scéim phíolótach um Bunioncam do na hEalaíona ar fáil ónthe Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media.


Teagmháil

Má tá tú ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh agus má roghnaítear tú chun páirt a ghlacadh sa scéim phíolótach, déan teagmháil leis an rannán iomchuí as a dtagann d’íocaíocht. Find contact details for your relevant section.