English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Méala



A bhfuil le déanamh tar éis do dhuine bás a fháil

Tá céimeanna ar leith nach mór iad a leanúint tar éis do dhuine bás a fháil. Tá na céimeanna seo á leagan amach thíos mar aon le liosta tagartha i dtaobh na seirbhísí agus na sochar a bhfuil fáil orthu.


Bás a chlárú

An bás a chlárú in Éirinn

Ní mór gach bás a chlárú leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin (POC) laistigh de trí mhí ó dháta an bháis. Is féidir bás a chlárú ag Oifig Clárúcháin ar bith. Go hiondúil, is é duine de mhuintir an té a fuair bás a dhéanann an bás a chlárú.

Tá tuilleadh eolais faoi cén chaoi le bás a chlárú ar fáil anseo.

Bás a tharlaíonn i dtír eachtrach

Taifead bás a tharlaíonn i dTír Eachtrach

Má fhaigheann saoránach de chuid na hÉireann bás i dtír eachtrach agus gnáthchónaí orthu in Éirinn laistigh de 5 bliana roimhe sin, is féidir an bás a chlárú i dTaifead na mBásanna a tharlaíonn i dTír Eachtrach.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le corp a thabhairt go hÉirinn le haghaidh adhlactha nó le haghaidh créamtha anseo.

Más gá duit corp a aistriú ó Éirinn go tír eile le haghaidh adhlactha nó le haghaidh créamtha, tá tuilleadh eolais ar fáil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha.


Bás duine a mbíodh ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh

Má fhaigheann duine bás a mbíodh íocaíochta leasa shóisialaigh á bhfáil aige nó aici, ba cheart scéal a bháis nó a báis a chur chuig an rannóg a mbíonn ag plé leis na híocaíochtaí chomh luath agus is féidir.

Tá sonraí teagmhála do gach rannóg de chuid na roinne ar fáil ar Eolaire Uimhreacha Teileafóin na Roinne Coimirce Sóisialaí:

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh tar éis báis

I gcásanna áirithe, íoctar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar feadh tréimhse tar éis do dhuine bás a fháil. Íoctar na híocaíochtaí lena c(h)éile, lena p(h)áirtí sibhialta, lena c(h)omhchónaitheoir nó lena c(h)úramóir ar feadh 6 seachtaine tar éis an bháis.

Ní mór d'éilitheoir critéir cháilitheachta a chomhlíonadh chun na híocaíochtaí seo a fháil tar éis an bháis. I measc na n-íocaíochtaí ar féidir a íoc tar éis báis tá:


Bás duine atá ag fáil cúraim

Má tá Liúntas Cúramóra, Sochar CúramóraLiúntais Cúraim Baile á bhfáil agat agus má fhaigheann an duine a mbíonn tú ag tabhairt aire dó nó di bás, ní mór duit scéal an bháis a chur chuig an rannóg a mbíonn ag plé le d'íocaíochtaí chomh luath agus is féidir.

Féadfaidh sé go bhfaighidh tú na híocaíochtaí seo fós:

  • Liúntas Cúramóra ar feadh 12 sheachtain tar éis an bháis
  • Sochar Cúramóra ar feadh 6 sheachtain tar éis an bháis
  • Liúntas Cúraim Baile ar feadh 12 sheachtain tar éis an bháis

Bás Duine Fhásta Cháilithe nó Linbh Cháilithe

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á bhfáil agat a bhfuil Méadú do Dhuine Fásta CáilitheMéadú do Leanbh Cáilithe mar chuid de agus má fhaigheann an duine cáilithe bás, ní mór duit scéal an bháis a chur chuig an rannóg a mbíonn ag plé le d'íocaíochtaí chomh luath agus is féidir.

Féadfaidh sé go n-íocfar an ráta méadaithe leat ar feadh 6 sheachtain tar éis bhás an duine cháilithe.


Tacaíochtaí ioncaim tar éis méala