English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Na haicmí éagsúla a bhaineann le hÁrachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)


Tá 11 aicme éagsúil ÁSPC, a roinntear faoi chúig cheannteideal seo a leanas:

  • fostaithe san earnáil phríobháideach agus seirbhísigh phoiblí áirithe (Aicme A, E agus J)
  • seirbhísigh phoiblí áirithe (Aicme B, C D agus H)
  • daoine féinfhostaithe, stiúrthóirí cuideachta áirithe agus baill áirithe d'údarás áitiúil (Aicme S), san áireamh. Baineann Aicme S agus P le scair-iascairí áirithe féinfhostaithe.
  • daoine nach bhfuil aon dliteanas maidir le ranníocaíocht ÁSPC acu (Aicme M)
  • Sealbhóirí Áirithe Oifige Phoiblí (Aicme K).

Seo a leanas tá gearrchuntas ar na daoine atá cumhdaithe faoi gach ceann ar leith de na príomh-aicmí ranníocaíochta ÁSPC.


Aicme A

Fostaithe i bhfostaíocht thionsclaíoch, thráchtála agus sheirbhíse a bhfuil tuilleamh comhlán de €38 nó níos mó in aghaidh na seachtaine acu ó gach fostaíocht; státseirbhísigh agus seirbhísigh phoiblí a earcaíodh ó 6 Aibreán 1995 agus oibrithe Fostaíochta Pobail ó 6 Aibreán 1996. Íocann an chuid is mó de fhostaithe in Éirinn ranníocaíocht Aicme ÁSPC A.

Rátaí Aicme ÁSPC A


Aicme B

Státseirbhísigh bhuana agus inphinsin, dochtúirí agus fiaclóirí cláraithe atá fostaithe sa Státseirbhís agus Gardaí, a earcaíodh roimh 6 Aibreán 1995.

Rátaí Aicme ÁSPC B


Aicme C

Oifigigh Choimisiúnta Airm agus comhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm a earcaíodh roimh 6 Aibreán 1995.

Rátaí Aicme ÁSPC C


Aicme D

Fostaithe buana agus inphinsin sa tseirbhís phoiblí a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995, seachas iad siúd a luaitear in Aicmí B agus C.

Rátaí Aicme ÁSPC D


Aicme E

Ministrí Reiligiúin atá fostaithe ag Comhlacht Ionadaíoch Eaglais na hÉireann.

Rátaí Aicme ÁSPC E


Aicme H

Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe agus pearsanra liostáilte de na Fórsaí Cosanta.

Rátaí Aicme ÁSPC H


Aicme J

  • fostaithe i bhfostaíocht thionsclaíoch, tráchtála agus seirbhíse a bhfuil tuilleamh comhlán de €38 nó níos lú acu ó gach fostaíocht
  • daoine atá árachaithe le haghaidh Sochair Díobhálacha Ceirde amháin, mar shampla fostaithe atá os cionn na haoise inphinsin de réir an Stáit
  • daoine atá páirteach i scéimeanna oiliúna áirithe ag Solas, atá inárachais le haghaidh Sochair Díobhálacha Ceirde amháin
  • daoine atá i bhfostaíocht mhionchineálach, mar shampla daoine atá inárachais ag Aicme B, C nó H sa phríomhfhostaíocht acu agus go bhfuil an dara post acu.
  • freastalaithe ag scrúduithe na Roinne Oideachais agus Scileanna.
  • oifigigh cheannais agus cléirigh vótála le linn toghchán, chomh maith le baill na nÓglach Cúltaca ar oiliúint bhliantúil.

Rátaí Aicme ÁSPC J


Aicme K

  • sealbhóirí oifige poiblí áirithe le hioncam os cionn €100 in aghaidh na seachtaine. I measc na sealbhóirí oifige poiblí a mbaineann sé leo tá an tUachtarán, comhaltaí an Oireachtais, na breithiúna, breithiúna míleata áirithe, an tArd-Aighne, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus feisirí áirithe de Pharlaimint na hEorpa). Tá na sealbhóirí oifige phoiblí seo faoi dhliteanas as ÁSPC ar ráta 4% ar a n-ioncam uile a íoc.
  • tá dliteanas nialasach ag duine ar bith de na sealbhóirí áirithe oifige phoiblí seo a thuilleann €5,200 in aghaidh na bliana nó níos lú (€100 in aghaidh na seachtaine nó níos lú) - féach Aicme M.
  • Bíonn ranníocaíochtaí Aicme K infheidhme freisin i gcás ioncam ó fhéinfhostaíocht bhreise a thuilltear ó cheird nó ó ghairm de chuid ranníocóra ráta mionathraithe agus i gcás aon ioncam neamhthuillte a d'fhéadfadh a bheith acu
  • Seans go mbeidh ranníocóirí fostaithe agus pinsinéirí ceirde atá faoi bhun 66 bliain d'aois agus nach bhfuil ach ioncam neamhthuillte mar ioncam breise acu, faoi dhliteanas ranníoca ÁSPC a íoc ar an ioncam seo.

Rátaí Aicme ÁSPC K


Aicme M

Daoine nach bhfuil dliteanas ranníocaíochta ar bith acu, mar shampla:

  • fostaithe faoi 16 bliain d'aois
  • daoine atá in aois an phinsin (ar a n-áirítear iad san a bhí dlite cheana um Aicme S)
  • daoine a fhaigheann pinsin ghairme nó íocaíochtaí cnapshuime um fhoirceannadh (ar an gcuid sin den ioncam amháin)
  • daoine faoi Aicme K le dliteanas nialasach (sealbhóirí oifige phoiblí le hioncam seachtainiúil níos lú ná €100 in aghaidh na seachtaine).

Rátaí Aicme ÁSPC M


Aicme P

Scair-iascairí a aicmítear mar dhaoine féinfhostaithe agus a bhfuil ÁSPC á íoc acu cheana féin faoin Aicme S.

Rátaí Aicme ÁSPC P


Aicme S

Daoine féinfhostaithe, mar shampla, feirmeoirí, stiúrthóirí áirithe comhlachta, trádálaithe aonair agus daoine áirithe le hioncam ó infheistíochtaí, cíosanna agus cothabháil, sa chás gur €5,000 nó níos mó in aghaidh na bliana an t-ioncam ó gach foinse.

Rátaí Aicme ÁSPC S