Pacáiste Spreagthaí Mhí Iúil - An Choimirce Shóisialta
- Foilsithe: 23 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá caiteachas €2.3 billiún ar thacaíochtaí ioncaim agus fostaíochta mar chuid de Phacáiste Spreagthaí Mhí Iúil fógartha ag an Aire Humphreys
An Íocaíocht Dífhostaíochta um Paindéim Covid-19
Bhí sé beartaithe deireadh a bheith curtha leis an Íocaíocht Dífhostaíochta um Paindéim Covid-19 an 10 Lúnasa. Mar chuid de Phacáiste Spreagthaí Mhí Iúil, táthar chun an íocaíocht seo a shíneadh amach go dtí mí Aibreáin 2021.
Ní bheidh an íocaíocht ar fáil ach amháin d’éilitheoirí nua suas go dtí an 17 Meán Fómhair.
Beifear ag laghdú an ráta íocaíochta de réir a chéile idir seo agus mí Aibreáin 2021 tríd an ráta íocaíochta a nascadh leis an ráta réamhthuillimh.
Ón 17 Meán Fómhair ar aghaidh, beidh trí ráta íocaíochta ann:
Méid pá á thuilleamh ag an duine roimhe seo | Ráta in aghaidh na seachtaine |
faoi €200 in aghaidh na seachtaine | €203 |
idir €200 agus €300 in aghaidh na seachtaine | € 250 |
breis is €300 in aghaidh na seachtaine | €300 |
Beidh rátaí na hÍocaíochta Dífhostaíochta um Paindéim COVID-19 á gcoigeartú tuilleadh i mí Feabhra agus i mí Aibreáin 2021.
Bearta Tacaíochta Fostaíochta
Mar chuid de Phacáiste Spreagthaí Mhí Iúil, táthar chun 45,500 áit sa bhreis a chur leis na scéimeanna agus seirbhísí fostaíochta.
Cuimseofar leis sin:
- 10,000 áit bhreise le haghaidh Cláir Socrúcháin Oibre agus Cláir Taithí Oibre - Scéim Tacaíochta um an Ógfhostaíocht
- 12,500 áit bhreise don Deontas Tacaíochta Oiliúna agus méadú ann suas ó €500 go €1000
- 12,000 [internal-link19710 | Deontais Tacaíochta Fiontair] sa bhreis do dhaoine féinfhostaithe a fhaigheann Íocaíocht Dífhostaíochta um Paindéim COVID-19
- Fóirdheontais earcaíochta bhreise de chuid JobsPlus a íoctar leis an fhostóir chun thart ar 8,000 earcú nua a thógáil ón mBeo-Chlár
- 3,000 áit bhreise ar Scéimeanna Fostaíochta Stáit, mar shampla an Fhostaíocht Phobail agus Tús
- Mhéadaigh an acmhainneacht i ndáil le Seirbhísí Fostaíochta Poiblí (PES) atá ar fáil ó Intreo
- Rinneadh an Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas a shíneadh amach le bheith curtha ar fáil dóibhsean uile a fuair Íocaíocht Dífhostaíochta um Paindéim COVID-19
- beidh tacaíocht bhreise curtha ar fáil do chuardaitheoirí poist chun gnó nua a thosú leis an Liúntas Fiontair um Fhilleadh ar Obair
Beidh an roinn ag obair i gcomhar leis an Roinn Airgeadais freisin chun scéim nua Oibre Gearrthéarmach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, trí úsáid a bhaint as samhail an fhóirdheontais pá.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an preasráiteas.