Pinsean Stáit (Ranníocach) rátaí agus modhanna ríomha
- Foilsithe: 4 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Modhanna ríomha
- Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe
- Meán-Mhodh Bliantúil
- Do ráta de Phinsean Stáit (Ranníocach) a ríomh ó 2025
- Ráta pearsanta de Phinsean Stáit (Ranníocach) ag 66 bliain d’aois
- Ráta pearsanta de Phinsean Stáit (Ranníocach) idir aois 67 agus aois 70
- Rátaí de mhéaduithe lena bhféadfar ráta pearsanta a fhorlíonadh
- Rátaí liúntais
Tabhair faoi deara:
Rinneadh nuashonrú ar an leathanach seo leis na rátaí infheidhme ón 3 Eanáir 2025 a thaispeáint, agus a bhaineann leo siúd a cháilíonn do Phinsean Stáit (Ranníocach) ón 1 Meán Fómhair 2012.
Modhanna ríomha
Nuair a chuireann tú isteach d’fhoirm iarratais ar Phinsean Stáit (Ranníocach), déanfaidh an roinn do theidlíocht ar Phinsean Stáit (Ranníocach) a mheas ag baint úsáide as gach modh ríomha atá ar fáil lena chinntiú go n-íoctar an ráta is airde is féidir leat.
Má bhíonn rochtain agat ar do Phinsean Stáit (Ranníocach) roimh dheireadh 2024, déanfar do theidlíocht ar Phinsean Stáit (Ranníocach) a mheas ag baint úsáide as Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe (MRC) nó as Meán-Mhodh Bliantúil, agus íocfar an modh ríomha a bhaineann an ráta is tairbhiúla amach leat.
Ó 2025, cuirfear deireadh leis an Meán-Mhodh Bliantúil de réir a chéile thar thréimhse 10 mbliana. Déanfar na pinsin go léir a ríomh trí úsáid a bhaint as Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe faoi 2034. Le linn na tréimhse 10 mbliana seo, ríomhfar rátaí trí úsáid a bhaint as ‘Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe’ (MRC) is fearr amháin, nó chomhcheangal de chuid de MRC le cuid de Mheán Bliantúil chun an ráta iníoctha a mheas, agus íocfar an ráta is tairbhiúla leat.
Ní féidir leis an roinn tú a chuir ar an eolas maidir le do ráta Pinsean Stáit (Ranníocach) sula mbeidh d’fhoirm iarratais faighte againn.
Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe
Tá socrú Mhodh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe (MRC) i bhfeidhm ón 30 Márta 2018 agus tá sé infheidhme maidir leo siúd a bhfuil dáta breithe an 1 Meán Fómhair 1946 nó ina dhiaidh sin acu.
Tar éis na híoschritéir cáilíochta a chomhlíonadh, nuair a shocraítear ar an ráta íocaíochta, tá trí ghné ag baint leis an modh seo:
- líon iomlán na ranníocaíochtaí Árachais shóisialta (ÁSPC)
- Item was unpublished or removed a dhámhtar i leith am a chaitear ag tabhairt aire do leanaí dhá bhliain déag d’aois nó níos óige nó do dhuine a raibh leibhéal méadaithe cúraim de dhíth air/uirthi (uasmhéid de 1040 Tréimhsí Cúraim Baile)
- ranníocaíochtaí creidiúnaithe (creidmheasanna) a dhámhtar ar feadh thréimhsí nach bhfuil duine in ann obair a dhéanamh agus a n-éilíonn siad íocaíocht leasa shóisialaigh, mar shampla, Sochar Breoiteachta nó Sochar Cuardaitheora Poist (faoi réir uasmhéid 520 Ranníocaíocht Chreidiúnaithe)
Chun an t-uasráta íocaíochta de Phinsean Stáit (Ranníocach) faoin modh ríomha MRC a fháil, ní mór 2,080 ranníocaíocht ar a laghad (comhionann le 40 bliain) a bheith agat. Má fhaigheann tú an t-uasráta, níl aon ríomh sa bhreis de dhíth.
Má tá d’iomlán níos lú ná 2,080 ranníocaíocht, beidh do ráta mar chéatadán den uasráta pinsin.
Mar shampla:
Tá 965 ranníocaíocht ináirithe, 403 ranníocaíocht creidiúnaithe agus 205 tréimhsí Cúraim Baile ag Mary, ríomhfar a MRC mar a leanas:
965 + 403 + 205 = 1,573
1,573 ÷ 2,080 = 0.7562
0.7562 X 100 % = 75.62 %
Beidh Mary i dteideal 75.62% den uasráta iníoctha den Phinsean Stáit (Ranníocach).
Bunaithe ar rátaí 2025 is ionann sin agus €289.30 x 75.62% = €218.80 in aghaidh na seachtaine.
Meán-Mhodh Bliantúil
Tar éis na híoschritéir cháilíochta a chomhlíonadh, nuair a shocraítear ar an ráta íocaíochta ag baint úsáide as modh ríomha na Meáin Bhliantúil, tá trí ghné ag baint leis an modh seo:
- líon iomlán na Ranníocaíochtaí Árachais shóisialta (ÁSPC)
- ranníocaíochtaí creidiúnaithe (creidmheasanna) a dhámhtar ar feadh thréimhsí nuair nach bhfuil duine in ann obair a dhéanamh agus a n-éilíonn siad íocaíocht leasa shóisialaigh mar shampla, Sochar Breoiteachta nó Sochar Cuardaitheora (níl uasteorainn ar an méid creidmheasa is féidir a úsáid sa ríomh)
Déantar do Mheán Bliantúil a ríomh trí ranníocaíochtaí árachais shóisialta, lena n-áirítear na cinn creidiúnaithe agus na cinn iníoctha, agus iad sin a roinnt ar líon na mblianta idir iontráil sa chóras Árachais Shóisialta agus aois 66 a bhaint amach, nó, má rugadh tú ar an 1 Eanáir 1958 nó ina dhiaidh sin, an bhliain gur thosaigh tú ag fáil do Phinsean Stáit (Ranníocach).
Má tá tú cáilithe don Scéim um Chúramaí Baile, d’am a chaith tú ag tabhairt cúraim do leanbh/leanaí dhá bhliain déag d’aois nó níos óige ag an am gur tugadh an cúram, nó ag tabhairt cúraim do dhuine a raibh leibhéal méadaithe cúraim de dhíth orthu, is féidir neamhaird a thabhairt ar bhliain chánach iomlán caite mar chúramaí baile sa ríomh den Mheán Bliantúil do Phinsean Stáit (Ranníocach).
Treoróidh do Mheán Bliantúil an ráta íocaíochta a gheobhaidh tú, leis an uasráta pinsin iníoctha le duine ag a bhfuil Meán Bliantúil de 48 ar a laghad, agus an íocaíocht íosta á híoc le duine a bhfuil meán bliantúil de 10 ar a laghad aige nó aici.
Mar shampla:
Tá 1230 ranníocaíocht ináirithe agus 39 ranníocaíocht creidiúnaithe thar tréimhse 50 bliain ag Martin, agus ríomhfar a Mheán Bliantúil mar a leanas:
1230 + 39 = 1269
1269 ÷ 50 = 25
Tá meán bliantúil Martin idir 20 – 29 agus bunaithe ar rátaí 2025 thabharfadh sé seo ráta seachtainiúil €€246.30 dó.
Do ráta de Phinsean Stáit (Ranníocach) a ríomh ó 2025
Ó 2025, cuirfear deireadh leis an Meán-Mhodh Bliantúil de réir a chéile thar thréimhse 10 mbliana. Déanfar na pinsin go léir a ríomh trí úsáid a bhaint as Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe faoi 2034.
Le linn na hidirthréimhse 10 mbliana, ríomhfar an ráta de Phinsean Stáit (Ranníocach) iníoctha ag úsáid dhá mhodh:
Modh 1: Bainfear úsáid as Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe chun ráta íocaíochta a chinneadh. Má fhaigheann tú an t-uasráta ranníocaigh Pinsin Stáit ag úsáid an ríomha seo, níl aon ríomh sa bhreis de dhíth.
Dá ngeofá níos lú ná an t-uasráta Pinsn Stáit (Ranníocach) ag úsáid an MRC, measfaidh an Roinn ráta ag úsáid Modh 2.
Modh 2: Cinnfear ráta íocaíochta trí úsáid a bhaint as ríomh Mheán Bliantúil. Comhcheanglófar cuid den ráta Mheán Bliantúil seo le cuid den ráta MRC chun ráta an Phinsin Stáit Ranníocach iníoctha leat a chinneadh.
Tar éis an toraidh de Mhodh 1 agus de Mhodh 2 a chur i gcomparáid, dámhfar an ráta is tairbhiúla ort.
Chun críocha de ríomh Mhodh 2, bainfear úsáid as an gcuid den ráta MRC go ráta Mheán Bliantúil chun an ráta iarbhír den Phinsean Stáit a fháil amach.
Cinnfear ranníocach iníoctha tríd an mbliain a chinneann tú do phinsean a éileamh, mar a leagtar amach thíos:
An Bhliain go dtarraingíonn tú anuas ar do phinsean | An céatadán ríofa trí úsáid a bhaint as “Meán Bliantúil” | Móide, an céatadán ríomha trí úsáid a bhaint as Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe (MRC) |
2025 | 90% | 10% |
2026 | 80% | 20% |
2027 | 70% | 30% |
2028 | 60% | 40% |
2029 | 50% | 50% |
2030 | 40% | 60% |
2031 | 30% | 70% |
2032 | 20% | 80% |
2033 | 10% | 90% |
2034 | 0% | 100% |
Ráta pearsanta de Phinsean Stáit (Ranníocach) ag 66 bliain d’aois
Is é uasráta an Phinsin Stáit (Ranníocach) ná €289.30.
Baineann an ráta seo le gach Iarrthóir ar Phinsean Stáit (Ranníocach) a rugadh roimh an 1 Eanáir 1958, agus leis na hiarrthóirí a rugadh ar an 1 Eanáir 1958 nó ina dhiaidh sin, agus go roghnaíonn siad a bPinsean Stáit (Ranníocach) a fháil ag aois 66.
Le haghaidh dámhachtainí ráta laghdaithe, beidh Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe ag ráta pro rata ag brath ar líon na ranníocaíochtaí atá agat, áit a bhfuil na ranníocaíochtaí sin níos lú ná 2080 ranníocaíocht, agus tá bandaí ráta ar leith ag modh an Mheáin Bhliantúil,
Dámhfaidh an roinn an ráta is fabhraí duit i gcónaí, tar éis na ríomhanna éagsúla a mheas.
Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe (PSR) | Ráta Seachtainiúil Pearsanta | |
2,080 nó os a chionn | €289.30 | |
Meán-Mhodh Bliantúil (PSR) | Ráta Seachtainiúil Pearsanta | |
48 nó níos mó ná | €289.30 | |
40-47 | €283.70 | |
30-39 | €260.10 | |
20-29 | €246.30 | |
15-19 | €188.50 | |
10-14 | €115.60 |
Ráta pearsanta de Phinsean Stáit (Ranníocach) idir aois 67 agus aois 70
Má rugadh tú ar an 1 Eanáir 1958 nó ina dhiaidh sin, is féidir leat aon teidlíocht ar Phinsean Stáit (Ranníocach) atá agat a éileamh ar aon dáta idir 66 agus 70 bliain d’aois.
Má fhaigheann tú do Phinsean Stáit (Ranníocach) i ndiaidh aois a 67, ríomhfar do ráta íocaíochta ag baint úsáide as méadú i leith ráta íocaíochta ar bhonn achtúireach, ag brath ar d’aois nuair a fhaigheann tú do Phinsean Stáit Ranníocach.
Is é uasráta an Phinsin Stáit (Ranníocach) an ráta cuí a bhaineann le 2080 ranníocaíocht do ríomh MRC, nó Meán-Bhliantúil de 48 nó níos mó na sin ar a laghad, mar a leagtar síos sna táblaí thíos do gach aois.
Le haghaidh dámhachtainí ráta laghdaithe, beidh Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe ag ráta pro rata ag brath ar líon na ranníocaíochtaí atá agat, áit a bhfuil na ranníocaíochtaí sin níos lú ná 2080 ranníocaíocht, agus tá bandaí ráta ar leith ag modh an Mheáin Bhliantúil,.
Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe (PSR) | Aois Ráta 67 | Aois Ráta 68 | Aois Ráta 69 | Aois Ráta 70 |
2,080 nó níos mó ná | €302.90 | €317.90 | €334.10 | €351.80 |
Rátaí de mhéaduithe lena bhféadfar ráta pearsanta a fhorlíonadh
D’fhéadfá a bheith i dteideal ar mhéadú ar do ráta pearsanta den Phinsean Stáit (Ranníocach) ag brath ar do chúinsí.
Méaduithe: | Ráta Seachtainiúil |
Méadú do Mhaireachtáil Aonair | €22.00 |
Méadú breise do dhaoine atá 80 bliain d’aois nó níos sine | €10.00 |
Méadú do dhaoine a chónaíonn ar oileáin áirithe amach ón gcósta | €20.00 |
Rátaí liúntais
D’fhéadfá a bheith incháilithe chun iarratas a chur isteach ar liúntas, chomh maith le Ráta Pearsanta den Phinsean Stáit (Ranníocach), faoi réir na critéir cháilíochta a chomhlíonadh:
Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe
Baineann an ráta do Mhéadú i leith Duine Fásta Cáilithe iníoctha leis an ráta pearsanta den ráta Phinsean Stáit Ranníocach a dámhadh. Íocfar é go díreach chuig do chleithiúnaí fásta go huathoibríoch. Féadfaidh do chleithiúnaí fásta rogha a dhéanamh go n-íocfaí é le d’íocaíocht ina ionad sin.
Modh na Ranníocaíochta Comhiomlánaithe (PSR) | Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe faoi 66 | Méadú i leith Duine Fásta ag Aois 66 nó níos sine ná sin |
2,080 nó os a chionn | €192.70 | €259.40 |
Meán-Mhodh Bliantúil (PSR) | Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe faoi 66 | Méadú i leith Duine Fásta ag Aois 66 agus níos sine |
48 nó os a chionn | €184.70 | €248.60 |
40-47 | €175.80 | €236.10 |
30-39 | €167.20 | €223.90 |
20-29 | €156.50 | €210.70 |
15-19 | €120.40 | €161.40 |
10-14 | €73.40 | €99.90 |
Méadú do Leanbh Cáilithe
Féadfaidh tú méadú seachtainiúil a fháil do gach leanbh cáilithe má fhaigheann tú méadú um dhuine fásta cáilithe, nó más tuismitheoir aonair tú. Mura gcáilíonn tú do mhéadú um dhuine fásta cáilithe, féadfaidh tú méadú leath-ráta um leanbh cáilithe a fháil.
Méaduithe: | Ráta seachtainiúil | |
Gach leanbh cáilithe d’aois | Faoi dhá bhliain déag d’aois | Dhá bhliain déag d’aois agus níos sine |
Ráta iomlán | €50.00 | €62.00 |
Leath-ráta | €25.00 | €31.00 |
Liúntas Breosla
Is é €33 an ráta seachtainiúil íocaíochta faoi láthair le linn shéasúir an Liúntais Bhreosla, rud a tharlaíonn de ghnáth ó dheireadh Mheán Fómhair go dtí Aibreán.
Is féidir le daoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe rogha a dhéanamh a Liúntas Breosla a fháil in dhá thráthchuid. Íoctar an chéad tráthchuid ag tús shéasúr an Liúntais Bhreosla agus íoctar an dara ceann i mí Eanáir.
Liúntas Tacaíochta Teileafóin
Íoctar an Liúntas Tacaíochta Teileafóin go huathoibríoch le daoine a bhfuil an Méadú do Mhaireachtáil Aonair agus Liúntas Breosla á fháil acu.
Íoctar é ag ráta aonair €2.50 in aghaidh na seachtaine.