Rátaí Íocaíochta Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19
- Foilsithe: 23 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Rátaí ón 16 Deireadh Fómhair 2020
- Rátaí íoctha tar éis an 7 Meán Fómhair 2021
- Rátaí ón 16 Samhain 2021
- Rátaí ón 8 Feabhra 2022
- Teagmháil
Tá Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 (PUP) dúnta anois d'iarrthóirí nua.
Mar chuid de Phlean Téarnaimh Eacnamaíochta Náisiúnta an Rialtais leanfar le hÍocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 a íoc leo siúd a bhfuil an íocaíocht á fáil acu cheana féin.
Má tá Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 á fáil agat agus má tá tú incháilithe go fóill - leanfar leis an íocaíocht a íoc leat.
Rátaí ó Mhárta 2020
Íocadh Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 ar bhunráta.
Rátaí ón 29 Meitheamh 2020
Ón 29 Meitheamh 2020 go dtí an 16 Meán Fómhair 2020, íocadh Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 ar dhá ráta.
Bhí an ráta a fuair tú ag brath ar an méid a íocadh leat roimhe seo:
- má thuill tú níos lú ná €200 in aghaidh na seachtaine, b'ionann an ráta íocaíochta agus €203 in aghaidh na seachtaine
- má thuill tú €200 nó níos mó in aghaidh na seachtaine, d'fhan an ráta íocaíochta ag €350 in aghaidh na seachtaine
Rátaí ón 17 Meán Fómhair 2020
Ón 17 Meán Fómhair 2020 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2020, íocadh Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 ar 3 ráta.
Bhí an ráta a fuair tú ag brath ar an méid a íocadh leat roimhe seo:
- má thuill tú níos lú ná €200 in aghaidh na seachtaine - b'ionann an ráta íocaíochta agus €203 in aghaidh na seachtaine
- má thuill tú idir €200 agus €300 in aghaidh na seachtaine - b'ionann an ráta íocaíochta agus €250 in aghaidh na seachtaine
- má thuill tú os cionn €300 in aghaidh na seachtaine - b'ionann an ráta íocaíochta agus €300 in aghaidh na seachtaine
- d’fhill an ráta do Dhuine Fásta Cáilithe dóibh siúd a bhfuil Sochar Cuardaitheora Poist nó Sochar Breoiteachta á íoc leo ar a ghnáthleibhéal €134.70 ón tseachtain dar tús an 28 Meán Fómhair 2020.
Rátaí ón 16 Deireadh Fómhair 2020
Ón 16 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 7 Meán Fómhair 2021 íoctar Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 ar 4 ráta:
Bhí an ráta a fuair tú ag brath ar an méid a íocadh leat roimhe seo:
- má thuill tú níos lú ná €200 in aghaidh na seachtaine - b'ionann an ráta íocaíochta agus €203 in aghaidh na seachtaine
- má thuill tú idir €200 agus €299.99 in aghaidh na seachtaine - €250 in aghaidh na seachtaine a bhí sa ráta íocaíochta
- má thuill tú idir €300 agus €399.99 in aghaidh na seachtaine, €300 in aghaidh na seachtaine a bhí sa ráta íocaíochta
- má thuill tú €400 nó níos mó in aghaidh na seachtaine - €350 in aghaidh na seachtaine a bhí sa ráta íocaíochta
Ón 8 Iúil 2021
- Tá Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 dúnta anois d'iarrthóirí nua.
Ón 7 Meán Fómhair 2021
- Eisíodh íocaíocht dheireanach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 do mhic léinn an 7 Meán Fómhair 2021
Rátaí íoctha tar éis an 7 Meán Fómhair 2021
- má thuill tú níos lú ná €200 in aghaidh na seachtaine agus má bhí tú ar an ráta íocaíochta €203 suas go dtí an 7 Meán Fómhair 2021 bhí an próiseas chun aistriú chuig íocaíocht cuardaitheora poist le tosú go luath i mí Mheán Fómhair. Tá sé seo curtha siar go dtí tar éis do gach earnáil tosú ag athoscailt de réir Treochlár an Rialtais a fógraíodh Dé Máirt an 31 Lúnasa. Má íoctar tú ag an ráta seo leanfaidh tú d’íocaíocht PUP a fháil go dtí an 26 Deireadh Fómhair 2021 má tá tú incháilithe. Ag an bpointe sin cuirfear tús le próiseas d’aistriú féideartha chuig íocaíocht cuardaitheora poist.
- má thuill tú idir €200 agus €299.99 in aghaidh na seachtaine - €203 in aghaidh na seachtaine a bheidh sa ráta íocaíochta
- má thuill tú idir €300 agus €399.99 in aghaidh na seachtaine - €250 in aghaidh na seachtaine a bheidh sa ráta íocaíochta
- má thuill tú €400 nó níos mó in aghaidh na seachtaine - €300 in aghaidh na seachtaine a bheidh sa ráta íocaíochta
Rátaí ón 16 Samhain 2021
- má thuill tú idir €200 agus €299.99 in aghaidh na seachtaine agus má bhí ráta íocaíochta €203 á fháil agat a fhad leis an 9 Samhain, tosófar le thú a aistriú chuig téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist.
- má thuill tú idir €300 agus €399.99 in aghaidh na seachtaine - €203 in aghaidh na seachtaine a bheidh sa ráta íocaíochta
- má thuill tú €400 nó níos mó in aghaidh na seachtaine - €250 in aghaidh na seachtaine a bheidh sa ráta íocaíochta
Rátaí ón 8 Feabhra 2022
- má thuill tú €400 nó níos mó in aghaidh na seachtaine - €203 in aghaidh na seachtaine a bheidh sa ráta íocaíochta
- Tosófar le gach faighteoir eile Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 a aistriú chuig téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist.
Tuilleadh Eolais ar athruithe ar Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19
Teagmháil
Má theastaíonn tuilleadh eolais nó cúnamh uait, déan teagmháil le do thoil le:
National Intreo Contact Centre
- Teileafón:
-
0818 405060