Rátaí Aicme ÁSPC A
- Foilsithe: 4 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Eanáir 2025
Aicmeofar fostaithe sna fostaíochtaí seo a leanas in ÁSPC Aicme A:
- Daoine atá i bhfostaíocht thionsclaíoch, thráchtála agus sheirbhísbhunaithe atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse agus a bhfuil ioncam ináirithe €38 nó níos mó in aghaidh na seachtaine acu óna gcuid fostaíochtaí ar fad; agus
- Státseirbhísigh agus Seirbhísigh Phoiblí a earcaíodh ón 6 Aibreán 1995.
Íocfaidh na fostaithe seo an ráta sa tábla thíos.
Aicme A ón 1 Eanáir 2023 Gach ioncam
Banda ioncaim sheachtainiúil | Fo-aicme ÁSPC | Cé mhéad den ioncam seachtainiúil | Fostaí %(*) | Fostóir % |
€38 - €352 | A0 | Ar fad | Náid | 8.80 |
€352.01 - €424(**) | AX | Ar fad | 4.00 | 8.80 |
€424.01 - €441(**) | AL | Ar fad | 4.00 | 8.80 |
Níos mó ná €441 | A1 | Ar fad | 4.00 | 11.05 |
Rannpháirtithe Fostaíochta Pobail amháin
Banda ioncaim sheachtainiúil | Fo-aicme ÁSPC | Cé mhéad den ioncam seachtainiúil | Fostaí %(*) | Fostóir % |
Suas le €352 | A8 | Ar fad | Náid | 0.50 |
Níos mó ná €352(**) | A9 | Ar fad | 4.00 | 0.50 |
*** Tá Creidmheas ÁSPC fostaithe barrchaolaithe €12 in aghaidh na seachtaine infheidhme do thuilleamh idir €352.01 agus €424
(*)D’fhéadfadh luach saothair atá bunaithe ar scaireanna a bheith faoi réir ag ÁSPC fostóra i gcásanna áirithe. Ní ghearrtar ÁSPC fostóra ar luach saothair scairbhunaithe.
Sochair Aicme A
- Sochar Uchtaíoch
- Sochar Cúramóra
- Íocaíocht Caomhnóra Ranníocach
- Sochar Sábháilteachta agus Sláinte
- Sochar Breoiteachta
- Pinsean Easláine
- Sochar Cuardaitheora Poist
- Sochar Máithreachais
- Sochair Dhíobhálacha Ceirde
- Sochar do Thuismitheoirí
- Sochar Cumais Pháirtigh
- Sochar Atharthachta
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Sochar Cóireála
- Pinsean Ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh.