English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Samplaí do Iomarcaíocht a Ríomh



Sampla 1: Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta a ríomh

Tá Joe 44 bliain d’aois. Thosaigh sé ag obair lena fhostóir ar an 27/01/1998 agus cuireadh ar iomarcaíocht é ar an 01/03/2021. Ní raibh aon sos i seirbhís lena fhostóir ag Joe le linn na tréimhse seo. Ba é ollphá seachtainiúil Joe ná €600.

Líon na mblianta seirbhíse: 23.11 (23 bliana agus 40 lá)
Seachtainí dlite faoin scéim: 47.22 (2 sheachtain sa bhliain chomh maith le 1 seachtain bónais)
Teorainn pá faoin Scéim: €600 in aghaidh na seachtaine
Teidlíocht iomarcaíocht reachtúil: 47.22 x €600 = €28332.00
Gheobhaidh Joe €28,332 faoin scéim seo.

Sampla 2: Fostaíocht roimh aois 16 bliana

Rugadh John ar an 14/08/1999 agus thosaigh sé ag obair lena fhostóir ar an 14/08/2013 agus é 14 bliana d’aois. Cuireadh John ar iomarcaíocht ar an 29/11/21 agus ba é a ollphá seachtainiúil ná €450.

Níl tréimhse fostaíochta John idir 14/08/2013 agus 13/08/2015, nuair a bhí sé faoi bhun 16 bliana d’aois, san áireamh sa ríomh iomarcaíochta faoin scéim seo.

Líon na mblianta seirbhíse: 6.3 (6 bliana agus 110 lá)
Seachtainí dlite faoin scéim: 13.6 (2 sheachtain sa bhliain chomh maith le 1 seachtain bónais)
Teorainn pá faoin scéim: €450 in aghaidh na seachtaine
Teidlíocht iomarcaíocht reachtúil: 13.6 x €450 = €6120.00
Gheobhaidh John €6,120.00 faoin Scéim seo.

Ní chuirtear seirbhís faoi aois 16 bliana san áireamh.


Sampla 3: Ollphá seachtainiúil caidhpeáilte ag €600

Thosaigh June ag obair ar 29/01/2001, thug a fostóir fógra maidir le foirceannadh di ar 15/01/2021 agus a cuireadh ar iomarcaíocht í ar an 29/01/2021. Ba é ollphá seachtainiúil June ná €761.92. Faoin scéim seo tá ollphá seachtainiúil June caidhpeáilte ag €600.

Líon na mblianta seirbhíse: 20.02 (20 bliain agus 6 lá)
Seachtainí dlite faoin Scéim: 41.04 (2 sheachtain sa bhliain chomh maith le 1 seachtain bónais)
Teorainn pá faoin Scéim: €600 in aghaidh na seachtaine (uasmhéid ceadaithe)
Teidlíocht iomarcaíocht reachtúil: 41.04 x €600 = €24624.00
Gheobhaidh June €24,624.00 faoin Scéim seo.

Pá caidhpeáilte ag €600.


Sampla 4: Seirbhís ináirimh a áireamh nuair a bhí neamhláithreacht ón obair

Thosaigh Vanessa ag obair ar an 09/12/2004, thug a fostóir fógra maidir le foirceannadh di ar an 15/01/2021 agus cuireadh ar iomarcaíocht í ar an 29/01/2021. Ba é ollphá seachtainiúil Vanessa ná €446.69. Bhain neamhláithreacht le Vanessa maidir le saoire mháithreachais ó 22/07/2018 go 19/01/2019 (182 lá).

Líon na mblianta seirbhíse (neamhláithreacht san áireamh)): 16.15 (16 bliana agus 56 lá)
Seachtainí dlite faoin scéim: 33.3 (2 sheachtain sa bhliain chomh maith le 1 seachtain bónais)
Teorainn pá faoin Scéim: €446.69 in aghaidh na seachtaine
Teidlíocht iomarcaíocht reachtúil: 33.3 x €446.69 = €14,874.78
Gheobhaidh Vanessa €14,874.78 faoin Scéim seo.

Tá go leor neamhláithreachtaí san áireamh agus seirbhís ináirimh á ríomh. Sa chás seo ní chuireann an neamhláithreacht maidir le saoire mháithreachais (arna ríomh ag fad 182 lá) isteach ar iomarcaíocht á ríomh faoin scéim seo.


Sampla 5: Seirbhís ináirimh fágtha amach ón ríomh

Thosaigh Vanessa ag obair ar an 09/12/2004, thug a fostóir fógra maidir le foirceannadh di ar an 15/01/2021 agus cuireadh ar iomarcaíocht í ar an 29/01/2021. Ba é ollphá seachtainiúil Vanessa ná €446.69. Bhain neamhláithreacht le Vanessa i dtaca le scaoil chun bealaigh ón 22/07/2018 go 19/01/2019 (182 lá).

Líon na mblianta seirbhíse (taobh amuigh de sheirbhís neamh-ináirimh): 15.65 (15 bliana agus 239 lá)
Seachtainí dlite faoin scéim: 32.3 (2 sheachtain sa bhliain chomh maith le 1 seachtain bónais)
Teorainn pá faoin Scéim: €446.69 in aghaidh na seachtaine
Teidlíocht iomarcaíocht reachtúil: 32.3 x €446.69 = €14428.09
Gheobhaidh Vanessa €14,428.09 faoin Scéim seo.

Tá neamhláithreacht Vanessa mar gheall ar scaoil chun bealaigh (arna á ríomh ag 182 lá). Is seirbhís neamh-ináirimh í an neamhláithreacht seo mar gheall ar Scaoil chun Bealaigh agus fágtar í as an áireamh agus iomarcaíocht á ríomh faoin scéim seo. Baineann difríocht de €446.75 idir sampla 4 agus sampla 5 cé go raibh an dáta tosaigh agus an dáta deiridh mar a chéile.

Fágtar roinnt neamhláithreachtaí amach má tharla siad le 3 bliana fostaíochta anuas

  • Scaoil chun bealaigh ag an bhfostóir
  • Stailc
  • Neamhláithreacht de níos mó ná 52 seachtain mar gheall ar timpiste nó galar ceirde
  • Neamhláithreacht de níos mó ná 26 seachtain as a chéile mar gheall ar bhreoiteacht eile