English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta Tuilleadh Faisnéise


Seo a leanas tuilleadh faisnéise ar Redundancy Payments Scheme


Saoire Mháithreachais

Ní féidir fógra a thabhairt d'fhostaí atá ar Saoire Mháithreachais nó ar Saoire Mháithreachais Bhreise go bhfuil siad á ndéanamh iomarcach. Caithfidh fostóirí an gnó a choinneáil ar siúl go dtí go mbeidh an tsaoire mháithreachais críochnaithe agus ansin fógra a thabhairt don fhostaí.


Printíseachtaí

Níl iomarcaíocht i gceist má chuir an fostóir deireadh leis an bhfostaíocht laistigh de mhí amháin ó dheireadh na printíseachta.

Má lean an fhostaíocht ar aghaidh ar feadh níos mó ná mí tar éis dheireadh na printíseachta, is iomarcaíocht é sin. Cuirtear fad na printíseachta (os cionn 16 bliana d’aois) san áireamh maidir leis an tseirbhís a ríomh.

Má dhéantar printíseach iomarcach le linn na printíseachta, féadfaidh siad cáiliú le haghaidh íocaíochta iomarcaíochta.


Coinníollacha Oibre

De ghnáth, i gcás go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha a ofráiltear difriúil ó théarmaí an phoist atá ann cheana féin, caithfidh an ofráil a bheith ina “fostaíocht oiriúnach” don fhostaí sin. Seachas sin b'fhéidir go bhfuil cás iomarcaíochta i gceist i.e. i gcás ina bhfuil athrú suntasach ar théarmaí agus ar choinníollacha fostaíochta.

Má éilíonn an fostaí go ndéanfaí iomarcach é/í de bharr athrú ar choinníolacha oibre, ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra riachtanach.


Uaireanta Oibre - Asleagan nó Am Gearr

Má dhéantar fostaí a asleagan nó a chur ar ghearr ama ar feadh níos mó ná:

  • Ceithre seachtaine leanúnacha
  • Sé seachtaine neamh-leanúnacha laistigh de thréimhse trí seachtaine dhéag

D’fhéadfadh go mbeadh an fostaí i dteideal éileamh a dhéanamh ar íocaíocht iomarcaíochta ar choinníoll nach gcuireann an fostóir i gcoinne an éilimh trí fhostaíocht leanúnach 13 seachtaine a ofráil.

Má éilíonn an fostaí go ndéanfaí iomarcach de bharr athrú ar uaireanta oibre, ghéilleann sé/sí an tréimhse fógra riachtanach.

Cuireadh socruithe speisialta i bhfeidhm le linn paindéime Covid-19. Le linn na tréimhse seo níl fostaí i dteideal íocaíocht iomarcaíochta a lorg óna bhfostóir mar thoradh ar a bheith asleagtha go sealadach. Cuimsíodh an t-athrú seo in Alt 29 den Bhille um Bearta Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail 2020.


Oibrithe Gníomhaireachta

Má tá fostaí á íoc ag gníomhaireacht ansin is í an ghníomhaireacht atá freagrach as an íocaíocht iomarcaíochta a íoc.


Leachtú/Glacadóireacht

Má bhíonn deacrachtaí airgeadais ag an gcuideachta féadfaidh na cúirteanna Leachtaitheoir, Glacadóir nó Scrúdaitheoir a cheapadh. Glacfaidh siad áit d’fhostóra agus déileálfaidh siad le haon teidlíochtaí nár íocadh go fóill. Déanfaidh siad iarratas leis an Rannóg Íocaíochtaí Iomarcaíochta mura bhfuil aon chistí ann chun íocaíochtaí iomarcaíochta a dhéanamh.


Caidreamh san Ionad Oibre/Iomarcaíocht

Ní féidir cnapshuim iomarcaíochta agus cúiteamh as dífhostú éagórach a íoc le fostaí de bharr cás a thabhairt chuig an gCoimisiún Caidrimh san Ionad Oibre, caithfear an fostaí a dhéanamh iomarcach nó bristear as a p(h)ost é/í.


Athrú Úinéireachta

Má athraíonn an t-úinéir nó an fostóir ach má leanann an fostaí den phost chéanna a dhéanamh faoi théarmaí agus faoi choinníollacha comhchosúla, is aistriú atá i gceist. I gcásanna den sórt sin ní iomarcaíocht atá i gceist. Leanann an fostaí ar aghaidh lena f(h)ostaíocht leis an bhfostóir nua. Áireofar an tréimhse a oibríodh don dá fhostóir mar sheirbhís má tharlaíonn iomarcaíocht níos déanaí.

I roinnt cásanna, athróidh an post agus na téarmaí agus coinníollacha faoin bhfostóir nua agus d’fhéadfadh go mbeadh an fostaí i dteideal íocaíocht iomarcaíochta a éileamh ansin.


Teagmháil

Redundancy and Insolvency Payments Unit

Seoladh:
Redundancy and Insolvency Payments Unit, Gandon House, Amiens Street, Dublin 1, D01 A361.
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

redundancypayments@welfare.ie

insolvencypayments@welfare.ie

Teileafón:
0818 111112
Achoimre:
If contacting this unit by phone, please choose option 4.