Seicliosta cáipéisíochta nuair atá iarratas a dhéanamh agat ar Shochar Cuardaitheora Poist
- Foilsithe: 5 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Réamhrá
- Fianaise Aitheantais
- Fianaise ar Sheoladh
- Sa chás go gcuirtear ar iomarcaíocht tú
- Sa chás go bhfuil tú á leagan as
- Má tá do laethanta oibre á laghdú
Réamhrá
Nuair a chuireann tú iarratas isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist, ní mór duit cáipéisí ar leith a thabhairt leat.
Fianaise Aitheantais
Glactar le do phas nó do cheadúnas tiomána mar fhianaise aitheantais.
Mura bhfuil pas nó ceadúnas tiomána agat, ba chóir duit cáipéisí eile atá agat a thabhairt leat, cáipéis ar bith ar a bhfuil grianghraf díot inti ach go háirithe.
D'fhéadfadh go nglacfaí leis na cáipéisí seo a leanas chomh maith: cárta creidmheasa, cárta dochair, cárta leighis, cárta aitheantais aoise, cárta aitheantais oibre, cárta ballraíochta club.
Ní ghlactar leis na nithe seo a leanas mar fhianaise aitheantais:
- Teastais bhreithe nó bhaiste
- Billí nó litreacha pearsanta
Ní féidir cinneadh a dhéanamh maidir le d'iarratas go dtí gur féidir d'aitheantas a chruthú
Fianaise ar Sheoladh
D'fhéadfaí go n-iarrfaí ort fianaise ar do sheoladh a thaispeáint. Ba chóir duit aon cheann de na cáipéisí seo a leanas a thabhairt leat:
- Billí a seoladh chugat le déanaí, ó chomhlachtaí fóntais mar shampla; leictreachas, fón (líne talún nó fón póca), gás, teilifís chábla, muirir dramhaíola srl.
- Ráitis/comhfhreagrais a seoladh chugat le déanaí, ó bhainc, cumainn fhoirgníochta, comhair chreidmheasa, comhlachtaí cártaí creidmheasa nó institiúidí airgeadais eile
- Litreacha a seoladh chugat le déanaí, ó chomhlachtaí árachais, údaráis áitiúla, ranna rialtais nó ó na Coimisinéirí Ioncaim
- Leabhar cíosa údaráis áitiúil, comhaontú morgáiste nó léasaithe
Nóta: is éard is cáipéis a eisíodh le déanaí ná cáipéis ar eisíodh í le 2 mhí anuas. Is gá go mbeadh na doiciméid bhunaidh amháin i gceist, ní ghlacfar le cóipeanna de na doiciméid.
Má tá amhras maidir le do sheoladh, ní íocfar Sochar Cuardaitheora Poist leat go dtí go ndéanfar do sheoladh a chruthú.
Ní mór duit na doiciméid agus an t-eolas seo a leanas a thabhairt leat chomh maith:
Nuair a chuireann tú iarratas isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist, ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat:
- Do Chárta Seirbhísí Poiblí (mura bhfuil cárta agat, iarrfar ort clárú chun cárta a fháil agus tú ag cur isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist)
- D’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí
- Sonraí maidir leis an bhfáil atá ort chun a bheith ag obair agus maidir le hiarrachtaí ar bith atá déanta agat chun fostaíocht a lorg. Litreacha, mar shampla, a sheol tú chuig fostóirí agus freagraí ar bith a fuair tú
- Sonraí ioncaim
- Sonraí ioncam do chéile/do pháirtí (más cuí)
- Sonraí faoi do leanaí
- Fianaise aitheantais - tuilleadh eolais thíos
- Fianaise ar do sheoladh - tuilleadh eolais thíos
Sa chás go gcuirtear ar iomarcaíocht tú
Má chuirtear ar iomarcaíocht tú, ní mór duit cáipéisíocht a thabhairt leat ina sonraítear d'íocaíocht iomarcaíochta. Má tá tú le híocaíocht ar luach níos airde ná an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta a fháil, ba chóir duit litir a thabhairt leat ó d'fhostóir ina sonraítear an méid íocaíochta iomarcaíochta atá á bhfáil agat. Má tá d'iarratas ar íocaíocht iomarcaíochta i mbun socraithe, ba chóir duit iarratas a chur isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist fós. Nuair a gheobhaidh tú d'íocaíocht iomarcaíochta, ní mór duit scéal a chur chuig an tIonad Intreo áitiúil nó chuig an Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.
Sa chás go bhfuil tú á leagan as
Má tá tú á leagan as ar bhonn sealadach, ní mór duit litir a thabhairt leat ó d'fhostóir ina sonraítear na nithe seo a leanas:
- Gur leagadh as tú gan pá
- An lá deireanach inar oibrigh tú
- Céard is cúis leis an leagan as
- An tréimhse ama ina bhfuiltear ag súil go mbeidh tú leagtha as
Má tá do laethanta oibre á laghdú
Má tá do laethanta oibre á laghdú, ní mór duit litir a thabhairt leat ó d'fhostóir ina sonraítear na nithe seo a leanas:
- Gur laghdaíodh do laethanta oibre ar bhonn sealadach
- Cé mhéad laethanta oibre a bhíodh agat in aghaidh na seachtaine
- Cé mhéad laethanta oibre a bhíonn agat in aghaidh na seachtaine anois
- Laghdú do phá