Seicliosta de na doiciméid atá ag teastáil chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist
- Foilsithe: 5 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 7 Nollaig 2023
- Réamhrá
- Fianaise ar aitheantas
- Fianaise ar sheoladh
- Má leagtar as tú
- Má tá laghdú tagtha ar líon do laethanta oibre
Réamhrá
Agus iarratas á dhéanamh ar Liúntais Cuardaitheora Poist, caithfear doiciméid ar leith a thabhairt isteach leat.
Fianaise ar aitheantas
Is féidir do phas nó do cheadúnas tiomána a thaispeáint mar fhianaise ar aitheantas.
Mura bhfuil pas ná ceadúnas tiomána agat, ba cheart doiciméad ar bith eile atá agat a thabhairt isteach, doiciméad ar a bhfuil do ghrianghraf más féidir.
Seans go mbeidh na doiciméid seo a leanas sásúil freisin: cárta creidmheasa, cárta dochair, cárta leighis, cárta aitheantais aoise, cárta aitheantais oibre, cárta ballraíochta club.
Ní ghlacfar leis na doiciméid seo a leanas mar fhianaise ar aitheantais:
- Teastas Breithe/Baiste
- Billí nó litreacha pearsanta
Ní féidir cinneadh a dhéanamh ar éileamh ar bith go dtí go bhfuiltear tar éis an t-aitheantas a chruthú.
Fianaise ar sheoladh
Féadfar go n-iarrfaí ort fianaise ar do sheoladh a chur ar fáil. Ba cheart duit aon cheann de na doiciméid seo a leanas atá agat a thabhairt leat:
- Billí a fuarthas le déanaí ó chuideachtaí fóntais, e.g. leictreachas, teileafón (líne thalún nó fón póca), gás, teilifís chábla, muirir dramhaíola, etc.
- Ráitis/litreacha a fuarthas le déanaí ó bhanc / cumann foirgníochta / cumann creidmheasa / cuideachtaí cártaí creidmheasa nó ó institiúid airgeadais eile
- Litreacha a fuarthas le déanaí arna ndíriú chugatsa ó chuideachta árachais / údarás áitiúil / roinn rialtais nó ó na Coimisinéirí Ioncaim
- Leabhar cíosa, comhaontú morgáiste nó comhaontú léasaithe ó Údarás Áitiúil
Nóta: Is éard atá i gceist le doiciméad a fuarthas le déanaí ná doiciméad arna eisiúint sa dá mhí atá díreach imithe thart. Ni mór na doiciméid bhunaidh seachas cóipeanna a chur ar fáil.
Má tá amhras ann faoi do sheoladh, ní íocfar an t-éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist go dtí go ndearbhófar é.
Ní mór na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt leat freisin.
- Cárta Seirbhísí Poiblí (mura bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí agat cheana, iarrfar ort clárú chun ceann a fháil nuair a bheidh iarratas á dhéanamh agat ar Liúntas Cuardaitheora Poist)
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí
- Sonraí maidir le d’infhaighteacht chun tabhairt faoin obair agus iarrachtaí ar bith atá déanta agat chun obair a fháil. Mar shampla, litreacha atá scríofa agat chuig fostóirí agus freagraí ar bith a fuair tú ar ais
- Sonraí maidir le d’ioncam
- Sonraí maidir le hioncam do chéile/páirtí (más ann)
- Sonraí maidir le do leanaí cleithiúnacha
- Cruthúnas aitheantais - féach thíos chun tuilleadh eolais a fháil
- Cruthúnas ar sheoladh baile - féach thíos chun tuilleadh eolais a fháil
Má leagtar as tú
Má leagtar as go sealadach tú, ní mór litir ó d’fhostóir a thabhairt leat ina luaitear na nithe seo a leanas:
- Go bhfuil tú leagtha as gan phá
- An lá deireanach a d’oibrigh tú
- An chúis ar leagadh as tú
- Cé chomh fada, dar leis/léi, a bheidh tú leagtha as
Má tá laghdú tagtha ar líon do laethanta oibre
Má tá laghdú tagtha ar líon do laethanta oibre, ní mór duit litir ó d’fhostóir a thabhairt leat ina luaitear na nithe seo a leanas:
- Go bhfuil laghdú sealadach tagtha ar líon do laethanta oibre
- Líon na laethanta a d’oibrigh tú gach seachtain (roimh an laghdú)
- Líon na laethanta a oibríonn tú gach seachtain anois
- An laghdú atá tagtha ar do phá