English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Seoladh na bPrionsabal Dearaidh Deiridh de Chóras Coigiltis Scoir um Chlárú Uathoibríoch (CU) d’Éirinn

Foilsíodh sonraí na bprionsabal dearaidh deiridh den Chóras Coigiltis Scoir um 'Chlárú Uathoibríoch' (CU) d’Éirinn.

Is córas é CU ina gcláraítear fostaithe nach bhfuil pinsean gairme acu go huathoibríoch i scéim choigiltis scoir. Féadfaidh siad an scéim a fhágáil nó rogha a dhéanamh gan bheith páirteach inti faoi choinníollacha áirithe más mian leo é sin a dhéanamh.

Tá sé mar aidhm ag an gcóras seo líon na bhfostaithe in Éirinn a bhfuil rochtain acu ar chlúdach pinsin a mhéadú.

Léiríonn figiúirí an na Príomh-Oifige Staidrimh go bhfuil clúdach pinsin gníomhach ag 56% d’fhostaithe (Suirbhé ar Chlúdach Pinsin 2021). Nuair a bhreathnaítear ar an earnáil phríobháideach ina haonar, titeann an figiúr seo go dtí níos lú ná 35%.

Mar gheall ar an ráta íseal clúdach pinsin seo, seans go bhfeicfeadh go leor daoine titim ina gcaighdeáin mhaireachtála nuair a théann siad ar scor.

Soláthraíonn an Pinsean Stáit bunleibhéal ioncaim agus cosanta in aghaidh bochtaineacht pinsinéirí. Mar sin féin, níl sé i gceist ioncam scoir iomlán leordhóthanach a ráthú do gach pinsinéir i dtaca lena n-ioncam fostaíochta a athsholáthar.

Chun leordhóthanacht pinsin a bhaint amach ba chóir an Pinsean Stáit a chomhcheangal, i bhformhór na gcásanna, le coigilteas scoir pearsanta. Féadfaidh go mbeadh sin i bhfoirm pinsin ghairme agus/nó pinsin phearsanta.

Tá dearadh chóras CU na hÉireann bunaithe ar thaighde agus cuirtear cásanna idirnáisiúnta agus dea-chleachtas san áireamh.

Sa bhliain 2018, rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí próiseas comhairliúcháin. Is féidir leat teacht ar ábhar atá bainteach leis ar líne.

D'oibrigh an roinn le go leor saineolaithe, sa bhaile agus thar lear, ó shin i leith. Tá cúnamh á fháil ag an roinn freisin ó Chlár Ard-Stiúrthóireacht na Tacaíochta Teicniúla um Athchóiriú de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a chuidíonn le ballstáit an AE athchóirithe a dhearadh agus a achtú. De bharr gur glacadóir AE déanach í Éire, ionchorpraíonn an dearadh dea-chleachtais agus solúbthacht bunaithe ar fhoghlaim ó thíortha eile.

The Design Principles for Ireland’s Automatic Enrolment Retirement Savings System
Amharc amharc

[document 219704 ]