Tacaíochtaí ioncaim tar éis méala
- Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Tacaíocht i leith costais sochraide
- Íocaíochtaí do bhaintreacha, baintreacha fir agus páirtnéirí sibhialta marthanacha
- Íocaíochtaí do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí leanaí cleithiúnacha
- Íocaíochtaí má fhaigheann duine bás mar gheall ar obair
Tacaíocht i leith costais sochraide
Cúnamh Liúntais Leasa Fhorlíontaigh le haghaidh Costais Sochraide
Mura bhfuil tú féin ná do theaghlach in ann costais bhunriachtanacha sochraide an té atá básaithe a íoc, is féidir leat cur isteach ar Íocaíocht Riachtanas Breise ón tSeirbhís Leasa Pobail.
Tá mar aidhm ag an Íocaíocht Riachtanas Breise cabhrú leat costais bunriachtanacha a íoc nach mbeadh duine réasúnta ag súil leis go mbeifeá in ann iad a íoc le d'ioncam seachtainiúil féin.
Is é an Oifig Seirbhíse Leasa Pobail áitiúil a dhéanfaidh measúnú ar do chumas na costais a íoc agus a dhéanfaidh cinneadh faoi d'iarratas bunaithe ar do chúinsí. Áireofar sa mheasúnú, aon choigilteas ná polasaithe árachais a d'fhéadfadh a bheith ag an duine a fuair bás chun costais a s(h)ochraide féin a íoc.
Ní chuirfear tacaíocht ar fáil ach amháin i leith na riachtanas a bhaineann le sochraid shollúnta. Ba chóir duit dul i gcomhairle le hadhlacóir sula gcuireann tú aon cheangal airgid ort féin i leith costais socraithe sochraide. Ní áireofar faoin tacaíocht seo ábhair bhreise fhíorchostasacha agus neamhriachtanacha don tsochraid.
Is féidir iarratais a dhéanamh trí úsáid a bhaint as foirmeacha iarratais SWA1 agus SWA5.
Má chuireann an Roinn tacaíocht airgeadais ar fáil, is féidir an íocaíocht a dhéanamh go díreach leis an adhlacóir (féach rannóg 6 d'fhoirm SWA 1 – Íocaíocht Ainmnithe). (PDF, from page 16)
Is féidir leis an Ionad Teagmhála Náisiúnta um Leas Pobail tú a threorú go dtí an oifig chuí.
National Phone Line for Community Welfare Services
- Suíomh Gréasáin:
- Teileafón:
-
0818 607080
Foirmeacha Iarratais
Deontas Sochraide faoin scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde
Má fhaigheann duine bás ag an obair, d'fhéadfadh Deontas Sochraide Speisialta faoin scéim Sochair Díobhálacha Ceirdea bheith ar fáil don duine a íocann as costais na sochraide.
Íocaíochtaí do bhaintreacha, baintreacha fir agus páirtnéirí sibhialta marthanacha
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
Má tá tú i do bhaintreach, d'fhéadfadh an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a bheith ar fáil duit. Chun cáiliú, ní mór duit coinníollacha áirithe árachais shóisialaigh a shásamh bunaithe ar ranníocaíochtaí ÁSPC do chéile nó do chéile nach maireann.
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
Má tá tú i do bhaintreach agus mura gcáilíonn tú do Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach), d'fhéadfá cáiliú ina ionad sin do Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach).
Íocaíochtaí do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí leanaí cleithiúnacha
Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
Má tá do chéile nó do pháirtí sibhialta tar éis bháis agus má tá leanaí cleithiúnacha agat faoi 18 (nó faoi 22 má tá siad in oideachas lánaimseartha) d'fhéadfá cáiliú don Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh.
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
Má tá do chéile nó do pháirtí sibhialta básaithe, d'fhéadfá a bheith in ann an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a éileamh ar feadh suas le dhá bhliain tar éis dháta a mbáis nó go dtí go slánóidh do leanbh is óige 18 mbliana d'aois, cibé acu is túisce.
Íocaíocht Chaomhnóra
Má tá tú ag tabhairt aire do leanbh a chaill tuismitheoir (nó tuismitheoirí), d'fhéadfá cáiliú d'Íocaíocht Chaomhnóra.
Íocaíochtaí má fhaigheann duine bás mar gheall ar obair
Sochar Báis faoin Scéim Díobhálacha Ceirde
Áirítear leis an Scéim um Shochar Báis:
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Pinsean Dílleachta
- Deontas Sochraide
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
D'fhéadfadh an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a bheith ar fáil duit más céile nó páirtnéir sibhialta marthanach tú do dhuine:
- a fuair bás mar thoradh ar thimpiste ag an obair
- a fuair bás mar thoradh ar ghalar ceirde
- má bhí Sochar Míthreorach á fháil acu a measadh a bheith 50% nó níos mó ag am a mbáis
Ní féidir Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh faoin Scéim Sochair Báis a íoc ag an am céanna le Pinsean Ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh.
Pinsean Dílleachta
Féadfaidh an Pinsean Dílleachta a bheith ar fáil do chaomhnóir linbh nó leanaí má bhí a dtuismitheoir, a leas-tuismitheoir nó an duine a bhí ag tacú leis an leanbh nó leis na leanaí dílleachta:
- a fuair bás mar thoradh ar thimpiste ag an obair
- a fuair bás mar thoradh ar ghalar ceirde
- má bhí Sochar Míthreorach á fháil acu a measadh a bheith 50% nó níos mó ag am a mbáis
Deontas Sochraide
Má fhaigheann duine bás ag an obair, d'fhéadfadh Deontas Sochraide Speisialta a bheith ar fáil don duine a íocann as na costais sochraide.