Tacaíochtaí oibre a fháil má tá tú faoi mhíchumas
- Foilsithe: 26 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 2 Eanáir 2025
- Tacaíocht chun post a aimsiú
- Tacaíochtaí oiliúna agus oideachais
- Dul i mBun Oibre
- Cárta Leighis agus Pas Saorthaistil
- Meastóir Sochar Oibre
- Deontais d'fhostóirí agus do dhaoine faoi mhíchumas
- Do Threoir maidir lenár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht, Míchumas agus Cúram
- Déan teagmháil le d'Intreo áitiúil chun comhairle a fháil
Má tá tú faoi mhíchumas agus más mian leat tosú ag obair, filleadh ar an obair nó leanúint ar aghaidh ag obair, tá raon tacaíochtaí ar fáil duit. Tá tacaíochtaí ar fáil d'fhostóirí freisin chun d'ionad oibre a dhéanamh níos oiriúnaí más gá
Tacaíocht chun post a aimsiú
Intreo
Is pointe teagmhála aonair é Intreo (Seirbhísí Fostaíochta Poiblí na hÉireann) do gach seirbhís fostaíochta.
Is féidir le d'Ionad Intreo Áitiúil tacaíocht agus comhairle a thabhairt duit maidir le:
- seirbhísí agus scileanna chun post a lorg
- folúntais phoist ábhartha
- comhairle maidir le deiseanna oiliúna
- tacaíochtaí agus deontais míchumais
- tacaíocht ioncaim (d'íocaíocht sheachtainiúil)
Soláthraíonn Intreo an méid seo a leanas freisin:
- seirbhís earcaíochta agus meaitseála poist d'fhostóirí.
EmployAbility
Cuireann cuideachtaí atá ag obair thar ceann Intreo Seirbhísí EmployAbility ar fáil. Cuireann siad sainseirbhís fostaíochta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Is féidir le do Chásoifigeach Intreo (nó idirghabhálaí LES) tú a atreorú chuig an tseirbhís má aontaíonn an bheirt agaibh go mbainfeá tairbhe as na tacaíochtaí a chuireann na cuideachtaí seo ar fáil - lena n-áirítear tacaíocht cóitseála poist agus tacaíocht ionfhostaíochta. Cuireann Seirbhísí EmployAbility seirbhís earcaíochta agus meaitseála poist ar fáil d'fhostóirí freisin.
Déan teagmháil le d'ionad Intreo áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí.
Tacaíocht do chéimithe faoi mhíchumas
Maoiníonn an Roinn Coimirce Sóisialaí an Cumann um Rochtain Ardoideachais agus Míchumas (AHEAD) chun an clár Willing Able Mentoring (WAM) agus an clár Get Ahead a sheachadadh do mhic léinn tríú leibhéal agus do chéimithe faoi mhíchumas.
Is clár socrúcháin oibre é WAM a chuidíonn le céimithe faoi mhíchumas fostaíocht a fháil. Faigh tuilleadh eolais faoi WAM anseo.
Ciste na gCuntas Díomhaoin 2021
I mí Lúnasa 2021, d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí cistiú €7.2 milliún faoi Phlean Gníomhaíochta na gCuntas Díomhaoin 2021 chun tacú le tionscnaimh faoi bheart “Tacú le Torthaí Fostaíochta, Oideachais agus Oiliúna do Dhaoine faoi Mhíchumas”. Tá an próiseas á bhainistiú ag Pobal thar ceann na Roinne.
Tá dhá phríomhchuspóir ag an mbeart seo:
- tacú le Daoine faoi Mhíchumas: rochtain a fháil ar fhostaíocht; a ndeiseanna forbartha gairme "ag an obair” a fheabhsú agus a dtorthaí fostaíochta a fheabhsú trí oideachas agus oiliúint; agus
- tacú le fostóirí féideartha fostaíocht a sholáthar do Dhaoine faoi Mhíchumas.
Lorgaíodh iarratais ar mhaoiniú ó eagraíochtaí ábhartha pobail agus deonacha ar fud na tíre. Roghnaíodh 45 tionscadal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta le haghaidh cistithe agus is í an tréimhse seachadta do na hiarratasóirí rathúla ná an 1 Meán Fómhair 2021 go dtí an an 31 Nollaig 2022.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar láithreán gréasáin Pobal anseo.
Tacaíochtaí oiliúna agus oideachais
Téigh chuig ár láithreán gréasáin chun eolas a fháil ar thacaíochtaí oiliúna agus oideachais.
Dul i mBun Oibre
Má tá tú faoi mhíchumas agus má tá post nua á thosú agat, d'fhéadfá a bheith in ann cuid de na sochair atá agat cheana a choinneáil.
Liúntas Míchumais/Pinsean na nDall
Má tá Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall, á fháil agat is féidir leat d'íocaíocht iomlán a choinneáil agus suas le €140 in aghaidh na seachtaine á thuilleamh agat ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht.
Má thuilleann tú os cionn €140 sa tseachtain ón obair, ní chuirtear leath de do thuilleamh idir €140 agus €375 san áireamh sa tástáil acmhainne don Liúntas Míchumais nó do Phinsean na nDall.
Déantar aon tuilleamh ó obair os cionn €375 in aghaidh na seachtaine a mheasúnú mar ioncam ar bhonn euro (€ 1) in aghaidh an euro (€1), is é sin déanfar do Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall a laghdú de €1 in aghaidh gach €1 a thuilltear ó fhostaíocht os cionn €375 in aghaidh na seachtaine.
Má tá Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall á fháil agat, is iad seo na scéimeanna eile a d'fhéadfadh a bheith ar fáil duit:
- an Scéim Shóisialta Tuaithe (SST) a thugann tacaíocht ioncaim d'fheirmeoirí agus d'iascairí agus ranníocaíocht á íoc acu lena bpobail freisin
- an Clár Fostaíochta Pobail(CE) a sholáthraíonn taithí oibre agus deiseanna oiliúna do dhaoine ina bpobail
Sochar Cumais Pháirtigh
Má tá Pinsean Easláine á fháil agat nó má bhí Sochar Breoiteachta á fháil agat ar feadh sé mhí nó níos mó, agus más mian leat dul i mbun oibre, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh. Ciallaíonn an scéim seo go bhféadfá leanúint le hioncam breise a fháil agus tú ag obair.
Tabhair ar aird, le do thoil, nach féidir leat dul i mbun oibre go dtí go mbeidh cead i scríbhinn faighte agat ón Roinn chun é sin a dhéanamh, tar éis d'iarratas ar Shochar Cumais Pháirtigh a bhreithniú.
Tá an ráta íocaíochta a gheobhaidh tú, chomh maith le do thuilleamh féin, bunaithe ar d'Íocaíocht Pinsean Easláine nó íocaíocht Sochar Breoiteachta reatha agus ar mheasúnú leighis. Níl aon riosca ann do do shochair agus tú ag tabhairt faoin measúnú seo. Tá an scéim deonach agus tá sí deartha chun borradh ioncaim a thabhairt duit agus tú i mbun oibre.
Faoin scéim seo, is féidir leat dul ar ais chuig do bhuníocaíocht más gá duit, ar an gcoinníoll go leanann tú le do bhunchoinníollacha éilimh a shásamh.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an bhfoireann Sochair Cumais Pháirtigh.
Cárta Leighis agus Pas Saorthaistil
Do Chárta Leighis a choinneáil agus tú ag obair
Má tá tú ag filleadh ar obair lánaimseartha nó pháirtaimseartha, d'fhéadfá a bheith in ann do chárta leighis a choinneáil. Téigh chuig láithreán gréasáin FSS le haghaidh tuilleadh sonraí.
Do Phas Saorthaistil a choinneáil agus tú ag obair
- Má tá tú ag obair agus íocaíocht Liúntais Mhíchumais á fáil agat go fóill, coinneoidh tú do theidlíocht don Scéim (Pas) Saorthaistil.
- Má tá tú ag obair íocaíocht Phinsean na nDall á fáil agat go fóill, coinneoidh tú do theidlíocht don Scéim (Pas) Saorthaistil.
- Má bhogann tú chuig íocaíocht Sochair Cumais Pháirtigh, ó íocaíocht Pinsin Easláine amháin, coinneoidh tú do theidlíocht don Scéim (Pas) Saorthaistil ar feadh cúig bliana.
- Má aistríonn tú ón Liúntas Míchumais, chuig post, coinneoidh tú do theidlíocht don Scéim (Pas) Saorthaistil ar feadh cúig bliana.
- Má aistríonn tú ó Phinsean na nDall go dtí post, coinneoidh tú do theidlíocht don Scéim (Pas) Saorthaistil, fad a leanann tú de bheith cláraithe le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (NCBI).
Tá eolas mionsonraithe ar an Scéim (Pas) Saorthaistil ar fáil anseo.
Meastóir Sochar Oibre
Is féidir leat an Meastóir Sochar Oibre a úsáid má tá íocaíochtaí míchumais nó breoiteachta á bhfáil agat. Léiríonn sé seo conas a d'fhéadfadh ioncam ó fhostaíocht tionchar a bheith aige ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh.
Deontais d'fhostóirí agus do dhaoine faoi mhíchumas
Ciste um Freastal Réasúnta
Soláthraíonn an Ciste um Freastal Réasúnta tacaíocht airgeadais do dhaoine faoi mhíchumas agus dá bhfostóirí lena n-áirítear:
- Deontas do Léitheoir Pearsanta
- Deontas um Ateangaire i gcomhair Agallaimh Poist
- Deontas um Oiriúnú Trealaimh san Áit Oibre
- Deontas um Choinneáil Fostaithe
Chun an cistiú seo a fháil ní mór duit a bheith fostaithe nó ag tosú poist san earnáil phríobháideach.
Deontas Tacaíochta Oiliúna
Tá deontas suas le €1,000 ar fáil tríd an Deontas Tacaíochta Oiliúna nuair a aithníonn oifigeach tiomnaithe bearna scileanna a chuireann cosc ort post a fháil. Cuireann an deontas seo cistiú ar fáil le haghaidh:
- oiliúint ghearrthéarmach
- deimhniú/cead nua
- deimhniú/cead a athnuachan
Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas
Cuireann an Scéim Tacaíochta um Fheasacht Míchumas cistiú ar fáil d'fhostóirí na hearnála príobháidí chun oiliúint um fheasacht míchumas a thabhairt do bhaill foirne a oibríonn le comhghleacaí atá faoi mhíchumas.
Scéim Fóirdheontais Pá
Cuireann an Scéim Fóirdheontais Pá dreasachtaí airgeadais ar fáil d'fhostóirí san earnáil phríobháideach chun daoine faoi mhíchumas a fhostú. Caithfidh an obair a thairgtear a bheith ar feadh idir 21 agus 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine.
Do Threoir maidir lenár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht, Míchumas agus Cúram
Déan teagmháil le d'Intreo áitiúil chun comhairle a fháil
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil trí theagmháil a dhéanamh le d'Ionad Intreo áitiúil nó leis an Oifigeach Cáis Ainmnithe do Dhaoine faoi Mhíchumas i do cheantar.