Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Nollaig 2024
An Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020 - 2025: Foilsíodh Uaillmhian, Spriocanna agus Tiomantais i mí Eanáir 2020. Tá sé ina chomharba ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta a tháinig chun críche ag deireadh 2017 agus is é an ceann is déanaí é i sraith pleananna dá leithéid a théann siar go dtí 1997.
Tógann an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta ar obair a réamhtheachtaithe agus é mar aidhm aige líon na ndaoine atá i mbochtaineacht chomhsheasmhach in Éirinn a laghdú agus cuimsiú sóisialta a mhéadú dóibh siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Léirítear é seo ina uaillmhian maidir le “Bochtaineacht chomhsheasmhach a laghdú go 2% nó níos lú agus Éire a dhéanamh ar cheann de na tíortha is cuimsithí sóisialta san AE”.
Is ráiteas uileghabhálach de straitéis an Rialtais é an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta, a aithníonn an raon pleananna earnála atá i bhfeidhm cheana féin a bhfuil cuimsiú sóisialta mar chroíchuspóir acu, i réimsí mar oideachas, sláinte, leanaí agus cúram leanaí, forbairt pobail agus tithíocht. Tá na pleananna seo ríthábhachtach i gcónaí chun a chinntiú go bhfuil cuimsiú sóisialta ag croílár an bheartais phoiblí agus na straitéise seirbhíse ar fud na ranna agus na seirbhísí rialtais go léir.
Tá dul chun cinn i dtreo spriocanna an Treochláir leagtha amach i dTuarascálacha bliantúla ar Dhul Chun Cinn, le Cártaí Tuairisce a bhaineann leo a shonraíonn dul chun cinn gach ceann de na 69 gealltanas sa Treochlár.
Gheall an Treochlár athbhreithniú neamhspleách meántéarmach a dhéanamh ar an Treochlár ag an lárphointe. Bhí sé i gceist athbhreithniú meántéarmach a dhéanamh ar an straitéis reatha, í a ailíniú le forbairtí ó foilsíodh é agus tosaíochtaí a aithint don tréimhse atá fágtha den straitéis, seachas straitéis nua a fhorbairt. Cheap an Roinn Coimirce Sóisialaí Ipsos chun teagmháil neamhspleách le geallsealbhóirí a dhéanamh chun eolas a thabhairt don athbhreithniú meántéarmach, lenar n-áirítear cleachtadh comhairliúcháin phoiblí (i mí Mheán Fómhair 2022 agus i mí Dheireadh Fómhair 2022), agus tá sonraí ina leith le fáil anseo. Faoin gcomhchlár taighde Bochtaineachta agus Cuimsiú Sóisialta leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, thug an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) faoi athbhreithniú ar na táscairí a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas i gcoinne uaillmhianta agus spriocanna an Treochláir don athbhreithniú meántéarmach. Foilsíodh Tuarascáil Athbhreithnithe Meántéarma don Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025, in éineacht le tuarascálacha Ipsos agus ITES, ag an bhFóram um Chuimsiú Sóisialta 2023.
Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn
Athbhreithniú Meántéarma
Aighneachtaí Comhairliúcháin
Athbhreithniú Meántéarma ar an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025 - Aighneachtaí