Treoir d’Fhostóirí ÁSPC
- Foilsithe: 5 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 14 Márta 2025
- Treoir d’Fhostóirí ÁSPC 2025
- Réamhfhógra ÁSPC maidir le hathruithe d’úsáideoirí ríomhaireachta 2003 - 2025
- Rátaí Ranníocaíochta ÁSPC agus Treoir Úsáideora (SW14)
Bailítear Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) in éineacht le Cáin Ioncaim agus an Muirear Sóisialach Uilíoch faoin gcóras bailithe cánach Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT).
Tá ceanglas dlíthiúil ar fhostóirí a chinntiú go n-asbhaintear an méid ceart ÁSPC óna bhfostaithe agus ceanglaítear orthu é a chur ar aghaidh, in éineacht leis an ÁSPC atá ar a bhfostóirí a íoc, chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoin gcóras IMÁT.