Tuarascáil an Choimisiúin um Pinsin
- Foilsithe: 7 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 27 Iúil 2023
- Achoimre Fheidhmeach
- Tuarascáil an Choimisiúin um Pinsin
- Infographics
- Páipéir Oibre Theicniúla
- Conclúidí agus Moltaí an Choimisiúin
- Moltaí Ginearálta
- Pinsin Stáit a Mhaoiniú
- Rátaí Íocaíochta
- Cur Chuige Iomlán na Ranníocaíochtaí
- Cúramóirí Fadtéarmacha
- Aois Scoir
- Aois an Phinsin Stáit
- Rochtain Sholúbtha ar Phinsin Stáit
- Ioncam ón gCiste Árachais Shóisialta (CÁS) a mhéadú
$cuid Tuarascáil agus Doiciméid Ghaolmhara
Achoimre Fheidhmeach
Tuarascáil an Choimisiúin um Pinsin
Infographics
Páipéir Oibre Theicniúla
$cuid Conclúidí agus Moltaí an Choimisiúin
Conclúidí agus Moltaí an Choimisiúin
Tá liosta iomlán mholtaí an Choimisiúin leagtha amach sna codanna seo a leanas.
$cuid Moltaí Ginearálta
Moltaí Ginearálta
Féach Caibidlí 1 – 5 (PDF, from page 25)
Tacaíonn an Coimisiún le bearta a spreagann fás geilleagrach agus iomaíochas agus a mhéadaíonn rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, lena n-áirítear oibrithe scothaosta.
Molann an Coimisiún gur cheart go gcuirfí aon cheann de na moltaí atá á gcur chun cinn ag an Rialtas faoi ghrinnscrúdú breise ó thaobh inscne, comhionannais agus bochtaineachta de.
Leagann an Coimisiún béim ar an ngá atá le trédhearcacht fheabhsaithe, agus molann sé cumarsáid leanúnach a bheith ann i dtaca le hathchóiriú an Phinsin Stáit chun cur in luí ar an bpobal an tábhacht a bhaineann le hinbhuanaitheacht, cinnteacht agus cosc a chur ar bhochtaineacht.
$cuid Pinsin Stáit a Mhaoiniú
Pinsin Stáit a Mhaoiniú
Féach Caibidil 6: Maoiniú Pinsin Stáit (PDF, from page 67)
Ba cheart leanúint den Chiste Árachais Shóisialta (lena n-áirítear córas an Phinsin Stáit) a mhaoiniú ar bhonn Íoc Mar a Úsáidtear.
Molann an Coimisiún go gcruthófaí cuntas ar leith sa Chiste Árachais Shóisialta (CÁS) do Phinsin Stáit. Má dhealaítear sainaithint, cuntasaíocht agus tuairisciú ranníocaíochtaí Pinsin Stáit óna chéile, is é an bua atá aige seo ná go mbeidh trédhearcacht fheabhsaithe ann maidir le maoiniú Pinsean Stáit agus cumas an Chiste a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.
- Fágann an luaineacht atá ann ó thaobh íocaíochtaí do dhaoine aonair in aois oibre de gur deacair na leibhéil ranníocaíochta a ríomh a bheidh de dhíth chun an CÁS a choimeád ar cothrom. I bhfianaise na bpatrún atá intuartha den chuid is mó i gcaiteachas an Phinsin Stáit, d’éascódh cuntas CÁS ar leith ag an bPinsean Stáit le measúnú a dhéanamh ar an leibhéal ranníocaíochta is gá chun caiteachas cothrom ar Phinsean Stáit a choinneáil.
- Dá mba rud é go raibh cuntas tiomnaithe CÁS ann go sonrach le haghaidh Pinsean Stáit, bheifí in ann aon chistí a leithdháiltear ar an gcuntas seo a imfhálú le haghaidh caiteachais ar Phinsean Stáit amháin agus cosc ann ar iad a úsáid le haghaidh íocaíochtaí d’aon chineál eile. Mar shampla, ní bheadh tionchar ag tabhairt isteach sochar aoise oibre feabhsaithe ar mhaoiniú Pinsean Stáit (nó vice versa).
- Dá mbunófaí CÁS ar leith don Phinsean Stáit, chuirfí feabhas ar thrédhearcacht trí fhorbhreathnú soiléir a thabhairt ar ioncam, speansais agus leordhóthanacht an Phinsin Stáit.
- D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí plé a dhéanamh ar ÁSPC a fhoroinnt chun ráta ranníocaíochta pinsin Stáit ar leith a chruthú.
Tacaíonn an Coimisiún le prionsabal na ranníocaíochtaí bliantúla Státchiste leis an gcuntas ‘Pinsean Stáit’ laistigh de CÁS. In ionad a bheith ag brath go hiomlán ar fhóirdheontais Státchiste nuair a bhíonn an CÁS in easnamh, ba cheart don Stát teacht ar ranníocaíocht Státchiste ar leith agus é a leithdháileadh ar chuntas Pinsean Stáit CÁS.
- D’fhéadfadh sé seo a bheith bunaithe ar íoschéatadán de chaiteachas na bliana roimhe sin ar an bPinsean Stáit Ranníocach atá á íoc isteach i gcuntas Pinsean Stáit CÁS ar bhonn bliantúil ag an Státchiste. Chun críocha a chuid oibre agus chun costáil a dhéanamh, d’úsáid an Coimisiún ranníocaíocht tháscach Státchiste de 10 faoin gcéad de chaiteachas Ranníocach an Phinsin Stáit in aghaidh na bliana.
- B’ionann an cur chuige seo agus struchtúr tríthaobhach CÁS ina maoinítear é ag fostaithe/daoine féinfhostaithe, fostóirí, agus an Stát a chur ar bhonn foirmiúil, mar a bhí i gceist nuair a bunaíodh é, trí ranníocaíocht bhliantúil Státchiste a dhéanamh le ghné an Phinsin Stáit den CÁS.
- Agus é sin á dhéanamh, bheadh sé ag teacht leis an gcur chuige tríthaobhach atá á phlé do chóras chlárú uathoibríoch an choigiltis scoir a mbeadh bonn reachtúil aige chun ranníocaíocht dhíreach thiomnaithe ón Státchiste agus caiteachas cánach a sholáthar.
- Dá mbeadh an maoiniú seo curtha ar bhonn foirmiúil chuirfeadh sé sin ar chumas an Stáit pleanáil a dhéanamh d’fhoinsí ioncaim neamhshaothair a chabhródh le córas an Phinsin Stáit a mhaoiniú. Ag brath go hiomlán ar mhéadú ÁSPC chun córas an Phinsin Stáit a mhaoiniú i gcomhthéacs daonra atá ag dul in aois, is dócha go luífeadh sé go trom ar an margadh saothair.
- Chabhródh an maoiniú Státchiste seo freisin le cuid de na gnéithe dlúthpháirtíochta de chóras na bPinsean Stáit a mhaoiniú.
- Agus déimeagrafaic réasúnta fabhrach chuige faoi láthair, anois an t-am chun a dhóthain ranníocaíochtaí a dhéanamh ón Státchiste le gur féidir ciste teagmhais a charnadh i CÁS an Phinsin Stáit. D’fhéadfaí leas a bhaint as an gciste teagmhais chun aghaidh a thabhairt ar thitim gan choinne in ioncam, agus d’fhéadfaí é a úsáid chun luach na n-íocaíochtaí pinsin a cheanglaítear faoi thagarmharcáil a choinneáil.
- Tugann an Coimisiún dá aire, dá dtiocfadh easnamh chun cinn, go mbeadh fóirdheontas Státchiste ag teastáil freisin chun aon easnamh a shásamh.
Tacaíonn an Coimisiún le córas chlárú uathoibríoch an choigiltis scoir a thabhairt isteach go luath, rud a thabharfaidh comhpháirt mhaoinithe isteach don chóras pinsin agus a fheabhsóidh leordhóthanacht ioncaim scoir do phinsinéirí amach anseo.
$cuid Rátaí Íocaíochta
Rátaí Íocaíochta
Féach Caibidil 7: Rátaí Íocaíochta (PDF, from page 81)
Aithníonn agus tacaíonn an Coimisiún le córas na bPinsean Stáit mar bhunchloch an chórais pinsean, agus é mar chrann taca bunriachtanach chun bochtaineacht pinsinéara a chosc.
Tacaíonn an Coimisiún leis an bprionsabal ginearálta maidir le tagarmharcáil agus innéacsú íocaíochtaí Pinsin Stáit.
- Tacaíonn an Coimisiún le tagarmharcáil agus innéacsú a úsáid mar bhealach chun cinnteacht a sholáthar do phinsinéirí, luach coibhneasta íocaíochtaí an Phinsin Stáit a chothabháil i gcomparáid le fás tuillimh agus boilsciú praghsanna, agus a chinntiú go gcoinnítear ról chosc na bochtaineachta i gcóras an Phinsin Stáit.
- Is féidir le tagarmharcáil agus innéacsú cabhrú le hinbhuanaitheacht fhioscach trí aon mhéadú a d’fhéadfadh teacht ar rátaí íocaíochta an Phinsin Stáit a fhrámú; mar sin féin, d’fhéadfadh sé dochar a dhéanamh don inbhuanaitheacht fhioscach mura gcuireann an dearadh cosc ar éifeachtaí ‘raicín’.
Chun a chinntiú go leanann córas na bPinsean Stáit de leibhéal ioncaim a chur ar fáil a choisceann bochtaineacht pinsinéara go héifeachtach, agus chun aghaidh a thabhairt ar iarratais an phobail i leith na cinnteachta maidir le luach íocaíochtaí Pinsin Stáit do lucht pinsin faoi láthair, do dhaoine atá ar tí éirí ina bpinsinéirí agus do na pinsinéirí a bheidh ann amach anseo, ba cheart don Rialtas an cur chuige tuillimh rianaithe a chur i bhfeidhm láithreach maidir leis an tagarmharcáil agus an innéacsú mar atá leagtha amach sa Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020 – 2025.
- Tuigeann an Coimisiún nach féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil cosaint ann ar bhochtaineacht fiú má dhéantar tagarmharcáil rátaí an Phinsin Stáit i gcoinne tuillimh. Cé go n-aithnítear go raibh ráta Pinsin Stáit tagarmharcáilte ag 34 faoin gcéad den mheántuilleamh éifeachtach chun bochtaineacht pinsinéara a chosc san am atá thart (féach Páipéar Oibre an Fhochoiste Theicniúil Uimh. 4 maidir le Tagarmharcáil agus Innéacsú le haghaidh sonraí), tugann an Coimisiún rabhadh nach ionann sin agus a rá gur mar sin a bheidh sé amach anseo.
Tacaíonn an Coimisiún le buanchomhlacht neamhspleách a bhunú a chuirfeadh comhairle ar an Rialtas maidir le rátaí íocaíochta pinsin arna ríomh ar dtús leis an sásra tagarmharcála agus innéacsaithe tuillimh rianaithe a mholtar thuas, ar bhealach atá cosúil leis an gCoimisiún um Pá Íseal mar a mholtar sa Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020 - 2025.
- Molann an Coimisiún gur cheart don bhuanchomhlacht neamhspleách sin athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar éifeachtacht an chur chuige tagarmharcála agus innéacsaithe chun bochtaineacht pinsinéara a chosc, lena n-áirítear measúnú bochtaineachta de réir cineál teaghlaigh (teaghlaigh i nach bhfuil ach pinsinéir amháin nó lánúin agus pinsinéirí ina gcónaí lena chéile).
- D’fhéadfadh an comhlacht leasuithe ar an tagarmharc a mholadh sa chás go bhfuair an t-athbhreithniú amach nach raibh ag éirí leis an tagarmharc bochtaineacht na bpinsinéirí a chosc, nó d’fhéadfadh an comhlacht a chuid torthaí mar aon le tosca sóisialta agus geilleagracha níos leithne a chur san áireamh le linn a mhachnamh a dhéanamh faoi rátaí a mholadh don Rialtas.
- Ba chóir go mbeadh feidhm ag aon mhéadú a mholtar ar na rátaí seachtainiúla íocaíochta maidir le gach scéim Pinsin Stáit.
Molann an Coimisiún go mbunófaí an comhlacht sin agus a fheidhmeanna ar bhonn reachtach.
Molann an Coimisiún an cur chuige beartais a bhí ann le déanaí maidir le méadú buiséid ar an Liúntas um Mhaireachtáil Aonair agus molann sé go leanfadh an patrún seo de mhéadú feabhsaithe ar ráta seachtainiúil an Liúntais um Mhaireachtáil Aonair de thacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do theaghlaigh phinsinéara aonair a bhfuil baol níos mó ann go bhfágfar beo bocht iad.
$cuid Cur Chuige Iomlán na Ranníocaíochtaí
Cur Chuige Iomlán na Ranníocaíochtaí
Féach Caibidil 8: Cur Chuige Iomlán na Ranníocaíochtaí (PDF, from page 90)
Molann an Coimisiún gur cheart an t-aistriú iomlán chuig Cur Chuige Ranníocaíochtaí Iomlána agus deireadh a chur leis an gcur chuige Meán Bliantúil maidir le teidlíocht ar ráta íocaíochta an Phinsin Stáit Ranníocach a ríomh a chur chun feidhme a luaithe is féidir, go dtí go rithfear an reachtaíocht riachtanach agus athruithe ar an gcóras TF.
- Ó 2019 i leith, tá an dá mhodh ríofa i bhfeidhm, agus an ráta is fabhraí ón dá mhodh ríofa bronnta. Chruthaigh sé seo aimhrialtachtaí agus éagothroime bhreise sa chóras, trína bhfuil daoine a bhfuil níos lú ranníocaíochtaí acu fós in ann cáiliú do leibhéil íocaíochta is airde. Oibríonn sé seo freisin chun costas an Phinsin Stáit Ranníocach a mhéadú ag leibhéal struchtúrtha.
Molann an Coimisiún gur cheart go mbeadh feidhm de réir a chéile thar thréimhse 10 mbliana acu siúd atá níos fearr as a dteidlíocht pinsin a ríomh faoin gcur chuige Meán Bliantúil.
- Molann an Coimisiún, don idirthréimhse, i gcás nach gcáilíonn duine don uasráta seachtainiúil íocaíochta faoin gCur Chuige Iomlán Ranníocaíochtaí agus go mbeadh sé níos fearr as faoin gCur Chuige Meán Bliantúil, go ríomhfar cion den ráta faoin gCur Chuige Meán Bliantúil agus an chuid eile faoin gCur Chuige Iomlán Ranníocaíochtaí.
- Athróidh na comhréireanna seo de réir a chéile le himeacht ama – gheobhaidh pinsinéirí a bheadh níos fearr as faoin gcur chuige Meán Bliantúil a cháilíonn don Phinsean Stáit Ranníocach sa chéad bhliain den aistriú 90 faoin gcéad den ráta arna ríomh faoin gcur chuige Meán Bliantúil, agus 10 faoin gCur Chuige Ranníocaíochtaí Iomlána ar feadh ré a n-íocaíochta pinsin. Gheobhaidh pinsinéirí a cháilíonn sa dara bliain den aistriú 80 faoin gcéad den ráta arna ríomh faoin Meán Bliantúil, agus 20 faoin gcéad faoin gCur Chuige Iomlán Ranníocaíochtaí ar feadh ré a n-íocaíochta pinsin, agus mar sin de, agus an t-aistriú a chur i gcrích thar 10 mbliana. Tá sé seo cosúil leis an gcur chuige a glacadh san Iorua nuair a thug siad isteach athrú ar an modh ríofa.
Maidir le dearadh sonrach an Chur Chuige Ranníocaíochtaí Iomláin (CCRI), molann an Coimisiún gur cheart go mbeadh an CCRI ‘Eatramhach’ reatha ina CCRI cinntitheach i.e. 40 bliain – nó 2,080 ranníocaíocht – a theastaíonn ag aois an Phinsin Stáit chun cáiliú do phinsean uasráta. Áirítear leis seo 10 mbliana de ranníocaíochtaí creidiúnaithe agus 20 bliain de thréimhsí Aire Teaghlaigh, ach le teorainn 20 bliain le chéile tréimhsí creidiúnaithe agus Aire Teaghlaigh.
Molann an Coimisiún ráitis rialta ranníocaíochta ÁSPC a eisiúint i bhformáid atá éasca le tuiscint ionas go mbeidh ranníocóirí ÁSPC ar an eolas faoina leibhéal ranníocaíochtaí agus faoin gcaoi a mbaineann sé seo le leibhéal an Phinsin Stáit Ranníocach ar féidir leo a bheith ag súil leis. D’fhéadfaí iad seo a chur ar fáil i bhfíor-am ar MyGovID nó d’fhéadfaí iad a eisiúint chuig bosca poist digiteach duine.
$cuid Cúramóirí Fadtéarmacha
Cúramóirí Fadtéarmacha
Féach Caibidil 9: Cúramóirí Fadtéarmacha (PDF, from page 102)
Molann an Coimisiún gur cheart rochtain a thabhairt do chúramóirí fadtéarmacha (a shainmhínítear mar chúram ar feadh níos faide ná 20 bliain) ar an bPinsean Stáit Ranníocach trí ranníocaíochtaí siarghabhálacha a bheith íoctha ag an Státchiste dóibh agus iad ag druidim le haois an phinsin le haghaidh aon bhearnaí ina stair ranníocaíochta a eascraíonn as cúram.
Is chun críocha an Phinsin Stáit Ranníocach amháin a bheadh na ranníocaíochtaí, agus d’aithneofaí iad mar ranníocaíochtaí íoctha chun críocha cáiliú don Phinsean Stáit Ranníocach agus chun críocha teidlíocht ráta pinsin a ríomh faoin gCur Chuige Iomlán Ranníocaíochtaí.
- Gheobhadh sé seo réidh leis an mbac roimh chúramóirí fadtéarmacha nach bhfuil in ann, mar gheall ar fhad a saoil cúraim, 520 ranníocaíocht ÁSPC íoctha a fháil nó a cháilíonn do ráta laghdaithe pinsin.
Ba cheart don Roinn/do na Ranna Rialtais ábhartha scrúdú a dhéanamh, i gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha, ar roghanna chun ‘Clár Cúramóra Teaghlaigh’ reachtúil a chruthú a d’fhéadfadh, in am, sainaithint cúramóirí teaghlaigh fadtéarmacha a éascú chun críocha an Phinsin Stáit Ranníocach chomh maith le cuidiú le pleanáil agus seachadadh seirbhísí do chúramóirí teaghlaigh. D’fhéadfaí é seo a mheas mar chuid de thiomantas Chlár an Rialtais chun an Straitéis Náisiúnta Cúramóirí a nuashonrú.
$ cuid Aois Scoir
Aois Scoir
Féach Caibidil 10: Aois Scoir (PDF, from page 116)
Molann an Coimisiún aoiseanna scoir a ailíniú i gconarthaí fostaíochta le haois an Phinsin Stáit, le reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadaíonn d’fhostaí fanacht i bhfostaíocht go dtí aois an Phinsin Stáit ach nach gcuireann iallach air/uirthi. Ní mór d’aon reachtaíocht den sórt sin an caighdeán a cheanglaítear leis an Treoir um Chomhionannas a chomhlíonadh (a bhfuil bonn cirt oibiachtúil léi de bharr aidhm dhlisteanach mar a leagtar amach in Airteagal 6)
Is iad seo a leanas cuspóirí beartais molta na reachtaíochta seo:
- Go ginearálta, ní féidir le fostóir aois scoir éigeantaigh a shocrú faoi bhun aois an Phinsin Stáit;
- Bheadh sé tábhachtach a chinntiú nach ndéanfaí dochar do chearta maoine oibrí maidir lena gcumas dul ar scor tráth a roghnaíonn siad (beag beann ar an mbearna maidir le rochtain a fháil ar an bPinsean Stáit) agus pinsean a fháil faoina scéim pinsin ghairme nó phearsanta atá ann cheana féin;
- I gcás inar féidir, ba cheart feidhm a bheith ag na téarmaí agus coinníollacha céanna maidir le soláthar árachais, seirbhísí airgeadais agus sochar gaolmhar maidir le gach fostaí, faoi réir infhaighteacht na sochar sin ó sholáthraithe agus gan an costas a bheith díréireach d’fhostóirí;
- Bheadh feidhm ag an reachtaíocht seo maidir le conarthaí fostaíochta atá ann cheana agus conarthaí fostaíochta nua;
- Agus teorainn dhocht ag baint leo, i gcásanna ina bhfuil feidhm fós ag aois scoir faoi bhun aois an Phinsin Stáit (mar gheall ar reachtaíocht, comhaontú comhchoiteann nó ag leibhéal fostaíochta aonair), bheadh ar fhostóirí fógra a thabhairt d’oibrithe chun a chinntiú go bhfuil an t-oibrí ar an eolas go bhfuil aois scoir faoi bhun aois an Phinsin Stáit i bhfeidhm, agus fianaise a thabhairt ar chomhlíonadh an dlí i dtaca le bonn cirt oibiachtúil trí aidhm dhlisteanach agus trí mhodhanna iomchuí agus riachtanacha de;
- Ní dhéanfadh an reachtaíocht seo difear do chonarthaí fostaíochta sa chás go bhfuil an aois scoir socraithe os cionn aois an Phinsin Stáit agus nach mbeadh feidhm aici ach amháin maidir le conarthaí a bhfuil aois scoir éigeantach acu;
- Cé go bhféadfadh an Stát reachtaíocht den sórt sin a thabhairt isteach, chaithfí athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh uirthi ar bhonn tréimhsiúil chun a chinntiú go seasann sé le bonn cirt oibiachtúil le haidhm dhlisteanach.
- Moltar do chomhpháirtithe sóisialta an moladh seo a ghlacadh ar bord trí chomhaontú, i dteannta a chéile nó go háitiúil, sula n-achtófar an reachtaíocht.
Tacaíonn an Coimisiún le bearta lena n-éascaítear agus lena spreagtar saol oibre níos iomláine. Ba cheart do chomhpháirtithe sóisialta, do chomhlachtaí Rialtais ábhartha, agus don Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre breathnú air agus treoir a eisiúint maidir le bearta chun éascú a dhéanamh ar iad siúd ar mian leo leanúint ar aghaidh ag obair tar éis na haoise scoir, agus na moltaí a phlé ag fóraim chuí, lena n-áirítear Fóram Eacnamaíoch na bhFostóirí Saothair.
Molann an Coimisiún go ndéanfadh an Roinn Rialtais nó an comhlacht reachtúil ábhartha athbhreithniú chun:
- Soiléireacht a sholáthar maidir le conarthaí ar théarma seasta iarscoir i ndiaidh a chéile a úsáid agus chun a fháil amach an bhfuil comhleanúnachas i gcur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003 agus na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 – 2015.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 – 2015 maidir le soláthar agus neamhsholáthar sochar árachais nó seirbhísí airgeadais gaolmhara d’fhostaithe ar fhorais idirdhealaithe aoise.
$cuid Aois an Phinsin Stáit
Aois an Phinsin Stáit
Féach Caibidil 11: Aois an Phinsin Stáit (PDF, from page 128)
Agus tromlach suntasach (10 as 11 chomhalta *) ar a shon, molann an Coimisiún méadú incriminteach de réir a chéile ar aois an Phinsin Stáit faoi thrí mhí gach bliain ag tosú in 2028, ag sroicheadh 67 in 2031 (10 mbliana as seo amach), le méadú breise trí mhí gach dara bliain a shroicheann 68 in 2039.
- Tugadh aghaidh go pointe ar cheann de na príomhábhair imní a bhaineann le méadú ar aois an Phinsin Stáit – an bhearna idir an aois scoir thraidisiúnta i gconarthaí fostaíochta (65) agus aois an Phinsin Stáit (66) nuair a tugadh isteach an Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliana d’Aois agus tabharfar aghaidh uirthi arís eile má chuirtear i bhfeidhm moladh an Choimisiúin aoiseanna scoir a ailíniú i gconarthaí fostaíochta le haois an Phinsin Stáit. Ba chóir an reachtaíocht seo a achtú roimh aon mhéadú ar aois an Phinsin Stáit.
- Toisc go bhfuiltear á chur i bhfeidhm de réir a chéile, laghdóidh sé seo an tionchar a bheidh ag an méadú ar aois an phinsin ar na daoine a éireoidh ina bpinsinéirí roimh i bhfad.
- Bainfidh an méadú ar aois an Phinsin Stáit le gach scéim Pinsin Stáit.
- Níor thacaigh an comhalta a d’ainmnigh ICTU le haon mhéadú ar aois an Phinsin Stáit.
$cuid Rochtain Sholúbtha ar Phinsin Stáit
Rochtain Sholúbtha ar Phinsin Stáit
Féach Caibidil 12: Rochtain Sholúbtha ar Phinsin Stáit (PDF, from page 141)
Molann an Coimisiún gur cheart rochtain ar an bPinsean Stáit a bheith ar bhonn solúbtha.
Molann an Coimisiún go bhféadfaidh duine rogha a dhéanamh rochtain ar an bPinsean Stáit a chur siar suas go dtí 70 bliain d’aois, agus méadú achtúireach costas-neodrach a fháil ar a n-íocaíocht Pinsin Stáit.
Molann an Coimisiún gur féidir le duine leanúint de ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a íoc thar aois an Phinsin Stáit ag a ráta ranníocaíochta ÁSPC reatha (fostaithe, fostóirí agus daoine féinfhostaithe) chun feabhas a chur ar a dtaifead árachais shóisialaigh chun críocha an Phinsin Stáit Ranníocach.
Cuirfidh na ranníocaíochtaí ÁSPC seo ar chumas daoine aonair nach bhfuil taifead ranníocaíochta iomlán acu (agus a bhfuil rochtain iarchurtha acu ar an bPinsean Stáit) a bheith i dteideal an Phinsin Stáit Ranníocaigh, nó ráta íocaíochta an phinsin a mhéadú, mar thoradh ar na ranníocaíochtaí íoctha breise.
Mar rogha ar ceart do Rialtas aird a thabhairt air, ar an gcoinníoll go ndéantar é in éineacht le haois an Phinsin Stáit a mhéadú, measann an Coimisiún go bhfuil fiúntas ag baint le stair fhada ranníocaíochta ÁSPC a aithint trí fhoráil a chur san áireamh trína bhféadfaidh daoine a roghnaíonn dul ar scor ag 65 bliain, agus a bhfuil taifead fada Ranníocaíochtaí Iomlána (CCRI) 45 bliana acu, pinsean iomlán a fháil.
- Má dhéantar ar a aonar é, is beart é seo a chuirfidh leis an gcostas. Trí fhéachaint chuige nach mbeidh fáil air ach ag iad siúd a bhfuil stair ranníocaíochta fhada acu, agus trí choinníoll scoir a choinneáil, is féidir srian a chur le costais na rogha seo. I bhfianaise na taithí a fuarthas maidir le críochghlacadh b’fhéidir go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh air de réir mar a mhéadaíonn aois an phinsin.
$cuid Ioncam ón gCiste Árachais Shóisialta (CÁS) a mhéadú
Ioncam ón gCiste Árachais Shóisialta (CÁS) a mhéadú
Féach Caibidil 13: Ioncam ón gCiste Árachais Shóisialta (CÁS) a mhéadú (PDF, from page 152)
Molann an Coimisiún an ráta ranníocaíochta ÁSPC féinfhostaithe a mhéadú. Ar an gcéad dul síos, molann an Coimisiún go méadófaí ÁSPC Aicme S do gach ioncam féinfhostaithe de réir a chéile ó 4 faoin gcéad go 10 faoin gcéad. Sa mheántéarma, ba chóir an ráta ÁSPC Aicme S a shocrú ag an ardráta d’ÁSPC Fostóra Aicme A (11.05 faoin gcéad faoi láthair).
Ráta ÁSPC Aicme A a mhéadú d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon.
- Braitheann leibhéal an ardaithe a theastaíonn ar an bpacáiste a roghnaíonn an Rialtas a chur i bhfeidhm (más ann dó). Molann an Coimisiún Pacáiste 4, nach mbeidh méadú ar ráta ÁSPC ag teastáil uaidh d’fhostóirí agus d’fhostaithe go dtí tar éis 2030. Teastóidh méadú 1.35 pointe céatadáin in Aicme A an ceann d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon faoi 2040.
Rinne an Coimisiún plé ar raon beart ÁSPC le bearta a leathnú.
- Má leathnaítear an bonn, laghdófar an t-ualach ar ranníocóirí ÁSPC reatha, laghdófar an cháin éifeachtach riachtanach ar ioncam saothair (agus na drochthionchair atá aige seo ar éifeachtúlacht an mhargaidh saothair) agus feabhsóidh sé cothromas idirghlúine.
Molann an Coimisiún go gcoinneofaí an díolúine ó ÁSPC ar gach íocaíocht leasa shóisialaigh.
Seachas íocaíochtaí leasa shóisialaigh, molann an Coimisiún deireadh a chur leis an díolúine ó ÁSPC dóibh siúd atá 66 bliana d’aois nó os a chionn.
- Molann an Coimisiún gur chóir do gach duine atá os cionn aois an Phinsin Stáit ÁSPC a íoc ar bhonn dlúthpháirtíochta (Aicme K) ar gach ioncam atá faoi réir ÁSPC faoi láthair.
Molann an Coimisiún freisin deireadh a chur leis an díolúine chun ÁSPC a íoc ar ioncam pinsin fhorlíontaigh (pinsin cheirde agus phearsanta, agus pinsin na hearnála poiblí).