English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar an Scéim Sóisialta Tuaithe (SST)

Ar an 24 Iúil 2024, d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Coimirce Sóisialaí, Joe O’Brien TD, foilsiú na Tuarascála ar an Athbhreithniú ar an Scéim Sóisialta Tuaithe (SST), ag ócáid seolta i mBaile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo.

Is scéim tacaíochta ioncaim í an Scéim Sóisialta Tuaithe a sholáthraíonn deiseanna fostaíochta páirtaimseartha d’fheirmeoirí agus d’iascairí tearcfhostaithe, a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh sonracha. Tá beagnach 3,000 duine rannpháirteach sa SST faoi láthair, agus buiséad de €52 milliún aici le haghaidh 2024.

Bhí an t-athbhreithniú seo ceaptha chun féachaint ar ról an SST, ar a tábhacht leanúnach maidir leis an tírdhreach ag athrú, an maoiniú agus na hacmhainní a bhíonn ag teastáil chomh maith leis na socruithe rialachais/bainistíochta iomchuí. B’fhairsing an t-athbhreithniú é agus rinneadh iniúchadh ar gach gné den scéim leis, lena n-áirítear a bunús, a tionchar sochaíoch agus a hinbhuanaitheacht.

Bhí próiseas comhairliúcháin cuimsitheach mar bhonn eolais d’athbhreithniú na SST, lena n-áirítear rannpháirtithe, maoirseoirí, comhlachtaí cur chun feidhme agus urraitheoirí tionscadail, chomh maith le ranna rialtais agus comhlachtaí tionscal ionadaíocha. Baineadh úsáid as anailís treochta, suirbhé, comhairliúchán poiblí agus imeachtaí ceardlainne ar an láthair leis an athbhreithniú seo, chun léargas a fháil ó na páirtithe leasmhara uile agus ón phobal i gcoitinne.

Ba iad seo a leanas cuid de na príomhthorthaí ó Thuarascáil Athbhreithnithe na SST:

  • cuireann an SST feidhm chuimsithe sóisialta agus tacaíochta ioncaim ar fáil d’fheirmeoirí agus d’iascairí ar ioncam íseal
  • cuireann an SST príomhsheirbhísí pobail ar fáil, lena n-áirítear cothabháil áiseanna spóirt, láithreacha fóillíochta pobail agus bealaí siúil slímharcáilte chuig pobail tuaithe
  • is cúis imní é an laghdú ar rannpháirtíocht ó 2019 mar go bhféadfadh pobail tuaithe a bheith fágtha gan príomhsheirbhísí pobail

Cuimsítear 19 moladh sa tuarascáil chun dul i ngleic le hinbhuanaitheacht na SST le leanúint léi i dtaca le tacaíocht ioncaim, cuimsiú sóisialta, agus soláthar seirbhíse a chur ar fáil i bpobail tuaithe.

Report on the Review of the Rural Social Scheme (RSS)
July 2024
Amharc amharc