Tuarascáil Bhliantúil 2012
- Foilsithe: 10 Aibreán 2014
- An t-eolas is déanaí: 7 Feabhra 2023
Cuirimse fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2012, rud a dhéanann cur síos ar an líon oibre atá déanta ag an Roinn in 2012 agus ar an gcaoi a bhfuil an Roinn ag cur le téarnamh fioscach agus socheacnamaíoch na tíre.
Bhí gá le cur chuige agus athrú ó bhonn ann mar gheall ar mhéid na géarchéime eacnamaíochta bhí mar oidhreacht ag an Rialtas seo, chun na fadhbanna a chruthaigh sí a réiteach. Caithfidh Leas Sóisialach a bheith mar líontán sábhála agus mar thús maith chomh maith. Ó chuaigh mé i mbun na hoifige seo, tá mé dírithe ar an Roinn a chlaochlú ón soláthraí éighníomhach sochar a bhí ann roimhe seo go soláthraí a bhíonn i dteagmháil go gníomhach le cuardaitheoirí poist, le cuidiú leo post a fháil.
Is cuid mhór dá hoibríochtaí í an tseirbhís a bhí curtha ar fáil go traidisiúnta ag an Roinn go fóill, is é sin, tacaí ioncaim a chuir ar fáil do dhaoine atá ar an ngannchuid, bíodh tacú le teaghlaigh, cuardaitheoirí poist, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí, daoine ar scor agus seanóirí i gceist. Ní athróidh sé seo, agus tá sé léirithe ag taighde idirnáisiúnta go bhfuil córas aistrithe shóisialta na hÉireann i bhfad níos éifeachtaí i gcosc a chur le bochtaineacht ná mar atá an córas i dtíortha eile san AE.
Ach tá páirt ríthábhachtach ag an Roinn chomh maith i ndaoine a chur ag obair, trí thacú le deiseanna oideachais, oiliúna agus taithí oibre do chuardaitheoirí poist agus trí obair le fostóirí, chun ligean leis an tallann agus le cabhrú leo na daoine is oiriúnaí dá n-eagraíochtaí a aimsiú.
Sheol an Taoiseach agus mé féin Intreo go foirmiúil i nDeireadh Fómhair 2012, seirbhís nua chomhtháite fostaíochta agus tacaíochta na Roinne le cabhrú le cuardaitheoirí poist obair a fháil arís. Ciallaíonn an cur chuige “ionad ilfhreastail” seo go bhfuil tacaí fostaíochta agus ioncaim á dtairiscint anois in aon áit amháin den chéad uair. Léiríonn agus díríonn sé seo níos fearr ar na riachtanais ar leith atá ar ár gcustaiméirí agus tá sé i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. Comhlíonann cur i bhfeidhm leanúnach sheirbhís Intreo ar fud na tíre an príomhchuspóir i Ráiteas Straitéise 2011-2014, is é sin, an Roinn a chlaochlú ina soláthraí seirbhíse atá comhtháite agus dírithe ar ghníomhachtú agus a bhfuil an custaiméir mar chroílár aici.
Bhí mé an-sásta 1,000 áit bhreise a fhógairt i scéim JobBridge i mBealtaine 2012, agus tá measúnacht neamhspleách ar JobBridge tar éis a léiriú go leanann 61% de na hintéirnigh ar aghaidh chun poist a fháil nuair a bhíonn a gcuid socrúchán críochnaithe acu. Tá sé seo go han-mhaith i gcomparáid le meáin Eorpacha i dtaca le scéimeanna socrúcháin oibre.
Agus a réimse leathan seirbhísí á chur ar fáil aici, tá dualgas ar an Roinn a chinntiú go ndéantar íoslaghdú ar chalaois agus earráidí; rinneadh sárú de thuairim is €24m ar sprioc coigilte rialaithe 2012 agus déanann an tuarascáil seo cur síos ar ghníomhartha agus tionscnaimh a glacadh sa réimse seo i rith na bliana.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann na Roinne. Tar éis an chumaisc is mó i stair sheirbhís phoiblí na hÉireann, tá an Roinn ar na heagraíochtaí seirbhíse poiblí is mó sa tír anois. Tá mé bródúil as an gcaoi ar éirigh le foireann na Roinne na hathruithe a bhain leis seo a chur i bhfeidhm go rianúil; chuaigh siad i ngleic leis na dúshláin a bhain leis na traidisiúin is fearr de sheirbhís phoiblí na hÉireann a choinneáil.
Joan Burton T.D.
An tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí