Tuarascáil Bhliantúil 2013
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2015
- An t-eolas is déanaí: 2 Feabhra 2023
Ó ceapadh i m'Aire Coimirce Sóisialaí mé, dhírigh mé ar an Roinn a athrú go mór ón soláthraí sochar neamhghníomhach a bhí inti le fada, go seirbhís fostaíochta poiblí atá gníomhach agus rannpháirteach, agus a chabhraíonn le daoine dífhostaithe dul ar ais ag obair. Rinneadh dul chun cinn suntasach sa bhliain 2013 chun an sprioc seo a bhaint amach.
Ag deireadh 2013, bhí 61,000 duine breise ag obair, méadú fostaíochta 3.3% i gcomparáid le 2012. Tháinig laghdú 41,400 nó 14.1% ar líon na ndaoine dífhostaithe i rith na bliana. Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil ag éirí le hiarracht gan staonadh an Rialtais poist a chruthú agus daoine a chur ar ais ag obair. Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí an Phríomhroinn maidir leis an straitéis Conairí chun Oibre, a chuireann le Plean Gníomhaíochta chun Oibre an Rialtais. Tá an Plean Gníomhaíochta deartha chun dlús a chur leis an aistriú go geilleagar inbhuanaithe atá saibhir ó thaobh post de, agus is í aidhm Conairí chun Oibre ná a chinntiú go dtabharfar oiread agus is féidir de na poist nuachruthaithe seo chuig daoine ar an mBeochlár.
Cuid ríthábhachtach den phlean seo ná sraith de phríomhleasuithe, amhail Ionaid nua de chuid Intreo a chur in áit na seanoifigí leasa shóisialaigh. Tá 44 Ionad de chuid Intreo ann anois agus iad ag comhtháthú seirbhísí fostaíochta le seirbhísí íocaíochta sochar in 'ionad ilfhreastail' inar féidir le cuardaitheoirí poist teacht ar thacaíochtaí ioncaim agus ar thacaíochtaí fostaíochta le cabhrú leo filleadh ar obair, oideachas nó oiliúint.
Cuireadh córas nua próifílithe i bhfeidhm in 2013 a dhéanann measúnú ar a dhóchúla is atá sé go bhfaighidh duine post nuair a éilíonn sé/sí sochair ar dtús. Is í an tairbhe is mó a bhaineann leis an gcóras próifílithe ná go n-aithníonn sé na daoine siúd is dóchúla a bheidh i mbaol dífhostaíochta fadtéarmaí nuair a dhéanann siad teagmháil leis an tseirbhís i dtosach. Ciallaíonn sé seo gur féidir linn ár gcuid seirbhísí a chur in oiriúint chun tacú leis na daoine seo go sonrach.
Bhi an dífhostaíocht i measc na n-óg mar thosaíocht agam i rith Uachtaránacht na hÉireann ar an AE anuraidh agus d'éirigh linn comhaontú polaitiúil a bhaint amach maidir le Ráthaíocht d’Aos Óg. Tugann an Ráthaíocht d’Aos Óg deiseanna do dhaoine óga atá ag teastáil uathu chun barr a gcumas a bhaint amach. Is í príomhaidhm na Ráthaíochta ná a chinntiú go bhfaighidh cuardaitheoirí óga tairiscint ar obair, oiliúint nó oideachas ar ardchaighdeán tamall gearr tar éis dóibh a bpoist a chailleadh.
Sna sála ar seo, dheimhnigh mé i mí Dheireadh Fómhair 2013 gur roghnaíodh Baile Munna, Baile Átha Cliath, mar cheann de na chéad Scéimeanna Ráthaíocht d’Aos Óg a bhí le tosú san AE tar éis don Choimisiún Eorpach agus don Rialtas an maoiniú a cheadú. Mar chuid den scéim seo beidh teacht ag daoine óga ar threoir agus cúnamh gairme, rudaí a chabhróidh le plean gairme ar leith a chruthú don duine óg dífhostaithe, agus leanúint ar aghaidh go hoiliúint, go hoideachas, go taithí oibre nó fostaíocht lánaimseartha. Beidh na ceachtanna a fhoghlaimeofar mar chuid den scéim seo ina gcúnamh agus polasaí náisiúnta maidir le forbairt Scéimeanna Ráthaíocht d’Aos Óg ar fud na hEorpa á chur in eagar amach anseo.
Tá athrú ó bhonn suntasach idir láimhe i mo Roinn i láthair na huaire. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'fhoireann na Roinne agus buíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre, as a dtiomantas agus as a ndíograis agus iad ag cinntiú go gcuirimid seirbhísí níos nua-aimseartha, níos éifeachtúla agus níos dinimiciúla ar fáil dár gcustaiméirí, rud a fheidhmíonn mar líontán sábhála dóibh siúd is mó a bhfuil sé de dhíth orthu, agus mar tús maith ar ais chun oibre do chuardaitheoirí poist, fad is a chinntítear go gcaitear airgead na gcáiníocóirí go stuama.
Joan Burton T.D.
An tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí