English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil Bhliantúil 2014

Sa bhliain 2014, leanadh leis an obair chun An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a dhéanamh ina seirbhís fostaíochta poiblí atá gníomhach agus atá dírithe ar fhostaíocht a chur ar fáil arís do dhaoine atá dífhostaithe. Glacadh céimeanna suntasacha i dtreo na críche sin; ar cheann acu, ceapachán Kevin Humphreys T.D ina Aire Stáit sa Roinn, agus freagracht ar leith air i ndáil le Tacaíocht Fostaíochta, Pobail agus Sóisialta. Chuaigh an tAire Humphreys isteach sa Roinn i mí Iúil na bliana 2014 agus tá ag cur straitéisí na Roinne chun cinn ó shin.

I gcomhpháirt leis an Taoiseach, Enda Kenny TD, bhí lúcháir orm tús a chur leis an tionscnamh Conairí chun Oibre 2015, a bhfuil sé mar sprioc aige tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin i ndáil le cuardaitheoirí poist a chur ar ais ag obair, go háirithe daoine atá dífhostaithe le fada an lá agus daoine óga atá dífhostaithe. Mar chuid den straitéis seo de chuid an Rialtais iomláin, déantar fostaíocht agus traenáil a thagarmharcáil ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus déantar na torthaí á fhoilsiú chun fheidhmíocht na straitéise i ndáil lena spriocanna a mheas. Mar chuid den phróiseas seo, déantar measúnú ar Ionaid Intreo, atá den chéad uair ag cur tacaíochtaí ioncaim agus fostaíochta comhtháite ar fáil in aon áit amháin, agus foilseofar na staitisticí feidhmíochta do na hionaid ar fad. Chomh maith leis seo, leagtar béim ar leith sa straitéis i 2015 ar rannpháirteach fostóirí, a chinnteoidh go bhféachfaidh siad chuig an mBeochlár agus iad ag earcú.

Le linn 2014, chloígh an Roinn lena gealltanas i ndáil le cuardaitheoirí óga poist. I mí Eanáir, d'fhoilsigh an Rialtas an plean chun an Ráthaíocht d’Aos Óg a chur i ngníomh agus tugadh Ráthaíocht d’Aos Óg Bhaile Munna (BYG), scéim phíolótach a fuair maoiniú ón AE, chun críche i mí na Nollag 2014. Úsáideadh cur chuige gníomhach sa scéim a dhírigh ar riachtanais an duine óig chun tacú leo ar chonair inmharthana chun fostaíochta. Bhí an scéim i bhfeidhm le linn 2014 agus bhí beagnach 700 duine óg páirteach sa phróiseas. Déanfar measúnú ar thorthaí na scéime in 2015.

Le linn 2014, lean an Roinn lena cuid oibre ag tacú le teaghlaigh i bhfostaíocht ar bhealaigh shuntasacha. Gnéith atá ag croílár Chonairí chun Oibre ná go mbeadh luach saothair i gcónaí le hobair, rud a laghdóidh spleáchas fadtéarmach ar shochar leasa shóisialaigh. Tá sé suntasach gur cuireadh leis an soláthar do Scéim an Fhorlíonta Ioncaim Teaghlaigh sa bhliain 2014, rud a thacaíonn leis an bhfianaise go bhfuil daoine níos fearr as a bheith ag obair. Is céim aistir é an Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh do dhaoine agus iad ag cur bonn láidir futha sa bhfostaíocht, a chinntíonn go bhfuil siad níos fearr as i bhfostaíocht agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil dóibh le go mbeidh siad neamhspleáchas ó thaobh airgid de le himeacht aimsire, le go mbeadh ar a gcumas todhchaí níos fearr a chuir ar fáil dá dteaglach.

Is léiriú níos fearr é an tAcht um Chlárú Sibhialta (Leasú) 2014, a achtaíodh i mí na Nollag, ar na ceanglais a bhaineann le hÉirinn an lae inniu. Pléann sé le clárú "ócáidí móra saoil" dála breitheanna, póstaí, páirtnéireachtaí sibhialta agus básanna. Chomh maith leis sin, ní mór faoin Acht go ndéanfaí ainm an athar a chlárú go héigeantach ar theastas breithe. Is í seo an chéad uair go gcuirtear an prionsabal seo i bhfeidhm sa reachtaíocht, a chuireann taca faoi chearta an linbh de réir reachtaíocht an Aontais Eorpaigh; rochtain a bheith aige/aici ar shonraí a bhreithe nó a breithe. Rachaidh sé go mór chun tairbhe don leanbh é féin agus do na glúinte atá le teacht, atá ag cinntiú go bhfuil na sonraí iomlána agus beachta seo anois á gclárú ag breith an linbh.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt agus buíochas a ghabháil le foireann na Roinne as a gcuid oibre agus as a ndúthracht agus iad ag cur seirbhíse atá ar ardchaighdeán ar fáil le linn bliana eile a raibh neart dúshlán bainteach léi. Agus dúshláin nua romhainn i 2015, tá mé muiníneach go mbeimid in ann dul i ngleic leo agus go gcoinneoimid orainn le seirbhís Leasa Shóisialaigh ar ardchaighdeán a chur ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag brath uirthi.

Joan Burton T.D.

Tánaiste agus Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

Tuarascáil Bhliantúil 2014
This Annual Report represents the final report on the Department’s Statement of Strategy 2011 to 2014.
Amharc amharc