English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil Bhliantúil 2015

Réamhrá ón Tánaiste agus Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Joan Burton

Is cúis áthais dom foilsiú Thuarascáil Bhliantúil na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí don bhliain 2015. Léirítear sa tuarascáil seo an dul chun cinn atá á dhéanamh chun feabhas mór, suntasach a chur i bhfeidhm sa Roinn agus atá tar éis an Roinn a aistriú ó sholáthraí sochar neamhghníomhach go heagraíocht cheannródaíoch ina ndírítear ar spriocanna a chomhlíonadh agus ina gcuirtear an cliant chun tosaigh.

Léiriú atá sa tuarascail seo freisin ar thiomantas an Rialtais chun seirbhís leasa shóisialaigh a sholáthar a théann i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin roimh shochaí na hÉireann. Cuireann an caiteachas ar luach €20 billiún do sheirbhísí leasa shóisialaigh sa bhliain 2015 taca faoin dtiomantas sin. Bhí áthas orm go háirithe mar gheall ar na hathruithe chun feabhais d'fhaighteoirí leasa shóisialaigh mar chuid de Bhuiséad 2016; lena n-áirítear, an chéad mhéadú sa ráta seachtaine pinsin ó 2009, agus bónas na Nollag á thabhairt ar ais go luach 75%, rud a chuaigh chun tairbhe do 1.2 milliún faighteoir leasa shóisialaigh agus a chur borradh faoin ngeilleagar baile.

Níl dabht ach go raibh ról lárnach ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí sa bhliain 2015 i ndáil le tacú le dul chun cinn gheilleagar na hÉireann. An chuid is tábhachtaí den dul chun cinn sin ná na tionscnaimh atá dírithe ar chuardaitheoirí poist. De réir mar a chruthaítear post nua, déanann sé tairbhe inláimhsithe agus ceart don duine a fhaigheann an post, agus go minic téann sé chun tairbhe dá t(h)eaglaigh dá réir. Thit líon na ndaoine atá dífhostaithe ó phointe géarchéime 15.1% sa bhliain 2012 go 8.8% ag tús na bliana 2016 agus cé go bhfuil neart oibre le déanamh fós, tá an tseirbhís Intreo, comhtháthú na seirbhísí fostaíochta a bhíodh faoi chúram FÁS agus na seirbhísí leasa shóisialaigh a bhíodh faoi chúram Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS), tar éis dul go mór chun tairbhe na gcuardaitheoirí poist.

Léiríodh i suirbhé neamhspleách ar shásamh custaiméirí, a rinneadh le cuardaitheoirí poist, a rinneadh i dtreo dheireadh na bliana 2015, gur chreid 75% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé go raibh seans níos fearr acu post a fháil, de bharr seirbhísí Intreo. D'eagraigh an Roinn an suirbhé seo, ag teacht le tiomantais mar chuid do straitéis Conairí chun Oibre an Rialtais, chun cuidiú le cuardaitheoirí poist agus iad ar thóir oibre, oiliúna agus oideachais.

Tar éis mé a cheapadh mar Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí i mí an Mhárta 2011, thuig mé go soiléir ról lárnach na Roinne seo i saol na hÉireann.

Téann scéimeanna agus seirbhísí na Roinne chun tairbhe do chách sa tsochaí, go díreach nó go hindíreach, agus luíonn sé le réasún go gcuireann an Roinn béim ar sheirbhís seachadta a nuachóiriú, chun gur féidir le seirbhísí nua-aimseartha, éifeachtacha agus dinimiciúla a chur ar fáil dá bonn éagsúil custaiméirí.

Is cúis mhór bhróid í an méid atá bainte amach ag foireann na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí le linn 2015 agus gabhaim buíochas leo as a gcuid oibre agus as a ndúthracht chun feabhais le linn tréimhse atá an-dúshlánach.

Joan Burton T.D.

Tánaiste agus Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

25 Aibreán, 2016

An Roinn Coimirce Sóisialaí Tuarascáil Bhliantúil 2015
This is the first Annual Report on the Department’s Statement of Strategy 2015 to 2017. It outlines the progress the Department has made during 2015 on delivering on the objectives set out in the strategy.
Amharc amharc