Tuarascáil Bhliantúil 2016
- Foilsithe: 27 Lúnasa 2018
- An t-eolas is déanaí: 24 Eanáir 2023
Réamhfhocal leis an Aire Coimirce Sóisialaí Leo Varadkar
Is díol áthais dom é go bhfuil Tuarascáil Bhliantúil na Roinne Coimirce Sóisialaí i gcomhair na bliana 2016 anois i gcló.
Ó ceapadh i m'Aire Coimirce Sóisialaí mé sa bhliain 2016, is díol suntais dom a shuntasaí agus a héagsúla is atá ról na Roinne seo. Is í an Roinn is mó de chuid an Rialtais í, ina bhfuil 6,000 státseirbhíseach, agus tá buiséad beagnach €20bn aici. Tá sí freagrach as na híocaíochtaí seachtainiúla agus míosúla le breis is 1.5 milliún duine, idir dhaoine aonair agus teaghlaigh, agus is le pinsinéirí agus leanaí a dhéantar breis is leath de na n-íocaíochtaí. Ina theannta sin, soláthraíonn an Roinn tacaíocht ioncaim do 800,000 duine eile, lena gcuimsítear daoine faoi mhíchumas, cúramóirí, teaghlaigh aontuismitheora agus cuardaitheoirí poist.
Chun na críche sin, tríd an raon leathan seirbhísí a sholáthraíonn sí, bíonn tionchar ag an Roinn ar shaol beagnach gach saoránach sa Stát i rith a shaoil nó a saoil – ón sochar linbh go dtí an pinsean stáit agus gach rud a d'fhéadfadh tarlú eatarthu – máithreachas, atharthacht, breoiteacht, dífhostaíocht agus iomarcaíocht.
Sa dul chun cinn atá leagtha amach sa tuarascáil seo, léirítear an raon leathan athchóirithe seirbhíse agus athchóirithe beartais a chuir an Roinn chun feidhme in 2016, chun cabhrú le daoine dífhostaithe post a aimsiú, chun freastal ar na hathruithe atá ag teacht ar na riachtanais agus na mianta atá ag teaghlaigh agus chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí.
Ba chúis áthais dom ach go háirithe sa bhliain 2016, saoire atharthachta íoctha a thabhairt isteach ó mhí Mheán Fómhair. Tabharfaidh sé seo deis d'aithreacha ról níos gníomhaí a ghlacadh le linn laethanta luatha shaol a leanaí, agus an tús is fearr agus is féidir a thabhairt do na leanaí sin dá bharr. Ar bhuaicphointí eile de chuid 2016, laghdaigh an ráta dífhostaíochta go dtí 7.3%, sárú ar an sprioc a bhí againn chun fostaíocht a aimsiú do 20,000 duine a bhí dífhostaithe go fadtéarmach roimhe sin. D'éirigh liom pacáiste Buiséid €330 milliún a fháil, a d'fhág go rabhamar in ann €5 in aghaidh na seachtaine a chur leis an bpinsean stáit, mar aon leis na chéad mhéaduithe ó 2009 ar na híocaíochtaí seachtainiúla a dhéantar le daoine faoi mhíchumas, cúramóirí, daoine dalla, baintreacha, teaghlaigh aontuismitheora agus cuardaitheoirí poist, i measc eile. Ina theannta sin, d'éirigh liom comhaontú a bhaint amach go n-íocfaí bónas na Nollag ar ráta méadaithe 85 faoin gcéad.
In 2016, foilsíodh Ráiteas Straitéise nua na Roinne Coimirce Sóisialaí le haghaidh 2016 - 2019. Sa straitéis sin, cuirfear chun feidhme na tosaíochtaí atá leagtha amach sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta.
Is é an tosaíocht is mó dár gcuid do na blianta beaga atá romhainn ná coinneáil leis an gcur chuige stuama i leith an gheilleagair agus an chaiteachais phoiblí agus a chinntiú nach ndéanfaimid arís na botúin a rinneadh cheana, ach go ndéanfaimid soláthar le haghaidh méaduithe beaga, inbhuanaithe ar ioncaim agus chun seirbhísí poiblí agus bonneagar a fheabhsú. Táimid ag iarraidh a chinntiú go rachaidh an téarnamh chun tairbhe dúinn go léir, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár.
Táim ag díriú go tréan ar fhostaíocht, ar athchóiriú pinsin, agus ar Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht a fhorbairt chun an bhochtaineacht i measc leanaí a laghdú agus a chinntiú nach mbeidh teaghlach ar bith níos fearr as agus iad ag maireachtáil ar íocaíochtaí coimirce sóisialaí ná mar a bheidís de bharr fostaíochta. Tá sé de sprioc agam a chinntiú go bhfaighidh daoine luach saothair as a gcuid oibre trí athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras ÁSPC agus trí phrionsabal na ranníocaíochta a threisiú.
Chomh maith leis sin, táim ag cur Beart Nua do Dhaoine Féinfhostaithe chun feidhme, ar féidir leo leas a bhaint as Sochar Súl agus Sochar Fiaclóireachta anois. Anonn sa bhliain, beidh fáil acu ar líontán sábhála tacaíochtaí ioncaim ón Stát más rud é go bhfágfaidh drochbhreoiteacht nó drochghortú nach féidir leo a bheith ag obair gan iad a bheith faoi réir tástáil acmhainne.
Ó ceapadh i m'Aire Coimirce Sóisialaí mé, tá ardchaighdeán na foirne tar éis dul i bhfeidhm orm go mór. Táim féin agus mo chomhghleacaí, an tUasal Finian McGrath, T.D., an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith air i ndáil le Daoine faoi Mhíchumas, ag tnúth le leanúint leis an dlúthchomhar maidir le cur chun feidhme na dtosaíochtaí atá leagtha amach sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta.
Leo Varadkar T.D.
An tAire Coimirce Sóisialaí