Tuarascáil Bhliantúil 2017
- Foilsithe: 13 Meán Fómhair 2018
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2022
Réamhrá ón tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Regina Doherty T.D.
Cuirim fáilte roimh fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla 2017 na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Ó ceapadh i m'Aire mé in 2017, cuireadh i gcuimhne dom I gcónaí an ról éagsúil agus tábhachtach atá ag an Roinn. Is í an Roinn is mó sa Rialtas le breis is 6,000 státseirbhísigh.
Gach seachtain, faigheann beagnach 1.6 mhilliún duine íocaíocht leasa shóisialaigh. Baineann beagnach 2.1 mhilliún duine tairbhe as na híocaíochtaí seo, nuair a chuirtear daoine fásta agus páistí cáilithe san áireamh. Caitheann ár Roinn thart ar €20 billiún in aghaidh na bliana ar scéimeanna agus sochair do theaghlaigh agus daoine aonair inár sochaí. Tá go leor againn le bheith bródúil as.
Chun na críche sin, bíonn tionchar ag an Roinn ar shaol beagnach gach saoránach sa Stát i rith a shaol, tríd an raon leathan seirbhísí a chuireann sí ar fáil; ó shochar linbh chuig an bPinsean Stáit agus gach sochar idir an dá íocaíocht sin amhail máithreachas, atharthacht, breoiteacht, dífhostaíocht agus iomarcaíocht.
Mar Rialtas, is í ár bpríomhthosaíocht do na blianta beaga atá romhainn ná a bheith cúramach lenár gcur chuige I leith an gheilleagair agus caiteachais phoiblí. Mar Roinn, is í ár dtosaíocht ná úsáid a bhaint as ár n-airgeadais phoiblí feabhsaithe le haghaidh leas ár ndaoine a fheabhsú – go háirithe dóibh siúd is mó a theastaíonn é. Nó, chun úsáid a bhaint as na focail inár ráiteas misin, cuirimid rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú sa tsochaí chun cinn le creat nagcearta fostaíochta agus trí thacaíochtaí ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí eile a sholáthar.
Léiríonn an tuarascáil seo an raon leathan de sheirbhísí agus athchóirithe beartais a chuir an Roinn i bhfeidhm le linn na bliana seo caite. Tá Sochar Cóireála leathnaithe againn do dhaoine féinfhostaithe. Táimid ag obair chun nuachóiriú a dhéanamh ar ár gcóras pinsin agus ag an am céanna táimid ag leanúint ar aghaidh ag díriú ar acmhainní do dhaoine is mó a theastaíonn iad.
Rinneamar dul chun cinn ar ár dtosaíochtaí go léir i mBuiséad 2018. Mhéadaíomar ráta na n-íocaíochtaí seachtainiúla do 1.47 milliún tairbhí lena n-áirítear pinsinéirí, tuismitheoirí aonair, cuardaitheoirí poist, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus baintreacha. Mhéadaíomar an tíosphá náisiúnta. D'fheabhsaíomar an Dreasacht Earcaíochta JobsPlus chun fostóirí a spreagadh chun oibrithe níos sine a fhostú. Tá an Liúntas Breosla leathnaithe againn go 27 seachtaine agus don chéad uair thugamar an rogha do chustaiméirí íocaíochtaí cnapshuime a dhéanamh.
Tá m'fhócas dírithe go dian ar fhostaíocht, athchóiriú pinsin, agus bochtaineacht leanaí a laghdú. Táim ag iarraidh a chinntiú go bhfuil teaghlaigh níos fearr as ag obair ná ar leas sóisialach. Tá sé ina sprioc agam a chinntiú go mbeidh luach saothair ag daoine as an obair trí athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras ÁSPC agus trí phrionsabal na ranníocaíochta a threisiú.
San áireamh leis na spriocanna sonracha atá agam don bhliain atá romhainn tá athchóiriú pinsin, coinníollacha oibre feabhsaithe d'oibrithe neamhshlán, agus athchóiriú ar an Acht um Inscne a Aithint.
Ó ceapadh i m'Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí mé, is mór a chuaigh ardchaighdeán agus tiomantas na foirne sa Roinn i bhfeidhm orm i gcónaí. Gabhaim buíochas leo as a dtiomantas, ar son na milliúin a bhaineann tairbhe as a gcuid oibre iontaí.
Regina Doherty T.D. An tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí