English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil Bhliantúil 2018

Réamhrá ón tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty T.D.

Cuirim fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2018 na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Ó ceapadh mé mar Aire in 2017, tá bród orm a bheith igceannas ar an Roinn agus í ag déanamh difear do shaol líon mór Éireannach gach seachtain. Go deimhin, faigheann níos mó ná 1.3 milliún duine íocaíocht leasa shóisialaigh de shaghas éigin gach seachtain in Éirinn. In 2018 chaith mo Roinn breis is €20 billiún ar scéimeanna agus sochair do theaglaigh agus daoine inár sochaí, agus rinneadh thart ar 80.6 milliún íocaíocht ar leith le faighteoirí leasa shóisialaigh i rith na bliana.

Is í mo Roinn an ceann is mó sa Rialtas agus tá beagnach 6,000 státseirbhíseach ag obair inti. De bharr an raon leathan seirbhísí a chuireann sí ar fáil, bíonn tionchar dearfach ag an Roinn ar shaol beagnach gach saoránach sa Stát i rith a saoil; ó shochar linbh chuig an bpinsean Stáit agus gach tarlú suntasach eatarthu - lena n-áirítear máithreachas, atharthacht, breoiteacht, míchumas, dífhostaíocht agus iomarcaíocht.

Le linn 2018, leanadh ar aghaidh leis an téarnamh fostaíochta agus bhí fás eacnamaíoch seasmhach ann. Mar Rialtas, is é ár bpríomhthosaíocht don bhliain atá romhainn ná leanúint ar aghaidh lénar gcur chuige cúramach i leith an gheilleagair agus bainistíocht caiteachais phoiblí. Mar Roinn, is é ár dtósaíocht ná dul i ngleic le riachtanais dóibh siúd is mó a bhfuil ár gcabhair de dhíth orthu, bochtaineacht a laghdú agus feabhas a chur ar rochtain fostaíochta. Léirítear go raibh an tionchar ba mhó ag na hathruithe sa Bhuiséad in 2018 ar theaghlaigh nach bhfuil ag tuilleamh, agus tháinig méadú ar a n-ioncam, a ndeiseanna agus laghdaíodh bochtaineacht. Tá mo Roinn tiomanta don rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú gníomhach sa tsochaí a chur chun cinn trí chreat cearta fostaíochta agus tacaíochtaí ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí eile a chur ar fáil. Táim ag obair go díograiseach chun a chinntiú go mbeidh sé de shíor níos fiúntaí a bheith ag obair ná a bheith ag brath ar leas amháin.

Sa tuarascáil bhliantúil seo tarraingítear aird arís ar an raon leathan seirbhísí agus athchóirithe beartais a chuir an Roinn i bhfeidhm le linn na bliana seo caite. In Iúil, i ndiaidh próiseas comhairliúcháin phoiblí, d'fhoilsíomar tuairisc faoin Athbhreithniú ar an Acht um Inscne a Aithint. Síníodh Scéim na Díbhinne Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair níos faide ná 2021 agus chuir mo Roinn €54m ar fáil i maoiniúchán béilí scoile chun tacú le níos mó ná 250,000 leanbh. Cuireadh maoiniúchán de €1.76m ar fáil d'oiliúint agus tacaíochtaí do chúramóirí agus cuireadh maoiniúchán de €16m ar fáil do “Ability”- clár nua réamhghníomhachtaithe do dhaoine óga faoi mhíchumas.

Mar aitheantas don tábhacht a bhaineann le tacaíocht a chur ar fáil do thuismitheoirí leanaí óga agus an chéad bhliain i saol an linbh, d'fhógair mé scéim nua um shochair tuismitheora sa Bhuiséad 2019 a ligfidh don bheirt thuismitheoirí rochtain a fháil ar Shaoire Íoctha Thuismitheoireachta le linn na chéad bhliana de shaol an linbh.

Le linn 2018, mar chuid dár bproiséas comhairliúcháin réamhbhuiséid, ardaíodh an cheist faoi chostas míchumais. Laistigh den Bhuiséad, d'fhogair mé go bhfuil sé ar intinn agam taighde ar an gceist seo a choimisiúnú - an chéad chéim chun dul i ngleic go cuimsitheach agus go héifeachtúil leis an gceist. Cuirfidh an taighde sin, agus é bainte amach, plean mionsonraithe ar fáil chun eolas a dhéanmah don treo polasaí amach anseo – ó dhearcadh an Rialtais iomlán – maidir le soláthar sásúil tacaíochta chun freastail ar riachtanais daoine faoi míchumas.

Faoi dheireadh 2018, bhí mé in ann a chinntiú chomh maith íocaíocht Bhónas na Nollag ag ráta 100% - agus an Bónas a thabhairt ar ais ina iomlán mar aitheantas do riachtanais daoine atá ag brath, ó thaobh airgid de, go fadtéarmach ar a n-íocaíocht leasa shóisialaigh mar a n-ioncam go léir nó an chuid is mó de, daoine ar nós pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas agus cúramóirí.

Ina theannta sin, táim tiomanta do rochtain a fheabhsú ar leas sóisialach dóibh siúd atá féinfhostaithe. Thosaigh sé sin in 2017 le leathnú na Sochar Cóireála agus an tSochair Atharthachta chun lucht Féinfostaithe a chur san áireamh. In 2019 tabharfar isteach Sochair Cuardaitheora Poist do lucht féinfhostaithe den chéad uair.

Táimid ag leanúint le hobair a dhéanamh ar leasú agus nuachóiriú ár gcórais phinsin agus tá comhairliúchán poiblí suntasach déanta a thacóidh le heolas a dhéanamh do chinntí an Rialtais maidir le struchtúr oibriucháin don chóras um Chlárú Uathoibríoch. Is córas coigiltis scoir breise Státurraithe é sin. Faoin gcóras, clárófar go huathoibríoch fostaithe nach bhfuil coigilteas scoir pearsanta acu ar chóras coigiltis scoir ar cháilíocht dhearbhaithe. Clárófar na chéad bhaill den chóras nua sin in 2022.

Tá dul chun cinn déanta againn ar ár dtosaíochtaí go léir i mBuiséad 2019. Mhéadaíomar ráta na n-íocaíochtaí seachtainiúla do níos mó ná 1.3 milliún tairbhí lena n-áirítear pinsinéirí, tuismitheoirí aonair, cuardaitheoirí poist, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus baintreacha. Chuireamar le coinníollacha oibre oibrithe gan obair bhuan. Tá m'fhócas dírithe go dian ar fhostaíocht, athchóiriú pinsin, agus bochtaineacht leanaí a laghdú. Tá sé ina sprioc agam a chinntiú go mbeidh luach saothair ag daoine as an obair trí athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras ÁSPC agus trí phrionsabal na ranníocaíochta a threisiú. Ba mhian liom a chinntiú nach bhfágann téarnamh geilleagrach aon duine ina dhiaidh. Leagfar amach ár spriocanna fadtéarmacha ar an ábhar sin i Stráitéis um Ionchuimsiú Sóisialta nua a fhoilseofar i lár 2019.

Ó ceapadh i m'Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí mé, is mór a chuaigh tiomantas agus díograis na foirne sa Roinn i bhfeidhm orm. Gabhaim buíochas leo as a dtiomantas, ar son na milliúin a bhaineann tairbhe as a gcuid oibre.

Regina Doherty T.D. An tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

An Roinn Gnóthaí Fost​aíochta agus Coimirce Shóisialach Tuairisc Bhliantúil 2018
Is í seo an dara Tuarascáil Bhliantúil maidir le Ráiteas Straitéise na Roinne 2017 go dtí 2020 agus leagtar amach inti an dul chun cinn a rinneadh i rith na bliana 2018.
Amharc amharc