Tuarascáil Bhliantúil 2019
- Foilsithe: 12 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2022
Cuirim fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí 2019.
Ó ceapadh i m’Aire mé in 2017, tá an-bhród orm as a bheith i gceannas ar an Roinn agus is mór an onóir dom freisin é. Roinn í seo a imríonn tionchar dearfach ar shaol beagnach gach duine sa Stát le linn a saoil. Nuair a tharlaíonn aon imeacht tábhachtach i saol na ndaoine, idir bhreith linbh, chailleadh poist, thinneas nó dhul ar scor, cuireann an Roinn tacaíocht ioncaim ar fáil dóibh le linn na n-imeachtaí sin.
In 2019, fuair os cionn 1.3 milliún duine íocaíocht leasa shóisialaigh de chineál éigin ón Roinn gach seachtain. Rinneadh thart ar 79 milliún íocaíocht ar leith le linn na bliana. B’ionann caiteachas iomlán ar scéimeanna agus seirbhísí na Roinne in 2019 agus €21 billiún.
Tarraingíonn an tuarascáil bhliantúil seo aird ar réimse na leasuithe seirbhíse agus beartais a chuir an Roinn i bhfeidhm le bliain anuas.
I Samhain 2019, tugadh scéim Sochair Tuismitheora nua isteach. Ligeann an scéim don dá thuismitheoir rochtain a fháil ar shaoire thuismitheoireachta ar feadh dhá sheachtain sa bhreis i gcéad bhliain shaol a linbh, anuas ar na liúntais Mháithreachais agus Atharthachta atá ann cheana. Is ionann an ráta íocaíochta do Shochar Tuismitheora agus €245 sa tseachtain; is é sin an ráta céanna le Sochar Máithreachais agus Sochar Atharthachta.
Tacaíonn mo Roinn leis na daoine leochaileacha inár sochaí, cuireann sí seirbhísí agus íocaíochtaí ar fáil chun tacú le daoine obair a fháil agus chun an cruatan airgeadais a mhaolú sa chás nach féidir le daoine obair a fháil nó nach bhfuil siad ábalta oibriú ar chor ar bith. I gcaitheamh 2019, leanamar ar aghaidh nuáil a dhéanamh agus bearta agus polasaithe nua a phleanáil chun an aidhm sin a bhaint amach.
Mar chuid dár bpróiseas réamhbhuiséid in 2019, reáchtáladh fóram réamhbhuiséid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in Iúil agus d’fhreastail os cionn 50 eagraíocht pobail agus dheonach air. Dhírigh an fóram ar shé théama, lenár áiríodh tacaíochtaí do leanaí agus teaghlaigh, daoine ar scor agus daoine breacaosta, fostaíocht inbhuanaithe agus conairí chun oibre, leordhóthanacht ioncaim agus cuimsiú sóisialta, agus tacaíocht a thabhairt do na daoine is leochailí sa tsochaí.
I mBuiséad 2020, tháinig méadú €5 ar an Liúntas Maireachtála Aonair, ó €9 go dtí €14 in aghaidh na seachtaine, d’os cionn 160,000 pinsinéir, baintreach agus baintreach fir agus d’os cionn 40,000 duine faoi mhíchumas. Rinneadh foráil do mhéadú €10 in aghaidh na seachtaine ar na tairseacha ioncaim don Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht do theaghlaigh ag a bhfuil suas go dtí trí leanbh i mBuiséad 2020. Rinneadh foráil freisin do mhéadú €2 ar an íocaíocht Liúntais Breosla, ó €22.50 go dtí €24.50 in aghaidh na seachtaine, agus mar sin is ionann a luach le linn an tséasúir bhreosla do 370,000 teaghlach agus €686 sa tseachtain.
I mBuiséad 2020, mhéadaíomar an ráta seachtainiúil do leanbh cáilithe faoi €3 do leanaí 12 bhliain d’aois agus os a chionn agus faoi €2 dóibh siúd faoi bhun 12 bhliain. Rinneadh é sin mar aitheantas do na costais ardaithe a bhaineann le leanaí a ardú agus cúram a thabhairt dóibh tar éis dóibh tosú i meánscoil. Tháinig méadú €25 ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ag an am céanna. Anuas air sin, tar éis clár píolótach nua a thabhairt isteach le Béilí Scoile Teo a chur ar fáil do 36 scoil ar fud na tíre, a chuaigh chun tairbhe 7,000 leanbh, soláthraíodh maoiniú €4m sa bhreis chun béilí scoile teo breise a chur ar fáil in 2020.
Anuas air sin, leanadh ar aghaidh in 2019 ag obair chun feabhas a chur ar fháil ar leas sóisialach dóibh siúd atá féinfhostaithe. Cuireadh tús leis sin in 2017 nuair a cuireadh Sochair Chóireála agus Sochar Atharthachta do dhaoine dífhostaithe. I Samhain 2019, tugadh isteach scéim nua Sochair Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe a íocann ranníocaíochtaí ÁSPC aicme S.
Ó thaobh coinníollacha fostaíochta de, d’achtaíomar an tAcht Fostaíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2018 sa bhliain 2019 - rud a chuir feabhas ar choinníollacha d’oibrithe páirtaimseartha agus oibrithe ar phá íseal. Tá bród orm as an reachtaíocht seo ach go háirithe agus breathnaím uirthi mar leasú suntasach a théann chun tairbhe oibrithe.
Leanadh ar aghaidh leis an obair thábhachtach chun ár gcóras pinsin a athchóiriú agus a nuachóiriú. Chuir an Roinn comhairliúchán poiblí tábhachtach i gcrích a dhéanfaidh eolas do chinntí an Rialtais maidir le struchtúr oibríochtúil an chórais Rollaithe Uathoibríoch i Márta 2019. Is córas forlíontach coigiltis scoir atá urraithe ag an stát é rollú uathoibríoch. Déanfar fostaithe nach bhfuil coigilteas scoir pearsanta acu a rollú go huathoibríoch ar chóras coigiltis scoir ar cháilíocht dearbhaithe. Táthar ag súil leis go rollfar na chéad chomhaltaí ar an gcóras nua sin in 2022.
Tá sé tábhachtach go mbeidh bonn leathan faoin téarnamh geilleagrach agus go mbainfidh an tsochaí ar fad as feabhsuithe ar an ngeilleagar agus an tsochaí. Tá ár n-aidhmeanna fadtéarmacha i dtaca leis sin leagtha amach i Straitéis Ionchuimsithe Shóisialta - Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2020-25. Cheadaigh an Rialtas é in 2019 agus ina dhiaidh sin foilsíodh é go luath in 2020.
Mar Rialtas, is é an phríomhthosaíocht atá againn do 2020 ná leanúint ar aghaidh lenár gcur chuige stuama i leith an gheilleagair agus bhainistíocht an chaiteachais phoiblí. Ach is léir nárbh fhéidir tionchar ná méid COVID-19 ar shochaí agus geilleagar na hÉireann a thuar. Ach is ábhar bróid dom a rá go riabh mo Roinn, in éineacht leis an tseirbhís sláinte, ag croílár fhreagairt an Rialtais do COVID-19. D’fhreagair mo Roinn ar bhealach pras éifeachtach agus thacaigh sí leis na céadta míle saoránach nuair a bhí tacaíocht ag teastáil uathu. Tugadh muinín do dhaoine agus cinntíodh gur tacaíodh leo le linn na tréimhse gan fasach seo. Tá an-bhród orm as obair mo Roinne agus obair na mball foirne ar fad chun tacú le hÉirinn le linn na tréimhse deacra seo.
Ó ceapadh i m’Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí mé, chuir obair chrua agus tiomantas fhoireann na Roinne isteach go mór orm i rith an ama. Thar mo cheannsa agus thar ceann gach duine inár sochaí, glacaim buíochas leo as a ndíograis, tiomantas agus obair sheasta chun tacú le go leor daoine ar fud ár dtíre. Bhain mé an-tairbhe as mo chuid ama i gceannas ar an Roinn agus tá bród orm as a bhfuil bainte amach againn i dteannta a chéile.