English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil Bhliantúil 2020

Cuirim fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2020 na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Ó ceapadh i m’Aire Coimirce Sóisialaí mé i Meitheamh 2020, tá an-bhród agus an-onóir orm as a bheith i gceannas ar an Roinn i rith ceann de na tréimhsí is dúshlánaí ní hamháin i stair na Roinne, ach i stair na tíre freisin. Thug an rialtas tús áite do shláinte, do theaghlaigh, agus d’ioncaim dhaoine a chosaint agus dlúthpháirtíocht shóisialta a chothú i rith tréimhse a bhí thar a bheith deacair agus imníoch.

Mar Roinn, tugaimid tús áite is i gcónaí dár n-acmhainní a dhíriú ar mhaithe le sochaí na hÉireann, an bhochtaineacht agus an díothacht a laghdú, fostaíocht a dhreasú agus ionchuimsiú a chur chun cinn trí chabhrú le daoine teacht ar thacaíochtaí chun fostaíocht a bhaint amach dóibh féin agus a choimeád. Tháinig an méadú míosúil ba mhó ar an ráta dífhostaíochta i stair an Stáit nuair a chuireamar teorainn ar ár ngníomhaíocht gheilleagrach chun saol daoine a thabhairt slán agus acmhainn chriticiúil ár mbonneagair shláinte a chosaint, ar bhriseadh amach víreas COVID-19, agus ar thosú na mbeart sláinte poiblí bunriachtanach i Márta 2020 chun scaipeadh an víris a shrianadh. Ba thréimhse ar leith é seo agus bhí ar mo Roinn tabhairt faoi bhearta ollmhóra, an méid seo a leanas ina measc:

  • ráta breise Sochar Breoiteachta a thabhairt isteach do dhaoine ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 nó do dhaoine ar mhol an lucht leighis dóibh féinaonrú a dhéanamh mar gheall gur measadh go raibh COVID-19 orthu; a íocadh ar ráta €350 sa tseachtain chun tacú le hoibrithe bearta sláinte poiblí a cuireadh i bhfeidhm ar fud na sochaí a chomhlíonadh agus ioncam eile a sholáthar;
  • Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) a thabhairt isteach agus an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá a fhorbairt, ar tháinig an Scéim Fóirdheontais Pá d’Fhostaithe ina ionad ina dhiaidh sin. Chistigh an Roinn seo an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá agus an Scéim Fóirdheontais Pá d’Fhostaithe, ach rinne na Coimisinéirí Ioncaim iad a riar;
  • ÍDP a mhionathrú de réir mar a lean an phaindéim ar aghaidh chun an ráta íocaíochta a nascadh le tuilleamh a rinneadh roimhe sin;
  • cabhrú le hoibrithe féinfhostaithe, daoine san áireamh san earnáil ealaíon agus siamsaíochta trí neamhaird ioncaim nua níos airde €960 a thabhairt isteach lena chur ar a gcumas obair eatramhach nó ócáideach a fháil de réir mar a baineadh na srianta;
  • tacú le trádálaithe aonair beaga féinfhostaithe íoc as a gcostais atosaithe trí dheontas tacaíochta €1,000 a thabhairtisteach;
  • ‘laethanta feithimh’ a tharscaoileadh do Shochar Breoiteachta Breisithe COVID-19 agus d’íocaíochtaí cuardaitheora poist;
  • síneadh ceithre seachtaine a chur le séasúr liúntas breosla 2020/2021;
  • breis agus 40 íocaíocht leasa shóisialaigh a aistriú chuig timthriall íocaíochta gach coicís seachas timthriall íocaíochta seachtainiúil ar mhaithe le háisiúlacht ár gcustaiméirí, a rinne na líonta daoine a laghdú go sealadach a raibh cuairt á tabhairt acu ar Oifigí Poist i rith na chéad dianghlasála náisiúnta;
  • an tréimhse a shíneadh dár féidir íocaíochtaí leasa shóisialaigh a choimeád ag Oifig an Phoist go dtí 90 lá agus barr feabhais a chur ar shocruithe le An Post le gníomhairí ainmnithe a chumasú íocaíochtaí a bhailiú, nuair ba ghá;
  • an próiseas iarratais maidir le forlíonadh cíosa a shimpliú agus solúbthacht na scéime a fheabhsú le cabhrú le daoine a leagadh as go sealadach chun cáiliú don íocaíocht;
  • prótacal le Tusla a bhunú lena cheadú d’íospartaigh foréigin teaghlaigh teacht ar Fhorlíonadh Cíosa a shaoráidí agus a thapúla agus ab fhéidir;
  • cabhrú le teaghlaigh aontuismitheora, a chaill a bpost mar gheall ar COVID-19, ní hamháin trí Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a sholáthar ach tríd an ráta reatha dá mbuníocaíocht a choimeád agus trí bhearta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le deacrachtaí le híocaíochtaí cothabhála;
  • na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta a leasú chun cosc a chur ar olliomarcaíochtaí i ngnólachtaí a d’fhéadfadh teacht as le himeacht ama; agus
  • an oibleagáid a bhaint chun freastal ar Ardoifig Clárúcháin i bpearsan chun breith nó bás a chlárú d’fhad na géarchéime sláinte poiblí;
  • feachtais an-fhorleathana chumarsáide a chur i bhfeidhm i measc na meán náisiúnta agus sóisialta lena chinntiú go raibh cur amach ag saoránaigh ar na seirbhísí a bhí ar fáil dóibh;
  • agus athruithe riachtanacha agus forleathana oibre a chur i bhfeidhm i gcomhthráth, cianoibriú san áireamh d’fhoireann na Roinne.

Fad a bhris an phaindéim amach in Éirinn, imríodh tionchar ollmhór agus láithreach bonn ar thacaíochtaí ioncaim na Roinne. Rinneadh scéim Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm laistigh de cúpla lá, agus cuireadh próiseas iarratais simplithe i bhfeidhm, agus cuireadh rogha ar líne i bhfeidhm go tapa agus go héifeachtúil do dhaoine a chaill a bpoist mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte poiblí. Fuair beagnach 900,000 duine ar a laghad Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime amháin. Cruthaíodh ‘Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim’ - líne chabhrach láraithe seirbhíse do chustaiméirí thar oíche chun eolas, comhairle agus nuashonruithe a sholáthar do dhaoine a raibh iarratas á dhéanamh acu ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, Sochar Breoiteachta Breisithe COVID-19 agus an Scéim Fóirdheontais Pá.

D’oibrigh an Roinn go fíordhian chun éacht a dhéanamh agus socruithe scartha shóisialta á gcur i bhfeidhm acu dá foireann i gcomhthráth. Chun seo a dhéanamh, ba ghá go leor obair neamh-bhunriachtanach a chur ar fionraí go sealadach agus na céadta ball foirne den Roinn a ath-imlonnú chun tacú le héilimh agus íocaíochtaí Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus ar Shochar Breoiteachta Breisithe COVID-19 a phróiseáil agus ba ghá foireann a sholáthar chun an Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim teagmhála le custaiméirí a oibriú agus foirmeacha iarratais a eisiúint. Anuas air sin, rinneadh 369 ball foirne ó Ranna eile a ath-imlonnú i rith 2020 chun tacú leis an Roinn, agus rinneadh an oiread leithdháileadh acmhainní céanna a rinneadh i rith tréimhsí ina raibh éileamh ard ar sheirbhís.

Táim thar a bheith bródúil as freagairt na Roinne. Bhí íocaíochtaí déanta ag an scéim le 507,000 duine laistigh de thrí seachtaine i ndiaidh gur seoladh Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime an 7 Aibreán 2020. Bhain an líon íocaíochtaí an líon ab airde amach sa chéad seachtain i mBealtaine 2020, nuair a bhí an tacaíocht ioncaim bhunriachtanach seo á fáil ag 602,000 duine. Rinneadh 514,000 iarratas ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar líne idir Márta agus deireadh mhí an Mheithimh. Anuas air sin, rinne breis agus 573,434 custaiméir teagmháil ó Mhárta go Nollaig ar an nguthán, ar ríomhphost agus sna meáin shóisialta le foirne na Líne Cabhrach Tacaíochta Ioncaim.

I gcaitheamh na bliana 2020:

  • thug Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá nó an Scéim FóirdheontaisPá Fostaíochta tacaíocht do bhreis agus 1.2 milliún duine ar feadh ar a laghad seachtain amháin in 2020;
  • astu seo, fuair 464,439 duine, nó 38%, tacaíocht ó Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime amháin, agus thug an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá féin tacaíocht do 237,588 (19%) de na faighteoirí. Fuair duine amháin as ochtar (150,150) ar a laghad íocaíocht amháin ó na trí scéim go léir;
  • b’ionann luach iomlán íocaíochtaí Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus €5 billiún agus caitheadh €57 milliún ar Shochar Breoiteachta Breisithe COVID-19, a íocadh le 69,172 faighteoir. Mar gheall gur caitheadh €3.8 billiún, ar an iomlán, ar an dá Scéim Fóirdheontais Pá a tugadh isteach (€2.7 billiún ar an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá agus €1.37 billiún ar an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta), b’ionann an caiteachas iomlán ar COVID-19 agus €9 billiún in 2020.

In ainneoin gur díríodh go mór ar thacaíochtaí ioncaim COVID-19, lean mo Roinn lena croísheirbhísí a sholáthar a bhain le tacaíochtaí ioncaim, seirbhísí gníomhachtaithe agus fostaíochta éifeachtacha agus costéifeachtúla a dhearadh, a fhorbairt agus a sholáthar, comhairle a chur ar an rialtas agus beartais chuí coimirce sóisialaí, ionchuimsithe shóisialta agus chearta fostaíochta a chur le chéile. Lean sí freisin le comhairle a chur ar chustaiméirí agus ghlac seirbhísí gaolmhara eile le ról tábhachtach i dtaobh tacú le daoine ar fud na hÉireann, idir tuismitheoirí oibre, Cúramóirí, do dhaoine breacaosta, dóibh siúd a ndearnadh baintreach/baintreach fir díobh, faoi mhíchumas nó atá breoite.

Ar an iomlán, fuair 1.63 milliún duine íocaíocht choimirce sóisialaí de shaghas éigin in 2020, agus rinneadh thart ar 93 milliún íocaíocht aonair i gcaitheamh na bliana. B’ionann caiteachas ar scéimeanna agus sheirbhísí na Roinne in 2020 agus €30.46 billiún. B’ionann seo agus caiteachas ar scéimeanna a bhain le COVID-19 agus chosain sé €9.1 billiún, ar an iomlán, agus caitheadh €21.4 billiún ar scéimeanna coimirce sóisialaí eile.

Mar chuid dár bpróiseas comhairliúcháin réamhbhuiséid i rith 2020, cuireadh fóram réamhbhuiséid ar bun i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in Iúil. Cuireann an fóram deis uathúil ar fáil d’earnáil an phobail agus don earnáil dheonach, agus d’ionadaithe fostaithe agus fostóirí a fhreastalaíonn chun a ndearcthaí a chur i láthair faoin méid a bhrath siad ba cheart a chur san áireamh agus ar cheart tús áite a thabhairt dó i mBuiséad 2021. Cabhraíonn an príomhimeacht bliantúil seo le mé féin agus oifigigh mo Roinne a chur ar an eolas faoi conas a d’fhéadfaí díriú go héifeachtach ar an mBuiséad. Leag mé béim ag an imeacht ar an ngealltanas a thugtar i gClár an Rialtais chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac agus rannpháirtíocht sa tsochaí a chur chun cinn. Anuas air sin, tugtar príomhthús áite do thacú le daoine fostaíocht inbhuanaithe a bhaint amach dóibh féin arís eile nuair a thosófar leis an ngeilleagar a athoscailt, trí thacaíochtaí fostaíochta, oiliúint, tacaíochtaí ioncaim agus tacaíocht dhíreach ó Intreo.

Bhí Buiséad 2021 bunaithe ar thráth ina raibh éiginnteacht shuntasach ann maidir le cibé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí comhaontú Brexit a dhéanamh leis an AE agus maidir le treo na paindéime amach anseo. Ina ainneoin sin, soláthraíodh méadú €10 sa tseachtain ar thairseacha ioncaim i mBuiséad 2021 don Íocaíocht Teaghlaigh Oibre do theaghlaigh ina bhfuil a mhéid le triúr leanaí agus soláthraíodh méadú €3.50 ar íocaíocht an liúntais bhreosla ann, a mhéadaigh aníos ó €24.50 go €28 sa tseachtain é. Cabhraíonn seo leis an tionchar a imríonn cáin charbóin a mhaolú ar bhreis agus 375,000 teaghlach ísealioncaim. Méadaíodh an ráta seachtainiúil do leanbh cáilithe i mBuiséad 2021 €2 dóibh siúd faoi 12 bhliain d’aois agus €5 do leanaí 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus mhéadaigh seo na rátaí aníos go dtí €45 agus €38, faoi seach, a aithníonn, ar an gcaoi sin, go dtéann na costais in airde a bhíonn ar aire a thabhairt do leanaí agus ar leanaí a thógáil aníos de réir mar a bhaineann siad an mheánscoil amach. Ina theannta sin, rinneadh tabhairt isteach clár feabhsaithe Bilí Scoile a sholáthraíonn béilí teo ina ionad lónta fuara do líon a mhéid le 35,000 leanbh, a thabhairt chun cinn.

Anuas air sin, méadaíodh an Liúntas do Mhaireachtáil Aonair €5 aníos ó €14 go €19 sa tseachtain do bhreis agus 221,000 pinsinéir, baintreach agus baintreach fir, agus duine faoi mhíchumas. Ar an gcuma chéanna, méadaíodh an Liúntas Oileán den chéad uair ó tugadh isteach é in 2000 aníos ó €7.80 go €20 sa tseachtain agus méadaíodh an Deontas Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh €2,000 aníos ó €6,000 go €8,000. Athraíodh coinníollacha na scéime Sochair Áiseanna Éisteachta freisin chun deontas bunráta a mhéid le €500 a sholáthar d’áiseanna éisteachta agus deontas a mhéid le €100 a sholáthar do dheisiúcháin nach gá don chustaiméir an cistiú dóibh a mheaitseáil a thuilleadh. Ar deireadh, méadaíodh an Deontas Tacaíochta Cúramóirí €150 aníos chuig a leibhéal ab airde riamh.

B’aidhm bhunúsach i rith na bliana í nuálaíocht chun seirbhísí a choimeád inrochtana agus ar oscailt. Tugadh roghanna ar líne rochtana isteach do go leor de sheirbhísí na Roinne – íocaíochtaí COVID-19 san áireamh – agus bhí an chuma air go raibh an-tóir orthu. Anuas air sin, chuir Oifig an Ard-Chláraitheora socruithe i bhfeidhm in Aibreán 2020 gur féidir le tuismitheoirí breith a naíonán nuabhreithe a chlárú ar líne mar réiteach ar dhúshláin a tháinig chun solais ó phaindéim COVID-19. A fhaide leis an tráth sin, ní fhéadfadh tuismitheoirí breitheanna a leanaí a chlárú ach trí chuairt a thabhairt ar Oifig an Ard-Chláraitheora i bpearsan – córas a bhí i bhfeidhm ó 1864 nuair a cláraíodh an chéad bhreith in Éirinn. Tá an mheicníocht chláraithe seo nasctha le córas Sochair Linbh na Roinne agus d’fhéadfadh thart ar 4,000 tuismitheoir, nach bhféadfadh íocaíochtaí Sochair Linbh a fháil ar bhealach eile, ar theastaigh uathu breith a chlárú an teidlíocht uilíoch seo a fháil ar bhealach sábháilte.

Is é ceann de phríomhspriocanna na Roinne an líon daoine a laghdú atá thíos le bochtaineacht chomhsheasmhach, feabhas a chur ar ionchuimsiú sóisialta agus míbhuntáiste a laghdú in Éirinn. Chuige sin, cheadaigh agus d’fhoilsigh an Rialtas Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2020-2025 in Eanáir 2020. Cuirfidh an Treochlár leis an obair a rinneadh faoina hiarstraitéisí agus tá mar chuspóir aige an líon daoine a laghdú atá faoi bhochtaineacht chomhsheasmhach in Éirinn anuas go dtí 2% nó níos lú faoin mbliain 2025 agus Éire a shuíomh laistigh de na cúig thír is fearr san AE faoi roinnt de na bearta ionchuimsithe sóisialta is fearr. Chuige sin, cuimsítear sa Treochlár seacht sprioc ardleibhéil ag a bhfuil 22 sprioc ar leith a sholáthrófar faoi 66 gealltanas uathúil (gníomhartha) ar fud an rialtas. D’ainneoin thionchar COVID-19 ó Mhárta 2020, rinneadh dul chun cinn maith i dtaobh gealltanas sa treochlár a sholáthar in 2020, cur i bhfeidhm na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí, straitéis seirbhísí fostaíochta a thiocfaidh in ionad Bealaí chun Oibre a fhorbairt, agus díriú ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú agus ar aistrithe fostaíochta a fheabhsú agus an Straitéis Náisiúnta Oibrithe go Deonach a fhoilsiú san áireamh.

Lean obair ar aghaidh freisin ar athchóiriú agus nuachóiriú tábhachtach ár gcórais phinsin agus bhunaigh an Rialtas an Coimisiún Pinsean i Samhain 2020 mar chuid de ghealltanas a tugadh i gClár an Rialtais chun “scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta agus cáilitheachta... agus cuntas a thabhairt ar roghanna don rialtas dul i ngleic le saincheisteanna, cosúil le haois cháilitheach, rátaí ranníocaíochta, ranníocaíochtaí iomlána agus riachtanais cháilitheachta”.

Tá scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún freisin ar thionchar aoiseanna scoir atá faoi bhun aois an Phinsin Stáit, agus conas freastal níos mó ar Chúramóirí fadtéarmacha laistigh den chóras pinsin. Léirítear i mballraíocht an Choimisiúin an gá atá leis go ndéileálann saineolaithe san ábhar le saincheisteanna casta beartais shóisialta agus phoiblí a thagann chun solais i bpinsin, anuas ar ionadaíocht do pháirtithe leasmhara chun obair an Choimisiún a bhunú ar thaithí saoil iad siúd i sochaí na hÉireann.

Faoi mar a leanann na himeachtaí nach raibh súil leo in 2020 ar aghaidh isteach in 2021, ní foláir dúinn leanúint ag glacadh lenár gcur chuige stuama i leith an gheilleagair agus caiteachas poiblí a bhainistiú. Ní rabhthas in ann tionchar ná scála COVID-19 ar shochaí agus geilleagar na hÉireann a thuar, ach is féidir an hiarmhairtí a bheidh i gceist mura mbaintear cothromaíocht amach arís san airgeadas poiblí, cé go bhféadfadh nach bhfuil siad ar tí titim amach, a thuar, áfach. Beart riachtanach chun cothromaíocht a bhaint amach arís a bheidh i bhfostaíocht a chur chun cinn agus tacú le fostaíocht a aisghabháil agus oibriú lena chinntiú go gcuirtear an deis ar fáil do dhaoine a chaill a bhfostaíocht mar gheall ar COVID-19 filleadh ar an obair. Díreoidh an Roinn air seo go mór sna blianta amach romhainn.

Tá orainn súil a chaitheamh chun cinn mar gheall go bhfuil tuar dóchais ann. Tabharfaimid ár gcosa linn ón bpaindéim seo agus ó na dúshláin go léir a bhaineann leis le chéile, idir dhúshláin tuaithe agus uirbeacha agus ar fud ár bpobal go léir. Tá ullmhúchán á dhéanamh againn, ar an ábhar sin, chun tabhairt faoi na bearta riachtanacha a thacaíonn lenár dtéarnamh mar shochaí agus mar gheilleagar araon. Tacóimid leo siúd ar imir an phaindéim tionchar buan orthu agus cuirfimid cúnamh agus comhairle fostaíochta ar fáil do na daoine aonair seo trí oiliúint, oideachas, scéimeanna tacaíochta fostaíochta agus deiseanna taithí oibre a sholáthar chun cabhrú leo an fhostaíocht a bhaint amach arís.

Tá bród orm a thabhairt le fios go raibh mo Roinn, agus an tseirbhís sláinte, ar thús cadhnaíochta fhreagairt an rialtais do Covid-19. Táim thar a bheith bródúil d’iarrachtaí fhoireann mo Roinne ó Mhárta na bliana seo caite ar aghaidh, nuair a tháinig siad le chéile chomh tapa sin mar fhreagairt don ghéarchéim. Léirigh siad misneach, nuálaíocht, athléimneacht agus tiomantas domhain do na luachanna seirbhíse poiblí i gcaitheamh na bliana. Ábhar mór muiníne dom é go dtabharfaidh foireann thiomanta, oilte agus dhúthrachtach na Roinne aghaidh anois arís eile ar an dúshlán a bhaineann le cabhrú le daoine an obair a bhaint amach arís sna míonna amach romhainn.

Tuarascáil Bhliantúil 2020
Amharc amharc