English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil Bhliantúil 2021

Cuirim fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil na Roinne Coimirce Sóisialaí i gcomhair na bliana 2021.

Is iomaí dúshlán as cuimse a bhí romhainn le dhá bhliain anuas, agus b'ollmhór an onóir dom a bheith i gceannas ar an roinn trí cheann de na tréimhsí ba dheacra i stair an Stáit.

Lean freagrúlacht agus tacaíocht na roinne nach bhfacthas riamh cheana dóibh siúd a raibh tionchar ag an bpaindéim COVID-19 orthu i rith 2021. Is í an bhéim agus an tosaíocht atá againn mar roinn ná an t-ualach ar na daoine is leochailí a laghdú, agus mar atá sa ráiteas misin atá againn, an rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú cách sa tsochaí a chur chun cinn trí thacaíocht ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus tuilleadh a chur ar fáil. Idir an ghnáth-thacaíocht ioncaim coimirce sóisialaí agus bearta sonracha a bhain le COVID-19, bhí thart ar 2 mhilliún duine a fuair íocaíochtaí coimirce sóisialaí seachtainiúla nó míosúla agus bhain 3.3 mhilliún duine tairbhe as scéimeanna na Roinne. Rinneadh thart ar 85 milliún íocaíocht ar leith in iomlán.

Tá sé sin le feiceáil sa chaiteachas iomlán ar íocaíochtaí coimirce sóisialaí anuraidh suas le breis is €30.4 billion, é sin riachtanach toisc gur lean tacaíochtaí ioncaim na paindéime a tugadh isteach in 2020. Is ionainn an figiúr sin agus thart ar 29% de chaiteachas iomlán an rialtais in 2021, agus €8.8 billiún den uimhir sin (28.9%) caite ar scéimeanna a bhaineann le COVID-19 agus méideanna sa bhreis a cuireadh leis na scéimeanna a bhí ansin cheana agus chlúdaigh an €21.6 billiún (71.1%) a bhí fágtha gnáthchaiteachas na roinne nár bhain le COVID-19. Tá staitisticí a bhfuil níos mó sonraí leo ar líon na bhfaighteoirí coimirce sóisialaí, ar líon na dtairbhithe agus ar chaiteachas don bhliain 2021 leagtha amach i dtuarascáil bhliantúil Eolas Staidrimh ar Sheirbhísí Coimirce Sóisialaí.

Chuaigh foireann na roinne i dtaithí ar phatrúin oibre agus ar thimpeallachtaí nua i rith 2021 go héasca, agus dhírigh siad ar leibhéil táirgiúlachta fíor ard fós a bhaint amach. D'oibríomar go dian in 2021 chun leanúint ar aghaidh leis an bhfóram réamh-cháinaisnéis traidisiúnta atá againn, agus is cúis bróid dom a rá go bhfuil sí á reáchtáil gach bliain le breis is 30 bliain. Is deis ar leith é an fóram sin don phobal agus d'earnálacha deonacha agus do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a roinnt faoi na rudaí a mheasann siad gur cheart tosaíocht a thabhairt dóibh sa cháinaisnéis atá le teacht. Bhain tinreamh teoranta leis seo, ar ndóigh mar thoradh ar na srianta slándála poiblí a tugadh isteach chun scaipeadh an víris a smachtú. Ina ainneoin seo bhíomar in ann ócáid fhisiceach a reáchtáil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Iúil agus bhí an-rath ag baint leis go fóill.

Agus sinn ag bogadh ar aghaidh ó fhreagairt paindéime go téarnamh paindéime le cuidiú Dé, chuir mé béim ar an riachtanas atá againn ár gcuid iarrachtaí a dhíriú, ní hamháin ar thacaíochtaí ioncaim a sholáthar, ach ar fhilleadh chun oibre a éascú. Agus an sprioc seo san áireamh, tá an rialtas agus an roinn araon dílis diongbháilte leis an tacaíocht a thugaimid do na mílte agus na mílte duine agus fostaíocht á fáil acu tríd an straitéis náisiúnta fostaíochta nua atá againn, Bealaí chun Oibre 2021-2025.

Mar gheall ar cé chomh forleathan agus atá COVID-19 fós, bhí méaduithe uilechoiteanna i gCáinaisnéis 2022 mar aitheantas ar an mbliain mhórdúshlánach a sheas saoránaigh, idir óg agus aosta. Fuarthas pacáiste cáinaisnéise coimirce sóisialaí le luach €558 milliún air in iomlán; an pacáiste coimirce sóisialaí is mó le 14 bliana anuas. Thángthas ar chomhaontú maidir le Bónas Nollag 100% a thabhairt, le costas €289 milliún air, agus tabharfar é sin do 1.31 milliún duine i mí na Nollag.

I measc na beart eile a fuarthas bhí méadú €5 ar uasráta na gcroí-íocaíochtaí seachtainiúla go léir, lena n-áirítear, mar shampla, an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, an Íocaíocht Idirthréimhseach do Chuardaitheoir Poist, Sochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Uchtaíoch agus Sochar Tuismitheora. Fuarthas íocaíochtaí méadaithe €3 in aghaidh na seachtaine chomh maith do leanaí cáilithe atá ag agus os cionn 12 bliana d'aois, agus fuarthas íocaíochtaí méadaithe €2 in aghaidh na seachtaine do leanaí faoi 12 bliana d'aois, agus is iad na rátaí anois ná €48 agus €40 faoi seach.

Baineadh amach síneadh ar Shochar Tuismitheora chomh maith, agus leis sin tugtar dhá sheachtain bhreise de shaoire le pá do thuismitheoirí agus is é an méid iomlán a chuirtear ar fáil ó mhí Iúil 2022 ná seacht seachtaine. Méadaíodh an Liúntas Maireachtála Aonair €3 ó €19 go €22 in aghaidh na seachtaine do bhreis is 230,000 pinsinéir, baintreach fir, agus daoine faoi mhíchumas. Méadaíodh freisin An Liúntas Breosla €5, agus méadaíodh é ó €28 go €33 in aghaidh na seachtaine a thabharfaidh tairbhe do 400,000 teaghlach ar ioncam íseal.

Cuireann ár gcuid infheistíochta i seirbhísí digiteacha agus in MyWelfare.ie leis an nuálaíocht oibríochta atá againn i rith 2021. Chuir an phaindéim ar na súile dúinn, an ról tábhachtach atá ag an teicneolaíocht dhigiteach i soláthar seirbhísí mo roinne, agus rinne na hinfheistíochtaí sin, seirbhísí nua ar líne, a dhearadh, a fhorbairt agus a sholáthar go gasta do roinnt mhaith custaiméirí, a éascú thar tréimhse ama a bhí an-ghairid ar fad. In aois a raibh srianta ar na bealaí traidisiúnta ar nós comhairliúcháin aghaidh ar aghaidh, thug ár gcustaiméirí aghaidh ar ár gcuid seirbhísí digiteacha ar scála nach bhfacthas riamh cheana chun iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí liúntais tacaíochta ioncaim, go gasta agus go héasca.

Tháinig méadú ar idirbhearta ar MyWelfare.ie ó 2.8 milliún in 2020 go breis is 3 mhilliún in 2021. Seoladh go leor seirbhísí nua i rith na bliana, amhail an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht, an Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d'Aois, agus seirbhís athnuachana ar líne do Chárta Seirbhísí Poiblí gan ach beagán acu a lua.

Is iad dhá phríomhchuspóir mo roinne ná laghdú ar bhochtaineacht agus dul chun cinn maidir le hionchuimsiú sóisialta. Chuige sin, d'éirigh le haistrithe sóisialta ráta riosca na bochtaineachta a laghdú in 2021, agus léiríodh i dtuarascálacha staitisticí go raibh laghdú 70% ar an mbochtaineacht agus go raibh Éire fós mar cheann de bhallstáit AE is fearr maidir le bochtaineacht a laghdú trí aistrithe sóisialta.

Bhí tionchar suntasach ag ár dtacaíochtaí ioncaim paindéimeacha ar ráta riosca na bochtaineachta in 2021, ag 11.6% nuair a tomhaiseadh é. D'fhéadfadh an uimhir seo dul suas go 19.9% gan tabhairt isteach tacaíochtaí ioncaim paindéimeacha amhail an Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP). Anuas air sin, ba é ráta riosca na bochtaineachta do dhaoine a raibh cónaí orthu i dteaghlaigh le duine fásta amháin le leanaí ná 22.8%, agus mura mbeadh tacaíochtaí ioncaim ar fáil d'fhéadfadh an ráta seo dul go 37.2%. Tháinig laghdú chomh maith ar ráta na bochtaineachta seasta ó 4.7% in 2020 go 4% in 2021 agus tháinig laghdú ar ráta díothachta ó 14.3% go 13.8% le bliain anuas. Léiríonn sé sin an dul chun cinn suntasach maidir le bochtaineacht a laghdú agus ionchuimsiú sóisialta a fheabhsú in Éirinn.

Coimisiún ar Phinsin chomh maith ar feadh 2021 leis an obair thábhachtach a bhí idir lámha aige agus foilsíodh a thuarascáil i mí Dheireadh Fómhair. Shínigh mé Rialacháin Scéim Pinsin Ceirde an Aontais Eorpaigh 2021 i ndlí na hÉireann i mí Aibreáin, a chuireann roinnt feabhas ar fáil i réimse pinsean ceirde, amhail cosaintí níos láidre do bhaill scéim pinsin agus do thairbhithe freisin, chomh maith le constaicí a bhaint i ndáil le soláthar seirbhísí agus aistrithe trasteorann.

Tá níos mó dul chun cinn déanta againn leis an obair atá ar bun againn, córas cláraithe pinsin uathoibríoch a thabhairt isteach bunaithe ar ghealltanas Chlár an Rialtais. Is í cuspóir na hoibre seo ná coigilt fhadtéarmach a spreagadh dóibh siúd a mbeadh laghdú suntasach gan iarraidh acu, ina gcaighdeáin maireachtála tar éis dul ar scor mura mbeadh an choigilt seo déanta acu. Leanaimid i rith 2021 moltaí don rialtas a mhionchoigeartú maidir le dearadh deireanach an chórais seo, rinneadh na moltaí sin a mheas ansin agus d'aontaigh an Coiste Comh-Aireachta um Théarnamh Geilleagrach agus Infheistíocht i rith mhí na Samhna agus mhí na Nollag. Tá sé beartaithe go ndéanfar dul chun cinn ar na struchtúir riachtanacha reachtaíochta, eagraíochta agus phróisis in 2022 agus in 2023.

Is é an rud a bheidh i gceist le tabhairt isteach Clárú Uathoibríoch ná athrú ón gcóras reatha atá go hiomlán deonach go córas ina ndéanfar fostaithe a chlárú go huathoibríoch ar chóras coigilte scoir ar cháilíocht dhearbhaithe agus atá faoi réir paraiméadar áirithe de. Coimeádfaidh an coigilteoir a rogha féin, áfach, a chuid rannpháirtíochta sa chóras a chur ar fionraí nó roghnú gan a bheith páirteach sa chóras in aon chor. Tá sé i gceist go dtabharfar an córas nua isteach de réir a chéile as seo go ceann deich mbliana, a thabharfaidh am d'fhostóirí agus d'fhostaithe dul i dtaithí air. Cuirfear ráta ranníocaíochta ar fáil freisin, ag an tús nach bhfuil ach 1.5% d'olltuilleamh don fhostóir agus don fhostaí araon ag tús an phróisis chéimnithe seo, ag ardú 1.5% gach trí bliana go huasmhéid 6% faoi Bhliain 10. Tabharfaidh an Stát breisiú do na ranníocaíochtaí sin le €1 do gach €3 a shábhálann an fostaí.

Cuireadh tús lenar gcéad fheachtas fíorúil, Seachtain na bPost agus Scileanna Intreo chomh maith in Aibreán 2021. Reáchtáladh an feachtas darb ainm #ReStartWithIntreo, le go mbeadh sé ag ailíniú ag an am céanna le hathoscailt phleanáilte agus chéimnithe an gheilleagair leis an eolas a bhí de dhíth ar fhostóirí, chuardaitheoirí poist a chuir ar fáil dóibh agus dóibh siúd a raibh suim acu in uasoiliúint nó in athoiliúint chun cabhrú leo a gcosa a chur fúthu arís ar a gconair ghairme nó in atosú a ngnóthaí.

Cé nach bhfuil COVID-19 imithe uainn nó ón sochaí, is féidir linn anois féachaint go dóchasach i dtreo todhchaí níos gile mar gheall ar chomhoibriú agus ar dhúthracht ár saoránach a lean an chomhairle sláinte phoiblí. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh as tionchar COVID-19 ar an tír seo, ar ár ndaoine ná ar ár n-airgeadas poiblí araon. Ach anois an t-am dúinn tabhairt faoi ath-tógáil, tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil a gcuid post caillte acu nó do ghnóthaí leis an gcúram agus comhbhá riachtanach a thabhairt dóibh chun cabhrú leo ar a dturas i dtreo todhchaí atá níos gile. Ní chuirfimid deireadh ach an oiread leis an diongbháilteacht agus leis an dúthracht atá againn tacaíochtaí a sholáthar dóibh siúd go léir a bhfuil na tacaíochtaí de dhíth orthu, agus nuair atá siad uathu.

Ní fhéadfaí é sin go léir a dhéanamh gan iontaofacht, acmhainneacht, agus dúthracht na foirne go léir sa roinn, agus táim fíorbhródúil astu. Bím an-tógtha go seasta leis an ndúthracht a léiríonn siad don roinn, agus do mhuintir na hÉireann, agus ní raibh sé chomh soiléir ariamh ná mar a bhí sé le linn na paindéime. Bhí a gcuid oibre i scéimeanna nua tacaíochta ioncaim a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, i dtaca le huimhreacha nach bhfacthas cheana, an-tábhachtach go deo chun comhtháthú sóisialta a chothabháil i rith srianta poiblí ina dhiaidh a chéile. Táim ag tnúth go mór le hobair leo agus gabhaim buíochas leo go léir as an ndúthracht leanúnach do sheirbhís phoiblí.

Tuarascáil Bhliantúil 2021
Amharc amharc