Tuarascáil Bhliantúil 2023
- Foilsithe: 12 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 13 Lúnasa 2024
Tá an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2023 foilsithe anois.
I réamhrá na tuarascála, leagann an tAire Heather Humphreys béim ar mhisean na Roinne rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú sa tsochaí a chur chun cinn trí thacaíochtaí agus seirbhísí éagsúla. Déanann sí machnamh ar iontaofacht, athléimneacht agus tiomantas fhoireann na roinne.
“Táim an-tógtha i gcónaí lena dtiomantas don phobal, lena gcuid oibre ag forbairt agus ag cur i bhfeidhm scéimeanna nua tacaíochta ioncaim ar luas, agus ag freagairt ar dhúshláin gan fasach le dúthracht agus cúram. Bhí sé seo ríthábhachtach maidir le comhtháthú sóisialta a chothabháil le blianta beaga anuas.”
Sonraíonn an tuarascáil obair shuntasach a rinneadh i rith na bliana, dírithe go príomha ar Bhuiséad 2023, a chuimsigh pacáiste stairiúil de €2.2 billiún i mbearta cosanta sóisialta. Bhí sé mar aidhm ag na bearta seo brúnna costais mhaireachtála a mhaolú trí thacaíochtaí cnapshuime agus íocaíochtaí seachtainiúla méadaithe. I measc na bpríomhthionscnamh bhí méaduithe ar phinsin Stáit, íocaíochtaí cnapshuime do dhaoine a chónaíonn ina n-aonar, cúramóirí, agus teaghlaigh oibre ar ioncam íseal, chomh maith le leathnú ar an gClár Béilí Scoile onas gur féidir le níos mó leanaí tairbhe a bhaint as.
Buaicphointí 2023:
- pacáiste cosanta sóisialta stairiúil de €2.2 billiún i mBuiséad 2023.
- méadú €12 ar uasráta seachtainiúil na bpinsean Stáit ar fad.
- íocaíochtaí cnapshuime €500 do chúramóirí agus do theaghlaigh oibre ar ioncam íseal.
- leathnú ar Chlár na mBéilí Scoile, a rachaidh chun tairbhe do 64,500 leanbh breise.
- faomhadh na scéime nua Sochar Phá-Choibhneasa do Chuardaitheoirí Poist atá le tabhairt isteach in 2024.