Uathchlárú: Freagraí ar do chuid ceisteanna
- Foilsithe: 11 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ceisteanna ginearálta
Cad atá i gceist le clárú uathoibríoch
Is scéim nua coigiltis scoir í uathchlárú a gclárófar daoine go huathoibríoch leis má chomhlíonann siad riachtanais áirithe. Bunaíodh é chun plean scoir a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil pinsean oibre nó príobháideach acu chun coigilt le haghaidh scoir.
Cén fáth a bhfuil uathchlárú á thabhairt isteach
Tá dhá phríomhchúis leis:
- níl pinsin oibre nó phríobháideacha ag mórán daoine agus ní bheidh siad ach ag brath ar an bPinsean Stáit nuair a rachaidh siad ar scor. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh titim ioncaim a bheith acu nuair a rachaidh siad ar scor, agus d’fhéadfadh titim ar a gcaighdeán maireachtála a bheith mar thoradh air
- tá an daonra atá ag dul in aois in Éirinn, agus beidh níos lú daoine in aois oibre amach anseo chun tacú leis an daonra scortha. Tá sé tábhachtach go dtosóidh daoine ag coigilt dá dtodhchaí anois chun a chinntiú go mbeidh go leor airgid ag daoine nuair a rachaidh siad ar scor
Cathain a thabharfar clárú uathoibríoch isteach
Cuirfear tús le clárú uathoibríoch an 30 Meán Fómhair 2025.
Cé a bheidh cláraithe go huathoibríoch
Ní mór duit na coinníollacha seo a chomhlíonadh le go gclárófar thú go huathoibríoch:
- a bheith idir 23 agus 60 bliain d’aois
- níos mó ná €20,000 a thuilleamh in aghaidh na bliana
- nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochtaí le pinsean oibre nó príobháideach trí phárolla faoi láthair
Cé a reáchtálfaidh an córas coigiltis scoir um uathchlárú
Comhlacht neamhspleách nua a bhunóidh an Roinn Coimirce Sóisialaí, ar a dtugtar an tÚdarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú (NAERSA) a reáchtálfaidh agus a bhainisteoidh uathchlárú.
Conas a rialófar uathchlárú
Déanfaidh an tÚdarás Pinsean maoirsiú ar an scéim uathchláraithe. Beidh neamhspleáchas reachtúil aige agus beidh sé á rialú ag Bord Stiúrthóirí.
Beidh seirbhísí Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean ar fáil do rannpháirtithe freisin.
Ceisteanna d’fhostaithe
Má táim ag obair agus ag tarraingt anuas pinsin an mbeidh mé fós cláraithe?
Ní dhéanfar ioncam ó phinsin a mheas maidir le hincháilitheacht. Beidh tú cláraithe go huathoibríoch áfach, má tá tú ag obair mar fhostaí, tú idir 23 agus 60 bliain d’aois, má thuilleann tú €20,000 nó níos mó trí d’fhostaíocht(aí) agus mura bhfuil tú féin nó d’fhostóir ag déanamh ranníocaíochta le pinsean forlíontach trí phárolla faoi láthair.
Má théann mo thuilleamh faoi bhun €20,000 sa bhliain an bhfanfaidh mé sa scéim?
Má tá tú cláraithe agus má théann do thuilleamh faoi bhun €20,000 in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin, fanfaidh tú sa scéim.
An dtiocfaidh uathchlárú in ionad an Phinsin Stáit?
Ní thiocfaidh, tá uathchlárú deartha chun coigilteas scoir daoine a mhéadú. Soláthróidh sé bealach nua d’oibrithe chun coigilt dá dtodhchaí. Is é an cuspóir atá leis an Pinsean Stáit a fhorlíonadh agus ní rud eile a chur ina ionad.
Má tá pinsean oibre nó pinsean pearsanta agat cheana féin
- má tá pinsean agat cheana féin a bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochta ina leith go gníomhach tríd an bpárolla (ciallaíonn sé sin go díreach ó do dhuillín pá), níl tú incháilithe don scéim
- má tá níos mó ná post amháin agat, agus mura bhfuil scéim phinsin ag an bpost breise/ na poist bhreise a bhfuil tú féin nó d’fhostóir ag déanamh ranníocaíochta ina leith tríd an bpárolla, déanfar tú a chlárú go huathoibríoch do na poist sin má tá do phá comhcheangailte níos mó ná €20,000
Dá mbíodh tú ag déanamh ranníocaíochta le pinsean ach ní dhéanann tú é sin a thuilleadh
Mura bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochtaí le pinsean oibre nó pearsanta a thuilleadh, agus má chomhlíonann tú na ceanglais eile, déanfar tú a uathchlárú.
An féidir le fostaithe leanúint ar aghaidh ag déanamh ranníocaíochtaí lena bpinsean pearsanta agus a bheith incháilithe le haghaidh uathchláraithe?
Aon fhostaíocht nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochta le pinsean pearsanta nó ceirde trí phárolla agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta eile, déanfar thú a chlárú go huathoibríoch.
Aon fhostaíocht ina bhfuil tú déanamh ranníocaíochta le pinsean pearsanta nó ceirde trí phárolla, ní bheidh tú incháilithe don scéim don fhostaíocht sin. Mar sin féin, má tá fostaíocht eile agat nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochta le pinsean trí phárolla, féadfaidh tú a bheith cláraithe i leith na fostaíochta sin.
Má tá cláraithe go huathoibríoch agus má thosaíonn tú ag déanamh ranníocaíochta le pinsean pearsanta nó ceirde trí phárolla níos déanaí, beidh an fhostaíocht sin díolmhaithe ó chlárúchán uathoibríoch.
Conas a bheidh a fhios ag NAERSA go bhfuil pinsean príobháideach ag fostaí?
Ní bheidh NAERSA in ann a insint an bhfuil plean pinsin príobháideach agat a bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochta ina leith lasmuigh den phárolla. Má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta, clárófar go huathoibríoch thú. Mar sin, fágfar fútsa é leat leanúint ar aghaidh ag déanamh ranníocaíochta i leith an dá cheann más maith leat.
Ar cheart d’fhostaithe a bpinsean pearsanta a chealú ionas gur féidir iad a chlárú go huathoibríoch?
Ní féidir linn moladh duit an bhfuil uathchlárú nó do phinsean pearsanta reatha níos fearr duit i do chás. Braitheann an rogha is fearr duit ar do chúinsí féin, agus fachtóirí ar nós faoiseamh cánach, méideanna ranníocaíochta, táillí agus sochair choimhdeacha á gcur san áireamh.
An mbeidh fostaithe in ann pinsean príobháideach a fháil tar éis dóibh a bheith cláraithe go huathoibríoch?
Beifear in ann fanacht mar rannpháirtí sa scéim um uathchlárú agus ranníocaíochtaí a íoc le scéim pinsin eile lasmuigh den chóras párolla.
An féidir le fostaithe an forlíonadh Stáit a fháil i mo phinsean ceirde nó pearsanta?
Ní féidir, déanfaidh an Stát ranníocaíochtaí sa scéim clárúcháin uathoibríoch a bhreisiú ag ráta €1 in aghaidh gach €3 a ranníocann an fostaí. Is ionann é seo agus faoiseamh cánach 25%. Leanfaidh faoiseamh cánach ar aghaidh ag tacú le scéimeanna pinsin eile, ar féidir leo suas le 40% a bhaint amach ag brath ar do leibhéal tuillimh.
Cad a tharlóidh do do choigilteas má roghnaíonn gan a bheith rannpháirteach?
Fanfaidh ranníocaíochtaí nach n-aisíoctar (an fostóir agus ranníocaíochtaí Stáit san áireamh) i do phota coigiltis agus leanfar lena n-infheistiú ar do shon. Mar sin, fiú má roghnaíonn tú gan a bheith rannpháirteach, beidh pota agat le tarraingt anuas/le rochtain a fháil air nuair a bhaineann tú 66 bliain d’aois amach.
An bhfuil pionóis i gceist má leanann fostaithe gan a bheith rannpháirteach?
Níl, ní ghearrfar aon phionóis ar fhostaithe a roghnaíonn gan a bheith rannpháirteach sa scéim.
Slándáil do choigilteas
Ní bheidh do phota uathchláraithe ráthaithe ag an Stát. Tá sé seo mar an gcéanna le haon phlean pinsin nó coigiltis eile.
Tá an Stát, trí uathchlárú, ag cabhrú leat airgead a shábháil le haghaidh scoir, ach ní leis an Stát na cistí. Méadóidh gach rannpháirtí ar leith a p(h)ota airgid féin a bhaineann leis/léi.
Ní bheidh aon éileamh ag an Stát ar an airgead sin agus ní bheidh aon cheart aige amach anseo é a úsáid chun críche ar bith. Is í do mhaoin phearsanta a bheidh i gceist leis i gcónaí, inrochtana nuair a shroicheann tú aois scoir de 66.
Tá roinnt céimeanna á nglacadh ag an Stát chun a chinntiú go bhfanfaidh an t-airgead a infheistítear ar do shon chomh sábháilte agus is féidir, lena n-áirítear:
- infheistíochtaí riosca ísle a roghnú sa straitéis réamhshocraithe
- maoirseacht leis an Údarás Pinsean
- úsáid a bhaint as cistí rialaithe amháin chun do choigilteas a infheistiú
- gan conradh a dhéanamh ach le cuideachtaí infheistíochta creidiúnacha atá rialaithe go hiomlán ag Banc Ceannais na hÉireann
Cad a tharlóidh má stopann tú ag obair?
Má stopann tú ag obair ag am ar bith roimh aois an Phinsin Stáit, fanfaidh tú cláraithe, ach ní dhéanfaidh tú aon ranníocaíochtaí. Ina áit sin, leanfar le do choigilteas a infheistiú ar do shon. Má thosaíonn tú nó nuair a thosaíonn tú ag obair arís, tosóidh tú ag déanamh ranníocaíochtaí, fad is nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochtaí le pinsean forlíontach nó ceirde i do phost nua agus go bhfuil na critéir incháilitheachta fós á gcomhlíonadh agat.
Cad a tharlóidh má théann tú ar imirce?
Má théann tú ar imirce leanfar le do phota coigiltis a infheistiú agus beidh rochtain agat air ag aois an Phinsin Stáit. Fanfaidh gach ranníocaíocht fostaí, fostóra agus Stáit go dtí sin i do phota coigiltis, agus scoirfidh gach ranníocaíocht.
Má fhilleann tú ar Éirinn chun obair a dhéanamh, is féidir go gclárófar thú arís má chomhlíonann tú na critéir ag an am sin.
An féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar do ranníocaíochtaí
Ní féidir, ach is ionann breisiú an Stáit agus faoiseamh cánach 25%.
Mura n-íocann d’fhostóir na ranníocaíochtaí
Tá cosaintí sa reachtaíocht lena chinntiú go gcaithfidh d’fhostóir ranníocaíochtaí a dhéanamh ar do shon. Mura ndéanann siad sin, féadfaidh siad a bheith faoi réir fíneálacha agus aisíocaíochtaí a bhfuil ús i dteannta leo.
An mbeidh orm táillí a íoc?
Socrófar agus míneofar táillí gar don dáta seolta. Beidh fostaithe in ann féachaint ar tháillí ar a ráiteas bliantúil a bheidh inrochtana ar líne.
Ceisteanna d’fhostóirí
An gcaithfidh cuideachtaí beaga nó teaghlaigh Uathchlárú a chur i bhfeidhm
Beidh ar gach cuideachta a bhfuil fostaithe acu in Éirinn, beag beann ar mhéid nó struchtúr, an scéim um uathchlárú a éascú d’fhostaithe a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus dóibh siúd ar mian leo a bheith rannpháirteach.
Féadfar fostóirí a chuireann cosc ar a bhfostaithe dul isteach sa scéim, nó a chuireann iallach ar a gcuid fostaithe tarraingt siar nó ranníocaíochtaí a chur ar fionraí, a ionchúiseamh agus beidh siad faoi réir fíneálacha agus pionóis. Tarraingeofar íocaíochtaí úis ar ranníocaíochtaí coinnithe siar nó tearcíoctha.
Cé a mheastar a bheith ina fhostaí chun críocha uathchláraithe?
Is ionann fostaí chun críocha uathchláraithe agus fostaí chun críocha cánach agus ÁSPC. Is oibrí é/í a oibríonn d’fhostóir agus a n-íocann fostóir é/í, agus nach bhfuil féinfhostaithe.
An mbeidh rannpháirtithe Fostaíochta Pobail, Tionscnaimh Jab, Scéim Shóisialta na Tuaithe nó Tús cláraithe le hUathchlárú?
Ní bheidh rannpháirtithe na scéimeanna Fostaíochta Pobail, Tionscnaimh Jab, Scéim Shóisialta na Tuaithe nó Tús incháilithe don scéim um uathchlárú.
An mbeidh maoirseoirí Fostaíochta Pobail, Tionscnaimh Jab, Scéim Shóisialta na Tuaithe nó Tús cláraithe le hUathchlárú?
Déanfar maoirseoirí sna scéimeanna Fostaíochta Pobail, Tionscnaimh Jab, Scéim Shóisialta na Tuaithe nó Tús a chlárú go huathoibríoch nuair a chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta.
An gclárófar printísigh?
Déileálfar le printísigh mar an gcéanna le haon fhostaí eile, agus má chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta déanfar iad a chlárú.
An gclárófar stiúrthóirí cuideachta?
Braitheann sé seo ar an aicme ÁSPC atá á ranníoc agat mar stiúrthóir cuideachta. Má íocann tú ÁSPC mar fhostaí agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta, clárófar thú. Ach má tá tú cláraithe mar dhuine féinfhostaithe ní bheidh tú incháilithe ansin.
An ndéanfar fostaithe nua a chlárú go huathoibríoch láithreach?
Níl aon tréimhsí feithimh don scéim um uathchlárú. Déanfar fostaithe nua a bhfuil taifead tuillimh acu leis na Coimisinéirí Ioncaim a bhfuil €20,000 nó níos mó tuillte acu le linn bliana a chlárú go huathoibríoch. I gcás fostaithe nua nach bhfuil aon taifead tuillimh acu roimhe seo nó a bhfuil bearna idir a bhfostaíocht roimhe seo agus a bhfostaíocht nua, féadfaidh tréimhse suas le 13 seachtaine a bheith i gceist leis an gclárú, nó go ndéanfar a chruthú an dóigh go mbainfidh siad an tairseach tuillimh amach.
Conas a aithneofar daoine féinfhostaithe?
Bainfear úsáid as aicmí ÁSPC chun daoine féinfhostaithe a eisiamh ó chlárú uathoibríoch.
An gclárófar fostaithe a roghnaigh airgead in ionad, in áit dul isteach i scéim pinsin?
Mura bhfuil ranníocaíochtaí pinsin déanta ag na fostaithe seo tríd an bpárolla agus má chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta aoise agus ioncaim, déanfar iad a chlárú go huathoibríoch.
An gclárófar fostaithe a bhfuil pinsean acu i dtír eile ach a íoctar tríd an bpárolla in Éirinn?
Mura léiríonn sonraí a cuireadh ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim in Éirinn ranníocaíochtaí gníomhacha pinsin agus má chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta aoise agus ioncaim, déanfar iad a chlárú go huathoibríoch.
An gclárófar fostaithe a bhfuil díolúine acu ó ÁSPC a íoc?
Ní dhéanfar measúnú ar fhostaithe atá díolmhaithe ó ÁSPC le haghaidh uathchláraithe.
Conas a dhéanfar tuarastal an fhostaí a mheas maidir le hincháilitheacht?
Déanfar measúnú ar aon ioncam a thuairiscítear sa réimse pá comhlán ar an bpárolla. I gcás roinnt fostaíochta, beidh sé soiléir ar ‘Lá 1’ go gcomhlíonann fostaí an critéar íostuilleamh. I gcás daoine eile, d’fhéadfadh go dtógfadh sé suas le 13 seachtaine chun NAERSA ‘féachaint siar’ a chur i bhfeidhm ar thuilleamh fostaí i dtréimhse tagartha pá.
An mbeidh ar fhostóirí ranníocaíochtaí a dhéanamh le pinsin phearsanta anois?
Níl aon phleananna ann chun iallach a chur ar fhostóirí ranníocaíocht a dhéanamh le pinsin phearsanta má tá sé sin lasmuigh de théarmaí agus coinníollacha d’fhostaíochta. Beidh sé éigeantach d’fhostóirí a bhfuil fostaithe incháilithe acu ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an clárú uathoibríoch nuair a sheolfar é.
Cad a tharlóidh má tá scéim pinsin i bhfeidhm cheana féin ag fostóirí dá bhfostaithe?
Reáchtálfar aon scéim pinsin reatha i gcomhthráth le huathchlárú. Ní chlárófar aon fhostaithe a bhfuil taifead acu tríd an bpárolla de ranníocaíochtaí fostaithe agus/nó ranníocaíochtaí fostóra sa scéim.
An féidir le fostóirí fostaithe a chlárú go huathoibríoch ina scéim pinsean cuideachta reatha?
Ní fhorálann an reachtaíocht um uathchlárú d’fhostóirí a gcuid fostaithe a chlárú go huathoibríoch ina scéim pinsean reatha. Is ceist í sin d’fhostóirí agus d’iontaobhaithe a scéimeanna pinsin. Go bunúsach, braitheann sé ar an gconradh fostaíochta atá socraithe agat le do chuid fostaithe.
An mbeidh ar fhostóirí rochtain a sholáthar ar CCPS fós?
Ní dhéanann an tAcht um Chóras Uathrollaithe Coigiltis Scoir, 2024 difear don reachtaíocht atá ann cheana féin, mar sin beidh oibleagáid ort fós rochtain ar CCPS a thairiscint d’fhostaithe ar mian leo leas a bhaint as.
An gá do scéimeanna reatha caighdeáin a chomhlíonadh le go mbeidh siad díolmhaithe?
Ní gá, a luaithe is a bheidh ranníocaíocht phinsin íoctha trí phárolla ó fhostaí nó ó fhostóir, measfar go bhfuil clúdach pinsin ag an bhfostaí cheana féin agus ní chlárófar é/í maidir leis an bhfostaíocht sin. Mar sin féin, má tá fostaíocht eile agat nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochta le pinsean trí phárolla, féadfaidh tú a bheith cláraithe i leith na fostaíochta sin.
Faoi dheireadh bhliain a sé d’oibriú na scéime um uathchlárú, ar a dhéanaí, forbrófar caighdeáin chun scéimeanna pinsin atá ann cheana a dhíolmhú le cúnamh ón Údarás Pinsean.
Má roghnaíonn fostaí gan a bheith rannpháirteach, an gcaithfidh fostóirí a ranníocaíocht a íoc fós?
Ní bheidh ort leanúint ar aghaidh ag íoc ranníocaíochtaí fostóra má roghnaíonn d’fhostaí gan a bheith páirteach sa scéim. Nuair a athchlárófar an fostaí, cuirfear fógra párolla nua ar fáil agus cuirfear tús leis na ranníocaíochtaí go léir arís.
Má tá fostaí ag tuilleamh os cionn €80,000 thar ilfhostaíocht (mar shampla beirt fhostóir ag íoc €50,000 an duine), conas atá a fhios ag gach fostóir cé mhéad atá le híoc?
Eiseoidh NAERSA an Fógra Párolla um Uathchlárú (FPUC) trí bhogearraí párolla chuig an dá fhostóir mar is gnách. Nuair a shroicheann an fostaí an tairseach ioncaim de €80,000 laistigh den bhliain chánach, déanfar an fógra párolla don dá fhostóir a nuashonrú chun a léiriú nach bhfuil aon ranníocaíochtaí breise le híoc. Eiseofar fógra párolla nua ag tús na chéad bliana cánach eile chun ranníocaíochtaí a atosú má chomhlíonann an fostaí na critéir incháilitheachta fós.
An gcaithfidh fostóirí ranníocaíochtaí a dhéanamh freisin d’fhostaithe a roghnaíonn a bheith rannpháirteach?
Caithfidh, caithfear le fostaithe a roghnaíonn a bheith rannpháirteach ar a mbealach céanna leo siúd a chláraítear go huathoibríoch, agus ciallaíonn sé sin go n-íocfaidh an fostaí, an fostóir agus an Stát na rátaí socraithe mar atá leagtha amach thuas.
An gcaithfidh na rátaí ranníocaíochta do mo scéim reatha teacht leis na rátaí ranníocaíochta faoi uathchlárú?
Ní chaithfidh. Ní bhaineann na rátaí ranníocaíochta socraithe ach leis an scéim um chlárú uathoibríoch. Mar sin féin, faoi dheireadh bhliain a sé d’oibriú na scéime um uathchlárú, ar a dhéanaí, forbrófar caighdeáin chun scéimeanna pinsin atá ann cheana a dhíolmhú le cúnamh ón Údarás Pinsean.
Cad atá san áireamh sa sainmhíniú ar thuarastal nó ar thuilleamh le haghaidh uathchláraithe?
Déanfar olltuilleamh an fhostaí a mheas le haghaidh na tairsí ioncaim agus le haghaidh ríomh na ranníocaíochtaí. Ciallaíonn sé seo go mbeidh aon rud atá san áireamh sa réimse pá comhlán ar phárolla inmheasúnaithe.
Conas a íocfar ranníocaíochtaí?
Íocfaidh fostóirí ranníocaíochtaí fostaithe agus fostóirí go díreach le NAERSA. Táthar ag súil go mbeidh modhanna éagsúla ar fáil, dochar díreach inathraithe san áireamh. Beidh fostóirí in ann é seo a chur ar fáil ar thairseach an fhostóra. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil níos gaire don dáta seolta.
An mbeidh tuairisceáin fostóra bhreise le tabhairt ag fostóirí nó an bpróiseálfar an fhaisnéis asbhainte pinsin go léir trí thuairisceáin ÍMAT reatha na gCoimisinéirí Ioncaim?
Mar fhostóir beidh ort tuairisceán ar leith a dhéanamh tríd an bpárolla go díreach chuig an Údarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú. Cuirfear eolas ar an gcaoi a n-oibreoidh an próiseas seo ar fáil d’fhostóirí níos gaire don dáta seolta.
Déanfar ríomh na ranníocaíochtaí trí na bogearraí párolla atá agat cheana féin.
An dteastaíonn bróicéir uainn chun uathchlárú a bhainistiú dúinn?
Ní theastaíonn, is comhlacht lárnach, an tÚdarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú a dhéanfaidh uathchlárú a riaradh agus mar sin ní gá seirbhísí bróicéara a fhostú.