English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

An tAire Heather Humphreys – Buiséad 2023 Óráid na Preasócáide

CUIR I GCOMPARÁID LEIS AN ÓRAID MAR A TUGADH Í

Tá fáilte romhaibh ar fad.

Tá an costas maireachtála ag dul i bhfeidhm ar shaol teaghlach ar fud na tíre.

Tá an costas a bhaineann le tithe a théamh méadaithe agus tá earraí grósaera éirithe i bhfad níos costasaí.

Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine ag streachailt i láthair na huaire.

Mar Aire Coimirce Sóisialaí, tá tús áite á thabhairt agam do thacú leis na daoine sin agus tacú leis na daoine is leochailí inár measc - daoine scothaosta, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh ísealioncaim.

Is ar an méid sin ar fad atá Buiséad 2023 bunaithe.

Is fiú €2.2 Billiún iad na bearta Coimirce Sóisialaí atá á bhfógairt agam inniu – sa bhreis ar na tacaíochtaí suntasacha a cuireadh ar fáil i rith na Paindéime – agus is ionann é seo agus an Pacáiste Buiséid Coimirce Sóisialaí is mó riamh i stair an Stáit.

Tá deireadh mhí Mheán Fómhair ag teannadh linn. Tá na laethanta ag éirí níos giorra agus tá a fhios agam go bhfuil míonna an gheimhridh ag déanamh imní do dhaoine.

Ar mhaithe leis an mbrú agus leis an strus a raibh go leor teaghlach ag déileáil leis a laghdú, tá tacar d'íocaíochtaí eisceachtúla cnapshuime á chur ar fáil agam chun tacú le daoine.

Áireofar anseo:

Íocaíocht Dhúbailte Costas Maireachtála i mí Dheireadh Fómhair le haghaidh gach faighteoir íocaíochtaí coimirce sóisialaí lena n-áirítear Pinsinéirí, Cúramóirí & Daoine faoi Mhíchumas.

Íocaíocht cnapshuime luach €400 do gach teaghlach a bhfuil liúntas breosla á fháil aige atá le híoc i mí na Samhna.

Tá na costais teasa nó na costais soilse céanna le híoc ag pinsinéir nó ag duine faoi mhíchumas atá ina c(h)ónaí ina (h)aonar ach níl ach ioncam amháin acu. Chuige sin, tá Íocaíocht Cnapshuime luach €200 á cur ar fáil agam do dhaoine a bhfuil an Liúntas Maireachtála Aonair á fháil acu agus cuirfear an íocaíocht ar fáil i mí na Samhna.

Gheobhaidh gach teaghlach Íocaíocht Dhúbailte den Sochar Linbh i mí na Samhna. Chomh fada is a bhaineann le teaghlaigh, ciallaíonn sé seo go mbeadh €140 a fháil acu do gach Leanbh de ghnáth, ach beidh €280 a fháil acu do gach Leanbh anois. Bainfidh gach teaghlach sa tír, 640,000 teaghlach ar fad, tairbhe as an mbeart seo.

Tá mé ag iarraidh tacú le teaghlaigh atá i bhfostaíocht. Tá go leor teaghlach ag obair go crua chun bia a chur ar an mbord a bhfuil ioncam íseal á fháil acu. Tá mé ag iarraidh cabhrú leo agus tá Íocaíocht Cnapshuime luach €500 á cur ar fáil agam do gach teaghlach a bhfuil an Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht á fáil acu.

Tá mé ag tacú go láidir lenár gCúramóirí Teaghlaigh. Anuraidh chuir mé athruithe suntasacha i bhfeidhm ar Thástáil Acmhainne na gCúramóirí. Mar chuid dár nAthchóirithe Pinsin, beidh Pinsean á chur ar fáil do Chúramóirí Fadtéarmacha agus cúis áthais dom a fhógairt inniu go mbeidh Cnapshuim speisialta luach €500 á cur ar fáil mar Dheontas Tacaíochta do Chúramóirí chun tacú le Cúramóirí leis an gCostas Maireachtála.

Tá mé airdeallach go háirithe ar na deacrachtaí ar leith agus ar an gcostas breise maireachtála a bhfuil daoine faoi mhíchumas ag streachailt leis. Tá mo Roinn ag obair ar athchóirithe suntasacha ar na hÍocaíochtaí Míchumais de bhua na Tuarascála ar an gCostas Míchumais agus tá sé beartaithe agam labhairt le agus dul i gcomhairle leis an earnáil maidir leis na hathchóirithe seo sna míonna amach romhainn. Idir an dá linn, inniu tá Deontas Tacaíochta Míchumais luach €500 á chur ar fáil agam do gach duine a bhfuil liúntas míchumais á fháil aige/aici, pinsean na ndall agus pinsean easláine, chun cabhrú leis an gcostas breise maireachtála.

I mí na Nollag, íocfar Íocaíocht Bhónais Dhúbailte na Nollag le gach Pinsinséir, Cúramóir, Duine faoi Mhíchumas, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus faighteoirí eile Coimirce Sóisialaí.

Táimid ag déileáil le dúshláin ar leith i láthair na huaire, dúshláin a éilíonn freagairt ar leith.

Creidim go gcabhróidh an raon leathan Íocaíochtaí Cnapshuime leis na daoine is leochailí i rith mhíonna an gheimhridh.

Tá oifigigh i mo Roinn ag obair ar na córais TF d'fhonn a chinntiú go n-eiseofar na híocaíochtaí seo ar fad i rith mhí Dheireadh Fómhair, na Samhna agus na Nollag, tráth a mbeidh an méid is mó tacaíochta ag teastáil ó dhaoine.

Agus aghaidh á tabhairt againn ar 2023, táim ag fógairt inniu go mbeidh méadú €12 euro sa tseachtain ag teacht ar na rátaí íocaíochta do phinsinéirí agus do dhaoine in aois oibre.

Cosnóidh an beart seo amháin beagnach €900 milliún euro.

Is é seo an méadú buiséid is mó in íocaíochtaí seachtainiúla ó lár na 2000idí.

Mar atá ráite agam, is Buiséad ar leith é seo agus ní mór an tionchar atá ag na híocaíochtaí Cnapshuime agus ag na méaduithe seachtainiúla a chur san áireamh nuair a bheidh breithiúnas á thabhairt.

Ba mhaith liom sampla amháin a phlé - Gheobhaidh duine a bhfuil an Liúntas Míchumais á f(h)áil aige/aici atá ina c(h)ónaí ina (h)aonar, €2,140 breise mar thoradh ar an mBuiséad seo.

Má chuireann tú an bhliain ar fad san áireamh, tá sé sin cothrom le €41 sa tseachtain.

Is féidir leat ríomhanna mórán mar an gcéanna a dhéanamh d'aon ghrúpa, Pinsinéirí nó Cúramóirí agus beidh na torthaí mórán mar an gcéanna.

Is éard atá á dhéanamh ag an Rialtas trí na híocaíochtaí Cnapshuime na híocaíochtaí sin a thúsualú ionas go mbeidh an brú atá ar dhaoine i rith mhíonna an gheimhridh á laghdú.

Mar is eol do go leor agaibh, i mblianta roimhe seo, nuair a fógraíodh méadú €5 do gach duine, chiallaigh sé nach bhféadfaí bearta spriocdhírithe a chur san áireamh.

Ní hamhlaidh atá i mbliana, agus cúis áthais dom gur éirigh liom maoiniú a fháil le haghaidh roinnt beart tábhachtach.

Chun déileáil leis an ualach atá á iompar ag teaghlaigh ísealioncaim i bhfostaíocht, tá na tairseacha ioncaim don íocaíocht teaghlaigh i bhfostaíocht á mhéadú €40 agam.

Rachaidh sé seo chun tairbhe teaghlaigh i bhfostaíocht agus beidh suas le €24 euro breise á fháil acu sa tseachtain.

Is é seo an méadú is airde riamh ar thairseacha na hÍocaíochta Teaghlaigh i bhFostaíocht agus cúis áthais dom gurbh fhéidir é seo a dhéanamh.

Chomh maith leis sin, tá mé ag leanúint leis an nós a bhaineann leis na rátaí a íoctar le haghaidh leanaí daoine atá páirteach i scéimeanna leasa shóisialaigh a mhéadú.

Tá an ráta le haghaidh leanaí faoi 12 bhliain á mhéadú €2 go dtí €42 do gach leanbh agus €2 go dtí €50 euro do gach leanbh atá os cionn 12 bhliain d'aois.

Má chuirtear na trí Bhuiséad dheireanacha san áireamh, tá an ráta do leanaí Faoi 12 bhliain d'aois méadaithe €6 agus tá an ráta do leanaí Os cionn 12 bhliain d'aois méadaithe €10.

Bhí mé airdeallach, nuair a bhí mé ag díriú ar mo thosaíochtaí Buiséid le haghaidh 2023, nach n-áirítear go leor teaghlach agus daoine scothaosta faoi na critéir cháilitheacha don Liúntas Breosla.

Chinn mé go raibh sé riachtanach, sa Bhuiséad seo, an scéim seo a leathnú.

Inniu tá roinnt beart nua á bhfógairt agam a chiallaíonn go mbainfidh na mílte teaghlach nua tairbhe as an Liúntas Breosla.

Nuair a chinn mé é seo a dhéanamh, bhí mé airdeallach go háirithe ar chás na ndaoine scothaosta.

Tá a fhios againn ar fad, nuair a éirímid beagán níos sine, go mbíonn an aimsir fhuar ag cur isteach orainn.

Tá tuismitheoirí agus seantuismitheoirí againn ar fad a bhfuil ardmheas againn orthu.

Níl mise ag iarraidh, mar Aire, go mbeidh imní ar aon duine scothaosta an teas a chasadh air.

Is é sin an chúis a bhfuil tástáil acmhainne nua á fógairt agam inniu don Liúntas Breosla do dhaoine atá 70 bliain d'aois agus níos sine.

I gcás duine singil atá níos sine ná 70 bliain d'aois mar shampla, is féidir leis/léi ioncam de suas le €500 sa tseachtain a bheith aige/aici agus cáiliú don liúntas breosla, agus is féidir le lánúin ioncam de suas le €1,000 sa tseachtain a bheith acu.

Tá mé ag súil go mbeidh idir 60,000 – 70,000 teaghlach nua cáilithe don scéim seo mar thoradh ar an athrú seo.

Lena chois sin, tá an tástáil acmhainne chaighdeánach á feabhsú agam freisin tríd an teorainn acmhainne a mhéadú ó €120 go dtí €200 os cionn ráta an phinsin ranníocaigh.

Táim ag súil go gciallóidh sé seo go mbeidh 17,000 teaghlach breise páirteach sa scéim.

Tá mé ag fógairt inniu nach mbeidh íocaíochtaí an liúntais cúramóra leathráta agus an tsochair mhíthreoraigh á meas sa tástáil acmhainne don liúntas breosla níos mó.

Is é seo an méadú is mó riamh ar Scéim an Liúntais Breosla agus beidh beagnach 90,000 teaghlach nua cáilithe don íocaíocht.

Éileoidh an fhorbairt seo athruithe suntasacha ar an gcóras agus obair fhorbartha TF agus beidh an córas nua éifeachtach i mí Eanáir 2023.

Tá roinnt beart eile á bhfógairt agam inniu a dhéanfaidh difríocht shuntasach do na daoine ábhartha.

Bhí mé ag iarraidh a chinntiú go raibh béim shuntasach á leagan ar dhaoine faoi mhíchumas sa Bhuiséad seo.

Is íocaíocht é Liúntas Cúraim Baile a dhéantar le tuismitheoirí leanaí atá faoi mhíchumas trom.

Gach bliain, saolaítear roinnt leanaí a bhfuil riochtaí tromchúiseacha acu a chiallaíonn gur gá dóibh fanacht san ospidéal.

Faoi reachtaíocht reatha an Liúntais Cúraim Baile, níl leanaí nach bhfuil in ann an t-ospidéal a fhágáil i ndiaidh a mbreithe cáilithe don íocaíocht.

Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceart agus, dá bhrí sin, tá mé ag fógairt inniu go mbeidh na rialacha seo á leasú ionas gur féidir le teaghlaigh a bhfuil leanbh mar seo acu cáiliú don íocaíocht.

Ina theannta sin, tá ráta na híocaíochta á mhéadú ó €309.50 go dtí €330 sa mhí agam. Is é seo an chéad mhéadú ar íocaíocht an Liúntais Cúraim Baile le blianta fada anuas.

Chomh maith leis sin, tá an neamhaird tuillimh ar an Liúntas Míchumais á mhéadú go dtí €165 sa tseachtain agam chun cead a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas atá in ann a bheith ag obair níos mó a thuilleamh agus a n-íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád.

Chomh maith leis sin, tá an Ciste Freastal Réasúnta á athchóiriú agus á fheabhsú agam agus tá Buiséad €1 Mhilliún luaite leis an gCiste don bhliain seo chugainn chun tacú le níos mó daoine faoi mhíchumas a bheith páirteach san fhoireann oibre.

D'fhonn a chinntiú go leanaimid ar aghaidh le béim a leagan ar an margadh fostaíochta, tá an ráta breisithe a bhaineann le scéimeanna fostaíochta cosúil le Fostaíocht Pobail, an Scéim Shóisialta Tuaithe agus Tús, á mhéadú €5 sa tseachtain.

Ciallaíonn sé sin, i dteannta leis an méadú ar an ráta, go mbeidh €17 bhreise sa tseachtain á fháil ag rannpháirtithe na scéimeanna sin an bhliain seo chugainn.

Chomh maith leis sin, tá an neamhaird ar an scéim cúnamh feirme á mhéadú agam d'fhonn a chinntiú nach n-áirítear an chéad €5000 d'ioncam a fhaightear ó scéimeanna um chomhshaol talmhaíochta sa tástáil acmhainne.

Ar deireadh, agus a bhuíoch le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Joe O’Brien, forbróimid agus cuirfimid chun feidhme scéim phíolótach an bhliain seo chugainn chun tacú le daoine atá ag déileáil le bochtaineacht bia.

Mar a dúirt mé níos luaithe, tá dúshláin ar leith le sárú againn na laethanta seo.

I rith phróiseas an Bhuiséid, rinne mé iarracht acmhainní a fháil do phinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh i bhfostaíocht a bhfuil leanaí acu.

Rinne mé é sin chun an brú atá ar theaghlaigh a laghdú de bhrí go bhfuil siad ag déileáil le méaduithe ar an gcostas maireachtála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.

Ainneoin gurb é an ról atá agamsa díriú ar na daoine atá ar an ngannchuid, cabhróidh go leor de na bearta eile a d'fhógair an Rialtas inniu, cosúil leis na creidmheasanna fuinnimh, le daoine i dteaghlaigh ísealioncaim freisin.

Is é €2.2 Billiún an pacáiste Buiséid Coimirce Sóisialaí is mó i stair an Stáit ach fiú leis an leibhéal idirghabhála seo, ní féidir linn freastal ar gach éileamh nó gach rud ba mhaith linn a dhéanamh.

Mar Rialtas, tá an oiread agus is féidir linn á dhéanamh againn agus creidim gur pacáiste buiséid cóir agus cothrom atá anseo a laghdóidh an brú airgeadais atá ag déanamh imní do theaghlaigh ar fud na Tíre.

Go raibh míle maith agaibh.