English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Íocaíocht Sochair Nua do Dhaoine 65 Bliain d'Aois Ar Fáil Anois

Fógraíonn an tAire Humphreys Sochar Nua do dhaoine idir 65 agus 66 bliain d’aois

Ní gá d'fhaighteoirí a bheith ar fáil chun obair lánaimseartha a dhéanamh nó a bheith ag cuardach oibre agus ní gá dóibh síniú

Is é an bealach is tapa agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ná trí www.MyWelfare.ie

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go dtabharfar isteach Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliana d'Aois.

Is íocaíocht í seo do dhaoine idir 65 agus 66 bliana d’aois nach bhfuil fostaithe nó féinfhostaithe a thuilleadh. Cinntear incháilitheacht don íocaíocht trí ranníocaíochtaí ÁSPC an duine.

Is é an ráta íocaíochta ná €203 in aghaidh na seachtaine (an ráta céanna le Sochar Cuardaitheora Poist) le méadú do chleithiúnaithe, má tá siad incháilithe.

Ní cheanglófar ar dhuine a fhaigheann an íocaíocht seo a bheith ar fáil le haghaidh obair lánaimseartha nó ag cuardach oibre agus ní cheanglófar orthu síniú ar an mBeochlár. Tá faighteoirí díolmhaithe ó bheith rannpháirteach i nGníomhachtú mura roghnaíonn siad páirt a ghlacadh ann agus is féidir leo páirt a ghlacadh i gcúrsa oideachais agus a dteidlíocht íocaíochta iomlán a choinneáil.

Ag labhairt di ar fhógra an lae inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“I gcás go leor daoine, mar gheall ar a gconradh fostaíochta, ní raibh an dara rogha acu ach scor ag 65 bliain d'aois.

“Is daoine iad seo a bhí ag obair ar feadh a saoil agus, do go leor daoine, bíonn sé deacair fostaíocht nua a fháil.

Mar Aire ba mhaith liom a bheith in ann cinnteacht agus suaimhneas intinne éigin a sholáthar dóibh.

“Sin an fáth go bhfuil an‘ Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d'Aois’ á rolladh amach agam a léiríonn tiomantas lárnach i gClár an Rialtais.

“Níl aon chás ann anois ina gcaithfidh duine ‘síniú’ nó dul ar an mBeochlár: Is íocaíocht shonrach í seo atá dírithe ar dhaoine sa bhliain roimh aois an phinsin.

“Tá ceisteanna éagsúla eile ann maidir leis an bPinsean Stáit atá á scrúdú ag Coimisiún neamhspleách na bPinsean, atá le moltaí a dhéanamh dom i rith an tsamhraidh.

“Idir an dá linn, tá áthas orm soiléireacht a thabhairt inniu dóibh siúd atá 65 bliain d’aois nó atá ag druidim le 65 bliain d’aois agus táim ag iarraidh ar dhaoine iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo trí www.MyWelfare.ie."

Seachas an modh iarratais ar líne trí www.MyWelfare.ie, is féidir le daoine aonair ríomhphost a sheoladh chuig forms@welfare.ie chun iarratas ar pháipéar a iarraidh agus seolfar chucu sa phost í - tógfaidh sé seo níos mó ama ná iarratas a dhéanamh ar líne, áfach.

Ní féidir iarratais a dhéanamh ach nuair a shroicheann duine 65 bliain d’aois. Leanfaidh an íocaíocht seo ar aghaidh go dtí go sroichfidh an duine aois an phinsin ar an gcoinníoll go leanfaidh sé leis na coinníollacha don íocaíocht a shásamh.

Le cáiliú don íocaíocht seo caithfidh duine scor go hiomlán den fhostaíocht nó den fhéinfhostaíocht. Ba chóir do dhuine a théann i mbun oibre ócáideach nó páirtaimseartha agus é ag fáil na híocaíochta fógra a thabhairt don Roinn agus a éileamh a scor.

D'aithin an Roinn custaiméirí a fhaigheann Sochar Cuardaitheora Poist atá incháilithe don íocaíocht nua agus tá sí i mbun comhairle a thabhairt dóibh maidir le maolú na gcoinníollacha lena n-éileamh agus lena n-aistriú uathoibríoch chuig an scéim.

Tuilleadh eolais

Conas cáiliú d’Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d'Aois:

  • caithfidh tú a bheith idir 65 agus 66 bliain d'aois
  • caithfidh tú scor go hiomlán den fhostaíocht nó den fhéinfhostaíocht
  • caithfidh cónaí a bheith ort i bPoblacht na hÉireann
  • caithfidh tú na coinníollacha ranníocaíochta ÁSPC thíos a shásamh Item was unpublished or removed (Tá Aicmí A, H, P agus S ÁSPC ináirithe don íocaíocht seo.)

Creidmheasanna (Ranníocaíochtaí Creidiúnaithe)

Agus an Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d'Aois á fháil aige, leanann duine ag fáil ranníocaíochtaí creidiúnaithe ar a dtaifead árachais shóisialta má bhí teidlíocht aige dóibh ag tús an éilimh. D’fhéadfadh go mbeadh duine féinfhostaithe (nó duine a bhí féinfhostaithe roimhe seo) i dteideal creidmheasanna dífhostaíochta freisin. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh briseadh ag an duine a fhaigheann an íocaíocht seo ar a dtaifead árachais shóisialaigh agus go bhfuil na creidmheasanna a fhaigheann siad san áireamh chun críocha leasa shóisialaigh eile m.sh. Pinsean Stáit (Ranníocach).

CRÍOCH