English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Bille um Chlárú Sibhialta (Clárú Leictreonach), 2024 Cruinniú Comh-Aireachta, Pointí Cainte

  • Is é an phríomhthosaíocht atá agam maidir leis an mBille seo ná clárú ar líne breitheanna, marbh-bhreitheanna agus básanna a éascú agus foráil a dhéanamh maidir le fógra leictreonach faoi gach bás sa Stát.
  • Beidh an tseirbhís nua clárúcháin ar líne ar fáil do dhaoine a bhfuil aitheantas SAFE fíordheimhnithe (i bhfoirm Cárta Seirbhísí Poiblí arna eisiúint ag an Roinn Coimirce Sóisialaí) agus cuntas MyGovID fíoraithe acu agus oibreoidh sí i gcomhthreo leis an tseirbhís clárúcháin sibhialta pearsanta atá á cur ar fáil ag FSS.
  • Bainfidh an tseirbhís nua ar líne seo úsáid as teicneolaíocht chun próiseas clárúcháin sibhialta níos solúbtha agus níos láidre a sholáthar.
  • D’fhéadfadh go mbeidh sé níos áisiúla do thuismitheoirí leanaí nuabheirthe úsáid a bhaint as an tseirbhís ar líne chun breith a linbh a chlárú.
  • Cuirfear básanna in iúl go leictreonach don Stát laistigh de 5 lá oibre ó dháta an bháis, rud a chinntíonn go mbaileofar faisnéis bháis go cruinn agus go tráthúil.
  • Beidh teaghlaigh a bhfuil daoine muinteartha leo tar éis bás a fháil in ann deimhniú báis a fháil a dheimhníonn bás an duine sin chun críocha gnóthaí duine chaillte a riar i gcásanna ina bhfuil an bás faoi réir imscrúdaithe nó fiosrúcháin leanúnaigh ag cróinéir.
  • Laghdófar na critéir do leanbh marbh-bheirthe chun dul chun cinn i gcúram cliniciúil a léiriú agus leathnófar an rochtain ar Chlár na Marbh-Bhreitheanna.
  • Áirítear sa Bhille freisin leasuithe eile ar chlárú sibhialta lena n-áirítear forálacha:

a dhéanann socrú chun Taifead Marbh-Bhreitheanna a bhunú

a ligeann d’Oifig an Ard-Chláraitheora (OAC) faisnéis agus treoir a eisiúint chuig gach ball foirne clárúcháin FSS

a éascaíonn comhroinnt faisnéise leis an OAC ón Roinn Sláinte maidir le breith linbh deontóirghinte

a cheadaíonn tagairt do chlárú breitheanna, marbh-bhreitheanna, agus básanna san Acht um Chlárú Sibhialta 2004 agus in achtacháin eile a bhfuil feidhm acu maidir le clárúcháin go pearsanta agus ar líne (cibé acu is infheidhme).

a leasaíonn an tAcht um Chlárú Sibhialta (Leasú) 2014 chun tabhairt isteach reachtaíochta maidir le clárú aithreacha a éascú.

  • leasuithe teicniúla eile.
  • Tugaim faoi deara an dlúth-chomhoibriú leanúnach idir mo Roinn agus oifigigh sa Roinn Sláinte maidir le córais a bhunú chun fógra breitheanna agus básanna a éascú don AOC. Bhuail m’oifigigh le foireann forbartha córas FSS. Tá forálacha an Bhille faoi réir ordaithe um thosach feidhme agus leanfaidh m’oifigigh ag obair leis an FSS agus leis an Roinn Sláinte chun a chinntiú go gcuirfear córas um fhógra básanna chun cinn i gcomhar leis an reachtaíocht mar atá leagtha amach sa Bhille.