English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An chéad eisiúint d’Íocaíochtaí Sochair Linbh do Dhaoine 18 mbliana d’aois inniu

  • Sochar Linbh leathnaithe chuig daoine 18 mbliana d’aois atá in oideachas lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas
  • 60,000 leanbh chun tairbhe a bhaint as
  • Eisiúint na gcéad íocaíochtaí inniu

Íocfar na chéad íocaíochtaí Sochair Linbh do dhaoine 18 mbliana d’aois atá in oideachas lánaimseartha inniu tar éis athruithe a rinne an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD.

Íoctar Sochar Linbh ar an gcéad Mháirt de gach mí ag ráta €140 do gach leanbh. Bainfidh 60,000 duine 18 mbliana d’aois atá in oideachas lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas tairbhe as an athrú a thiocfaidh i bhfeidhm inniu.

Ag fógairt na n-íocaíochtaí di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Le go leor leanaí ag tosú ar an mbunscoil anois ag aois a cúig, mar aon leis an méadú ar dhaltaí a dhéanann an idirbhliain, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine 18 mbliana d’aois atá fós sa mheánoideachas.

Tá Sochar Linbh ar cheann de na haon mheicníochtaí atá ar fáil dom chun tacú agus níos mó airgid a chur ar ais i bpócaí na dteaghlach atá ag obair.

Creidim gur athrú fadtéarmach chun feabhais é an Sochar Linbh a leathnú chuig daoine atá 18 mbliana d’aois san oideachas lánaimseartha agus go dtacóidh sé le teaghlaigh ar fud na hÉireann sna blianta amach anseo.”

Nótaí:

Íoctar Sochar Linbh faoi láthair le níos mó ná 650,000 teaghlach i ndáil le níos mó ná 1.2 milliún leanbh le caiteachas measta de níos mó ná €2.1 billiún in 2024.

Íoctar Sochar Linbh ar an gcéad Mháirt gach mí ag ráta míosúil €140 an leanbh.

I gcás linbh a bhfuil 18 mbliana d’aois bainte amach aige/aici cheana féin ar chuntar go bhfuil sé/sí fós in oideachas lánaimseartha, beidh sé/sí i dteideal íocaíocht a fháil arís ón lá inniu suas go dtí go sroicheann siad a mbreithlá 19ú.

Ní gá don tuismitheoir/caomhnóir iarratas a dhéanamh arís má tá an leanbh in oideachas lánaimseartha agus má tá teastas oideachais reatha ag an Roinn. Déanfar an íocaíocht a athghníomhachtú ón lá inniu ar aghaidh fad is a bheidh an deimhniú bailí, agus leanfar leis an íocaíocht fad a bheidh deimhniú oideachais bailí i bhfeidhm nó fad a bheidh 19 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh, cibé acu is túisce.

Má bhaineann an leanbh 18 mbliana d’aois amach tar éis mhí na Bealtaine 2024, sínfear an Sochar Linbh go huathoibríoch go dtí an 19ú breithlá nó go dtí dáta éaga an teastais oideachais reatha.

I gcásanna ina mbeidh an deimhniú oideachais as feidhm roimh an 19ú breithlá, eiseofar deimhniú oideachais nua don tuismitheoir/caomhnóir sula rachaidh sé as feidhm. Ní mór é seo a chomhlánú agus a sheoladh ar ais ionas gur féidir íocaíocht an tSochair Linbh a atosú.

Beidh an Roinn i dteagmháil dhíreach le tuismitheoir/caomhnóir más gá deimhniú oideachais nuashonraithe a chur ar fáil.

Do dhaoine ar gá dóibh a gcuid sonraí íocaíochta a nuashonrú, is é an bealach is tapúla agus is éasca chun sonraí íocaíochta a athrú ná ar líne ag MyWelfare.ie.