An Fóram um Chuimsiú Sóisialta le díriú ar bhearta laghdaithe bochtaineachta
- Foilsithe: 12 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Osclaíodh an chéad Fóram um Chuimsiú Sóisialta fíorúil riamh inniu, Dé Luain, ar 12 Aibreán, agus bhí sé á reáchtáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Cruthaíonn an t-imeacht suntasach seo deis do lucht déanta beartas, soláthraithe seirbhíse agus úsáideoirí seirbhíse ó Ranna Rialtais, ón saol acadúil, ENRanna, grúpaí ón earnáil phobail agus dheonach agus grúpaí atá ag déileáil le bochtaineacht agus/nó eisiamh sóisialta teacht le chéile agus beartas náisiúnta maidir le laghdú bochtaineachta agus cuimsiú sóisialta a phlé.
Ba é an tUasal Joe O’Brien, TD, an tAire Stáit atá freagrach as Cuimsiú Sóisialta sa Roinn Coimirce Sóisialaí agus as forbairt pobail sa Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail a thug an t-aitheasc tosaigh inniu.
Díreoidh Fóram na bliana seo ar Threochlár an Rialtais le haghaidh Cuimsiú Sóisialta, 2020-2025, agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil lena ghealltanais i rith na chéad bliana ó ghlac an Rialtas leis ag tús 2020.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Coimirce Sóisialaí agus Forbairt Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys, TD:
“Is deis é an Fóram um Chuimsiú Sóisialta chun plé tairbheach a éascú idir Ranna Rialtais éagsúla agus an earnáil phobail agus dheonach a bhfuil ionadaíocht á déanamh aici ar dhaoine atá ag déileáil le bochtaineacht agus le heisiamh.
“Tá dul chun cinn déanta i ndáil le déileáil le bochtaineacht, díothacht agus eisiamh sóisialta le blianta beaga anuas agus is ionann Treochlár an Rialtais maidir le Cuimsiú Sóisialta agus céim shuntasach eile chun tosaigh i ndáil le déileáil leis na saincheisteanna seo.
“Cé gur chruthaigh paindéim Covid-19 níos mó dúshlán dúinn le bliain anuas, ní mór dúinn díriú ar dhul i ngleic le bochtaineacht agus le heisiamh trí ghealltanais atá tugtha sa Treochlár a chomhlíonadh.
“Tá mé ag súil le labhairt ag an bhFóram ar an Aoine agus an t-aiseolas a fhaightear sna ceithre Cheardlann a phlé le mo chomhghleacaithe Rialtais, an tAire Stáit, Joe O’Brien, ina measc.
“Sa ré iar-COVID, is dúshlán suntasach é an gealltanas atá tugtha againn a chinntiú go n-áirítear Éire i measc ceann de na Ballstáit is cuimsithí ó thaobh cúrsaí sóisialta de san AE a chomhlíonadh, ach is dúshlán é a bhfuil an Rialtas sásta dul i ngleic leis ar bhealach dáiríre trí na gealltanais atá sonraithe sa Treochlár maidir le Cuimsiú Sóisialta a chur chun feidhme.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Brien:
“Is imeacht thar a bheith tábhachtach é reáchtáil an Fhóraim seo, imeacht a thugann deis do dhaoine atá ag obair san earnáil, bochtaineacht, díothacht agus eisiamh sóisialta a phlé le príomhchinnteoirí i Ranna Rialtais éagsúla.
“Creidim go láidir go mbaineann tábhacht ar leith le deis a thabhairt do lucht déanta beartas agus d’oifigigh shinsearacha i Ranna éagsúla plé dáiríre agus lánbhrí a dhéanamh leis an earnáil Phobail & Dheonach, agus is gné ríthábhachtach den infreastruchtúr rannpháirtíochta sin é an Fóram seo.
“Tá mé ag súil go mór leis an imeacht agus leis an bplé agus leis an méid is féidir linn a fhoghlaim a chuirfidh ar ár gcumas tionscnaimh a fhorbairt a chuirfidh ar ár gcumas déileáil leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta.”
Cuirfear críoch leis an bhFóram um Chuimsiú Sóisialta ar an Aoine, an 16 Aibreán.
CRÍOCH
Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)
- Seoladh:
- Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 704 3860;
01 704 3184