An tAire Humphreys: Leanfar le Maoiniú a sholáthar do Chlár na mBéilí Scoile i rith an briseadh lár téarma
- Foilsithe: 12 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2021
Inniu, dheimhnigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, go leanfar le maoiniú a sholáthar do Chlár na mBéilí Scoile i rith an briseadh lár téarma atá amach romhainn.
Dúirt an tAire Humphreys gur mian léi a dheimhniú do thuismitheoirí agus d’údaráis scoile go leanfar leis an tacaíocht thábhachtach seo a sholáthar do dhaltaí ainneoin sos i bhféilire na scoile.
Ar an tslí seo, cinnteofar go mbeidh scoileanna rannpháirteacha (bunscoileanna agus meánscoileanna) in ann beartáin bhia a sholáthar a rachaidh chun tairbhe na mílte daltaí.
Ainneoin nach mbíonn maoiniú ar fáil faoi Chlár na mBéilí Scoile ach i rith na bliana acadúla de ghnáth, tá eisceacht á déanamh i mbliana mar gheall ar Covid-19.
Is i rith na seachtaine dar tús an 15 Feabhra agus dar críoch an 19 Feabhra atá an briseadh lár téarma do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna.
Tá an cinneadh leanúint le maoiniú a sholáthar faoi Chlár na mBéilí Scoile i rith an briseadh lár téarma ag teacht leis na socruithe a bhí i bhfeidhm nuair a dúnadh na scoileanna in 2020, lena n-áirítear i rith laethanta saoire scoile na Cásca, an tSamhraidh agus na Nollag.
I rith na dtréimhsí sin, lean go leor scoileanna a bhí ag glacadh páirte i gClár na mBéilí Scoile le bia a chur ar fáil do dhaltaí, trí shocruithe a dhéanamh go mbeadh beartáin bhia á seachadadh chuig tithe daltaí ag soláthraithe.
I láthair na huaire, tá teagmháil á déanamh ag an Roinn Coimirce Sóisialaí leis na scoileanna atá páirteach i gClár na mBéilí Scoile lena chur in iúl dóibh gur féidir leo leanúint ar aghaidh le beartáin bhia a sholáthar i rith an briseadh lár téarma.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:
“Is tacaíocht ríthábhachtach do go leor leanaí scoile agus dá dteaghlaigh Clár na mBéilí Scoile. Mar Aire beidh mé ag leanúint ar aghaidh ag tacú leis an scéim seo.
“Leanadh le maoiniú a sholáthar do Chlár na mBéilí Scoile i rith na dtréimhsí ina bhfuil na scoileanna dúnta i láthair na huaire, cosúil leis na socruithe a bhí i bhfeidhm nuair a bhí na scoileanna dúnta nuair a bhí na srianta i bhfeidhm in 2020.
“Cúis áthais dom a fhógairt inniu go mbeimid ag leanúint le maoiniú a sholáthar i rith an briseadh lár téarma amach romhainn ionas gur féidir le scoileanna leanúint le beartáin bhia a chur ar fáil dá ndaltaí.
“Is mian liom an obair atá á déanamh ag na scoileanna atá páirteach i gClár na mBéilí Scoile a admháil mar aon le foireann na scoileanna sin as a chinntiú go leantar leis an gClár a sholáthar i rith na tréimhse dúshlánaí seo agus go bhfuiltear ag cabhrú leis an mbrú atá ar dhaltaí agus ar thuismitheoirí a laghdú.”
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí
Soláthraíonn Clár na mBéilí Scoile maoiniú chun bia a chur ar fáil do bhreis is 1,557 scoil agus eagraíocht, maoiniú atá ag dul chun tairbhe 227,000 leanbh. Is é cuspóir an Chláir bia rialta, cothaitheach a chur ar fáil do leanaí nach bhfuil ar a gcumas, mar gheall ar easpa bia ar ardchaighdeán, lántairbhe a bhaint as an oideachas atá á chur ar fáil dóibh. Is comhpháirt thábhachtach de bheartais chun tinreamh scoile agus breis gnóthachtála oideachais a spreagadh an Clár seo.
In 2020 ba é €53.5 milliún an costas iomlán a bhí luaite le Clár na mBéilí Scoile agus is é €65.1 milliún an leithdháileadh atá luaite leis an gClár le haghaidh 2021.