English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athbhreithniú ar an mBliain - €11.5 billiún i dTacaí Leasa mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

Tacaíocht faighte ag os cionn 850,000 duine tríd an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP)

20 milliún íocaíocht PUP os cionn €6.3 billiún san iomlán eisithe

Thug 30,000 duine cuairt ar Ionaid Intreo in aon lá amháin i mí an Mhárta seo caite

10 milliún glao gutháin freagartha ag foireann na RCS

Leathanaigh ghréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí is mó a úsáideadh ar fud na Seirbhíse Poiblí

Tacaíocht faighte ag beagnach 142,000 duine tríd an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe

PUP faighte ag beagnach 456,600 an tseachtain seo, laghdú 8,280 ar an tseachtain seo caite

Chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí cuntas mionsonraithe ar fáil inniu ar an raon tacaíochtaí ioncaim agus tacaíochtaí eile a leathnaíodh chuig na céadta míle duine ó thosaigh an Phaindéim.

Le linn 12 mhí nach bhfacthas ariamh roimhe, chuir an roinn €11.5 billiún ar fáil in íocaíochtaí seachtainiúla agus tacaí eile a tugadh isteach chun cabhrú le daoine a ndeachaigh COVID-19 i bhfeidhm orthu.

Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime

Deartha agus forbartha thar dhá lá, tá an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) ina tacaíocht ioncaim ríthábhachtach d’oibrithe, na mílte acu a chaill a gcuid post beagnach thar oíche. Meastar gur thug thart ar 30,000 duine cuairt ar a nIonad Intreo áitiúil an 13 Márta chun tacaíocht ioncaim a lorg tar éis dóibh a bpost a chailleadh.

Baineadh an buaic amach sa chéad seachtain de Bhealtaine 2020, nuair a bhí PUP á fáil ag 602,000 duine.

Ó tugadh isteach é:

  • tá díreach faoi bhun 20 milliún íocaíocht PUP déanta
  • le hos cionn 850,000 duine
  • le tacaíocht ioncaim níos mó ná €6.3 billiún tugtha go dtí seo

Thar an tréimhse 12 mhí, fuarthas agus próiseáladh díreach faoi bhun 2 mhilliún éileamh PUP agus rinneadh an scéim féin a bheachtú - ar dtús trí mhéadú a dhéanamh ar an ráta íocaíochta chun meánphá a mheaitseáil sa dá earnáil is mó a bhí buailte - miondíol agus fáilteachas, agus ansin trína nascadh le tuilleamh duine roimh COVID-19.

Chun tacú leis an scéim nua seo, cuireadh feachtais nua cumarsáide i bhfeidhm, forbraíodh línte tacaíochta teileafóin nua agus seachadadh seirbhísí nua ar líne agus gréasán-bhunaithe. Le 12 mhí anuas ba iad leathanaigh ghréasáin na roinne ba mhó a úsáideadh ar fud na seirbhíse poiblí iomláine (le níos mó cuairteoirí ná gach láithreán gréasáin seirbhíse poiblí eile - FSS san áireamh). Idir an dá linn, fuair agus d’fhreagair baill foirne os cionn 10 milliún glao gutháin.

Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá/Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta

I gcomhthreo leis an PUP a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, chuir an roinn tús le hobair ar scéim aisíocaíochta fostóra a fhorbairt agus é ar intinn aici, seachas an fhoireann a chur as oifig, go bhféadfadh fostóirí a gcuid oibrithe a choinneáil ar an bpárolla, agus ansin aisíocaíocht a éileamh ón roinn.

Ba í an scéim seo a tháinig chun bheith ina Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (TWSS).

Seoladh an TWSS an 26 Márta, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Airgeadais agus á riaradh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Le linn a shaoil, thacaigh an TWSS le díreach faoi bhun 650,000 oibrí a bhí fostaithe ag díreach faoi bhun 70,000 fostóir ar luach díreach os cionn €2.7 billiún.

Rinneadh an TWSS a bheachtú agus tháinig an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) ina háit ón 1 Meán Fómhair. Ó shin i leith, thacaigh an EWSS le díreach faoi bhun 550,000 oibrí atá fostaithe ag díreach faoi bhun 50,000 fostóir ar luach €2.3 billiún.

Sochar Breoiteachta Feabhsaithe

D'aithin an roinn freisin a thábhachtaí a bhí sé tacaíocht ioncaim a sholáthar d'oibrithe a d'éirigh tinn nó a tholg an víreas COVID-19, nó a raibh orthu féin-aonrú, agus iad as láthair ón obair.

Fiú sular tugadh an PUP isteach, agus í ag dréim le leibhéil arda éileamh breoiteachta a bhaineann le COVID, bhí scéim Sochair Breoiteachta Feabhsaithe forbartha agus tugtha isteach ag an roinn. Íoctar an scéim seo ag ráta níos airde de €350 in aghaidh na seachtaine, i gcomparáid leis an ráta caighdeánach de €203 in aghaidh na seachtaine agus éilíonn sí go mbeadh ranníocaíocht árachais shóisialaigh amháin íoctha ag duine sa tréimhse roimh éileamh. Ina theannta sin, murab ionann agus Sochar Breoiteachta ginearálta na roinne tá sé ar fáil d’oibrithe féinfhostaithe agus níl tréimhse ‘laethanta feithimh’ i gceist leis sula dtosaíonn an íocaíocht.

Ó tugadh an scéim isteach, tá beagnach 142,000 duine a bhfuil teastas leighis faighte acu chun an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe a fháil agus tá thart ar €88 milliún íoctha leis an tacaíocht ioncaim seo.

Bearta Spriocdhírithe

Chomh maith le tacaíochtaí croí-ioncaim, chuir an roinn raon beart spriocdhírithe eile i bhfeidhm le linn chéimeanna tosaigh na paindéime, lena n-áirítear:

  • síneadh ceithre seachtaine ar shéasúr an Liúntais Bhreosla 2020
  • socruithe do thuismitheoirí ionas go mbeidís in ann breith a leanaí nuabheirthe a chlárú go leictreonach
  • socruithe speisialta don Scéim Forlíonta Cíosa, agus go háirithe, socruithe rochtana feabhsaithe d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh
  • Deontas Tacaíochta Fiontair do Ghnólachtaí Beaga chun deontas aon uaire suas le €1,000 a sholáthar d’úinéirí a fhaigheann PUP chun a ngnó a athbhunú - íocadh os cionn €8 milliún le hos cionn 8,000 gnólacht beag faoin scéim seo
  • socruithe tacaíochta speisialta do dhaoine féinfhostaithe m.sh. earnáil na n-ealaíon agus na siamsaíochta - Is féidir le daoine féinfhostaithe a fhaigheann an PUP, lena n-áirítear daoine in earnáil na n-ealaíon agus na siamsaíochta a bhféadfadh deiseanna a bheith acu tuilleamh ó am go chéile suas le €960 a thuilleamh thar tréimhse 8 seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP á gcoinneáil acu
  • Clár na mBéilí Scoile - lean an roinn le maoiniú le linn scoileanna a bheith dúnta faoi shrianta Leibhéal 5
  • tugadh bearta nua isteach chun tacú le cláir phobalbhunaithe - scéimeanna CE agus TÚS
  • feidhmiúlacht nua ar líne ar MyWelfare (m.sh., iarratas a dhéanamh ar PUP, d’incháilitheacht leanúnach do PUP a dhearbhú, agus PUP a dhúnadh)
  • athruithe ar scéimeanna Iomarcaíochta chun an tréimhse ama ar féidir daoine a chur as a phost gan téarmaí iomarcaíochta a thionscain go huathoibríoch

Ag trácht ar fhreagra na roinne ar an Phaindéim, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys:

“Bliain ó thosaigh an phaindéim, níl ann ach an ceart machnamh a dhéanamh ar an ngortú agus an scrios a mhothaigh daoine a chaill cairde nó gaolta mar gheall ar an bpaindéim.

“Bhásaigh na mílte duine; chaill na céadta mílte duine a bpost, go minic den chéad uair ina saol oibre.

“Agus muid ag féachaint siar ar cheann de na blianta ba dheacra i stair ár dtíre, meabhraítear dom an muintearas a léiríodh mí an Mhárta seo caite mar fhreagairt ar COVID-19.

"Bhí an dhlúthpháirtíocht sin ríthábhachtach chun cabhrú linn na héifeachtaí is measa den víreas a mhaolú agus cuireadh ar ár gcumas tacú lenár ngairmithe sláinte túslíne thar a bheith cróga a d'oibrigh go dícheallach le linn na paindéime."

Dúirt an tAire Humphreys:

“Táim thar a bheith bródúil as iarrachtaí bhaill foirne mo roinne ó mhí an Mhárta seo caite nuair a tháinig siad le chéile go gasta chun an PUP a thabhairt isteach taobh istigh de chúpla lá.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dár gcustaiméirí freisin as a gcomhoibriú agus a dtuiscint agus muid ag cur na scéimeanna agus na mbeart nua seo i bhfeidhm chun tacaíochtaí a sholáthar dóibh le linn na dtréimhsí deacra seo.

“Táim thar a bheith sásta gur bhain an oiread sin úsáid as ár gcainéal ar líne trí iarratas a dhéanamh trí MyWelfare.

"Anuraidh phróiseáil MyWelfare níos mó ná 2.9 milliún idirbheart custaiméirí, i gcomparáid le 450,000 in 2019.

“Thacaigh an PUP leis na céadta mílte oibrithe, agus iad á gcosaint ó bpreab tobann maidir lena n-ioncam.

“Seachas an PUP, thug ár n-oifigigh córais TF nua agus próiseas iarratais ar líne isteach trí MyWelfare go han-tapa. Thug siad féin agus a gcomhghleacaithe sna Coimisinéirí Ioncaim agus i ranna rialtais éagsúla eile léargas ar thréithe maithe ár seirbhíse poiblí.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo go léir as an méid a rinne siad chun tacaíochtaí ioncaim riachtanacha a sholáthar dár saoránaigh ó mhí an Mhárta seo caite."

Tionchar Tacaíochtaí Ioncaim COVID-19 an rialtais

Léiríonn taighde a rinne an ESRI agus le déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus ó Bhanc Ceannais na hÉireann go mbeadh ollioncam meánach theaghlaigh na hÉireann tar éis titim beagnach 20% sa dara ráithe de 2020 gan idirghabháil tacaíochtaí rialtais mar an PUP, an Fóirdheontas Shealadaigh Pá agus na scéimeanna Fóirdheontais Pá Fostaíochta.

Go praiticiúil, chosain na tacaíochtaí ioncaim muid ón éifeacht ioncaim seo agus bhí siad éifeachtach go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal. Tugann anailís na roinne féin, cosúil le hanailís an ESRI, le fios gur baineadh an ghoimh as an mbuille i gcás formhór na dteaghlach sa 40% is ísle den dáileadh ioncaim a chaill iomcam de bharr COVID-19. Tá torthaí comhchosúla ag sonraí le déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (féach 'nóta d'eagarthóirí' thíos).

Conclúid

Dheimhnigh an rialtas go gcoinneofar na tacaíochtaí ioncaim COVID-19 go dtí an 30 Meitheamh 2021 ar a laghad. Coinneofar an seasamh faoi athbhreithniú agus breithneofar todhchaí na dtacaíochtaí tar éis an ama sin sna míonna amach romhainn. Beidh aon athruithe a fhéadfar a dhéanamh tar éis mhí an Mheithimh bunaithe ar ábhair mar threocht an víris agus stádas an chláir rolladh amach vacsaínithe.

Figiúirí Seachtainiúla PUP don tSeachtain dar tús an 15 Márta

An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla ar luach €136.46 milliún do 456,580 duine a fuair an PUP.

Tá laghdú 8,280 ar líon na ndaoine a fuair an PUP an tseachtain seo i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Tá na figiúirí seo sa bhreis ar an 186,702 duine a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí Feabhra.

Bhí gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 a eisíodh i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ag a n-oifig poist Dé Máirt, an 16 Márta.

Is é Baile Átha Cliath an contae leis an líon is mó daoine a bhfuil PUP á bhfáil acu an tseachtain seo ag 144,683. Ina dhiaidh sin tá Corcaigh (46,068) agus Gaillimh (24,563).

Tá níos lú daoine ag fáil PUP i ngach earnáil an tseachtain seo ná mar a bhí an tseachtain seo caite, rud a léiríonn líon na ndaoine a dhún a n-éilimh an tseachtain seo chun filleadh ar an obair.

Is í an earnáil leis an líon is mó daoine a bhfuil an PUP á fáil aici ná Gníomhaíochtaí Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (108,767) agus Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (73,070) agus Tógáil (57,269) ina dhiaidh sin.

Is í an tógáil an earnáil a raibh an méadú is lú ar líon na ndaoine a fuair PUP an tseachtain seo, le 1,595 níos lú daoine ag fáil na híocaíochta i gcomparáid leis an tseachtain seo caite. San earnáil Mórdhíola agus Miondíola tá laghdú tagtha ar líon na bhfaighteoirí PUP ó 74,153 an tseachtain seo caite go 73,070 an tseachtain seo. Ina dhiaidh sin tá earnáil ghníomhaíochtaí na Seirbhíse Cóiríochta agus Bia a chonaic laghdú ar líon na bhfaighteoirí PUP ó 109,754 an tseachtain seo caite go 108,767 an tseachtain seo.

Tá beagnach 50% díobh siúd a fhaigheann PUP ag fáil an uasráta €350 an tseachtain seo.

Daoine ag filleadh ar an obair

Taispeánann figiúirí na seachtaine seo gur dhún daoine ó gach contae a n-éilimh PUP. Ar an iomlán, dhún thart ar 12,353 duine a n-éilimh PUP, agus luaigh 10,073 díobh seo go raibh siad ag déanamh amhlaidh toisc go raibh siad ag filleadh ar obair.

Ba i mBaile Átha Cliath is mó a bhí an líon daoine a dhún a n-éilimh chun filleadh ar obair (2,466), le Corcaigh (1,075) agus Cill Dara (518) ina dhiaidh sin.

Is iad na trí earnáil is mó inar dhún fostaithe a n-Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime chun filleadh ar an obair ná Tógáil (2,134), Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (1,469), agus earnáil gníomhaíochtaí na Seirbhíse Cóiríochta agus Bia (1,141).

Leanann an roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) a dhúnadh ar an dáta iarbhír a dtosaíonn siad ar ais ag obair, d’fhonn a chinntiú go ndéantar a n-éileamh a phróiseáil i gceart agus chun ró-íocaíocht a sheachaint a dhéanfaidh an roinn iarracht a aisghabháil.

Is é an bealach is éasca le héileamh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar obair a bhfuil ceist aige maidir lena éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach tiomnaithe Tacaíochta Ioncaim na Roinne idir 9am go 5pm Luan go hAoine.

National Intreo Contact Centre

Teileafón:
0818 405060

Daoine féinfhostaithe agus PUP

Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) á fáil acu agus atá ag iarraidh a ngnó a chothabháil suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse ocht seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP a choinneáil.

Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad os cionn €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.

MyWelfare.ie – seirbhís iarratais UPSP

Is é an bealach is éasca agus is tapa le hiarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime, an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus an Sochar Cuardaitheora Poist ná ar líne ag www.MyWelfare.ie. Is ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana ag am ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tá an rogha ag daoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Leanaí, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist chomh maith le ráiteas nó taifead ar ranníocaíochtaí árachais shóisialta a iarraidh ón roinn.

Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois ar a laghad agus a bhfuil Uimhir PSP de dhíth orthu chun leas a bhaint as sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus faisnéis in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh gá le cuntas bunúsach MyGovID.

Ar mhaithe le comhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar their local Intreo Centre. Ina áit sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí www.MyWelfare.ie.

Bearta Rialaithe

Déanann an roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta ar gach éileamh PUP. Faoi réir na seiceálacha sin a ghlanadh, déanann an roinn íocaíochtaí a phróiseáil bunaithe ar fhéin-dhearbhú na gcliant.

Ina dhiaidh sin, ritheann an roinn seiceálacha iar-íocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú i gcoinne taifid Ioncaim, scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina n-úsáidtear an cuntas bainc céanna arís agus arís eile, scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina dtuairiscíonn fostóir nó baill den phobal imní, agus anailísíocht sonraí a úsáid chun éilimh a aithint agus a sheiceáil. Déanann sí cigireachtaí ar fhostóirí freisin.

Is é Aonad Speisialta Imscrúdaithe na roinne a dhéanann an obair seo, a chuimsíonn níos mó ná 20 Garda ar iasacht chuig an Aonad.

Mar is gnáth le gach íocaíocht leasa shóisialaigh, féadfar a iarraidh ar dhaoine a fhaigheann an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime ó am go ham a n-incháilitheacht chun a n-íocaíocht a fháil a dhearbhú. Cuidíonn sé seo lena chinntiú go meabhraítear do dhaoine a d’fhill ar an obair, mar shampla, a n-éileamh a dhúnadh agus ró-íocaíocht a sheachaint.

Mar a rinne sí anuraidh, chuir an roinn tús le próiseas chun teagmháil a dhéanamh le faighteoirí PUP ag iarraidh orthu a dteidlíocht leanúnach a dhearbhú.

Is mian leis an roinn a dhéanamh go hiomlán soiléir nach bhfuil sí ag iarraidh sonraí cuntas bainc nó institiúide airgeadais eile mar chuid den phróiseas ‘Deimhnigh Incháilitheacht’.

Moltar d’fhaighteoirí an tairseach ar líne www.MyWelfare.ie a úsáid agus na treoracha faoin gceannteideal ‘Leanúint ar aghaidh le hincháilitheacht chun Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime a fháil’ a leanúint. Is é seo an bealach is simplí agus is éasca chun é sin a dhéanamh. Ba chóir d’aon duine a bhfuil deacracht aige é seo a dhéanamh teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach 1890 800 024 (Luan go hAoine ó 9am go 5pm.)

Íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19

Faoi láthair, tá thart ar 2,472 duine a bhfuil Íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe á fáil acu, i gcomparáid le 2,938 an tseachtain seo caite.

Is é an bealach is tapa agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ná trí www.MyWelfare.ie.

Tá sonraí iomlána maidir le Sochar Breoiteachta Feabhsaithe lena n-áirítear miondealú earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise in Aguisíní 9, 10 agus 11.

Leanann Nóta d’Eagarthóirí agus Aguisíní.

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil

Nótaí

Ráithe 2/2020: Athruithe bliain ar bhliain ar ollioncam teaghlaigh de réir deicíle

Quarter 2 / 2020: Year-on-year changes in gross household income by decile
Amharc amharc

Tuarascáil Staidrimh ar PUP Márta 2020 go Márta 2021

Statistical Report on PUP March 2020 to 2021
Amharc amharc

Aguisíní

Appendices - County Breakdowns and other details - 210319
Amharc amharc