Bónas na Nollag agus íocaíochtaí dúbailte Sochair Linbh le bheith íoctha an tseachtain seo
- Foilsithe: 2 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- **Bónas na Nollag le bheith íoctha le breis agus 1.38 milliún duine
- **676,000 teaghlach chun íocaíocht dhúbailte Sochair Linbh a fháil amárach
- **Íocaíochtaí de luach iomlán os cionn €535 milliún chun tacú le daoine maidir leis an gcostas maireachtála
Inniu d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, sonraí na n-íocaíochtaí cnapshuime leasa shóisialaigh a íocfar an tseachtain seo.
Gheobhaidh breis agus 1.38 milliún duine íocaíocht Bhónas na Nollag an tseachtain seo.
Is éard atá i gceist le Bónas na Nollag ná méadú 100% ar ráta seachtainiúil íocaíochta le haghaidh faighteoirí incháilithe, lena n-áirítear pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair.
Gheobhaidh daoine Bónas na Nollag i dteannta a ngnáthíocaíochta agus ar an lá céanna a fhaigheann siad an íocaíocht sin go hiondúil.
Lena chois sin, an Máirt 3 Nollaig 2024, gheobhaidh 676,000 teaghlach íocaíocht dhúbailte Sochair Linbh i leith breis agus 1.27 milliún leanbh.
Agus í ag fógairt shonraí na n-íocaíochtaí, dúirt an tAire Humphreys:
“An tseachtain seo tabharfaimid tuilleadh íocaíochtaí cnapshuime isteach atá socraithe agam mar chuid de Bhuiséad 2025.
“I rith na seachtaine gheobhaidh thart ar 1.4 milliún duine íocaíocht Bhónas na Nollag. Leis sin tabharfar tacaíocht do dhaoine ó cheann ceann na tíre, pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh i bhfostaíocht ina measc.
“Anuas ar Bhónas na Nollag, Dé Máirt beidh an dara ceann dár n-íocaíochtaí dúbailte Sochair Linbh á dháileadh againn, a thabharfaidh tacaíocht do bhreis is 1.27 milliún leanbh ar fud an Stáit. Ciallaíonn sé sin go bhfaighidh teaghlaigh íocaíocht €280 in aghaidh an linbh amárach.
“Leis na híocaíochtaí sin beidh pócaí níos teinne ag daoine sa tréimhse roimh an Nollaig, rud a mhaolóidh an brú atá á chur ar chuid mhór teaghlach le déanaí.”
Déanfar Bónas na Nollag agus an íocaíocht dhúbailte Sochair Linbh araon a íoc amach go huathoibríoch. Ní gá iarratas a dhéanamh lena n-aghaidh.
Tá liosta iomlán na mbeart Buiséid Coimirce Sóisialaí 2025 ar fáil ag [external-link Budget 2025 | http://www.gov.ie/dspbudget2025 ].
Nótaí d’Eagarthóirí:
Íocaíocht mhíosúil €140 do gach leanbh is ea Sochar Linbh. Rinneadh íocaíocht Mhí na Samhna agus íocaíocht Mhí na Nollag a dhúbailt go €280 in aghaidh gach linbh.
Íoctar Sochar Linbh le teaghlaigh le leanaí i leith gach linbh cháilithe suas go dtí 16 bliana d’aois.
Leanann an íocaíocht ar aghaidh a bheith íoctha i leith leanaí go dtí a 19ú breithlá más ag freastal ar an oideachas lánaimseartha nó faoi mhíchumas atá siad.
Miondealú Contae ar Fhaighteoirí Sochair Linbh:
Contae | Líon na dteaghlach | Líon na leanaí |
Ceatharlach | 9,283 | 17,341 |
An Cabhán | 11,232 | 22,281 |
An Clár | 15,432 | 29,780 |
Corcaigh | 75,270 | 142,722 |
Dún na nGall | 22,257 | 43,740 |
Baile Átha Cliath | 178,897 | 324,064 |
Gaillimh | 35,198 | 68,193 |
Ciarraí | 19,682 | 36,789 |
Cill Dara | 37,456 | 69,405 |
Cill Chainnigh | 12,174 | 23,632 |
Laois | 12,392 | 24,000 |
Liatroim | 4,591 | 9,198 |
Luimneach | 27,612 | 52,453 |
An Longfort | 6,305 | 12,484 |
Lú | 21,933 | 41,046 |
Maigh Eo | 17,374 | 34,123 |
An Mhí | 32,249 | 61,090 |
Muineachán | 8,746 | 18,031 |
Uíbh Fhailí | 11,106 | 21,270 |
Ros Comáin | 8,561 | 17,027 |
Sligeach | 8,776 | 17,070 |
Tiobraid Árann | 22,633 | 43,677 |
Port Láirge | 17,562 | 32,982 |
An Iarmhí | 14,093 | 26,807 |
Loch Garman | 22,948 | 42,870 |
Cill Mhantáin | 22,481 | 41,533 |
Bónas na Nollag
Íocfar Bónas na Nollag an tseachtain seo. Bainfidh breis agus 1.38 milliún duine leas as, lena n-áirítear pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair. Gheobhaidh daoine a fhaigheann Sochar Breoiteachta le níos mó ná 12 mhí an bónas chomh maith, mar a fuair siad é le blianta beaga anuas.
Miondealú Contae ar Fhaighteoirí Bhónas na Nollag:
Contae | Neaslíon na bhFaighteoirí |
Ceatharlach | 18,900 |
An Cabhán | 21,300 |
An Clár | 35,200 |
Corcaigh | 151,000 |
Dún na nGall | 51,300 |
Baile Átha Cliath | 325,200 |
Gaillimh | 67,900 |
Ciarraí | 47,000 |
Cill Dara | 52,600 |
Cill Chainnigh | 27,100 |
Laois | 22,900 |
Liatroim | 11,200 |
Luimneach | 60,900 |
An Longfort | 13,800 |
Lú | 38,400 |
Maigh Eo | 42,200 |
An Mhí | 47,000 |
Muineachán | 17,300 |
Uíbh Fhailí | 23,800 |
Ros Comáin | 20,900 |
Sligeach | 20,700 |
Tiobraid Árann | 51,600 |
Port Láirge | 36,600 |
An Iarmhí | 26,900 |
Loch Garman | 49,000 |
Cill Mhantáin | 39,200 |