English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Baineann an Roinn Coimirce Sóisialaí comhaontú amach leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí maidir le clárú SAFE agus an Cárta Seirbhísí Poiblí

Bhain an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Coimisiún Cosanta Sonraí (an CSS) comhaontú amach inniu maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i dtaobh clárú SAFE agus an Chárta Seirbhísí Poiblí (an CSP).

Baineadh an comhaontú seo amach i gcomhthéacs achomhairc a rinne an roinn in aghaidh an fhógra forfheidhmiúcháin a d’eisigh an CCS a d’iarr, mar chuid dá théarmaí, ar an roinn deireadh a chur leis an bpróiseáil go léir a dhéantar ar shonraí pearsanta ar mhaithe le clárú SAFE agus CSPanna a eisiúint seachas nuair a eisítear CSP maidir le duine a éilíonn sochar ón roinn nó a thagann i láthair na roinne nó a fhaigheann sochar ón roinn.

D’imreodh gan SAFE/an CSP a chur ar fáil ach do chustaiméirí na roinne amháin tionchair shuntasacha i dtaobh oibriú phróiseas SAFE agus an chuir chuige reatha i dtaobh seirbhísí poiblí sábháilte agus slána ardluacha a sholáthar ag comhlachtaí poiblí eile.

Faoin gcomhaontú:

  • aithnítear sa Chomhaontú gur féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí leanúint le sonraí pearsanta a phróiseáil chun aitheantas duine a fhíordheimhniú agus CSP a eisiúint dóibh, ar féidir é a úsáid ar mhaithe le teacht ar sheirbhísí poiblí, na seirbhísí siúd a sholáthraíonn an roinn agus iad siúd a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí eile.
  • aithnítear agus glactar leis freisin gur féidir leis an Roinn agus comhlachtaí sonraithe eile leanúint le MyGovId a úsáid mar an mbealach aonair le haitheantas a fhíordheimhniú ar mhaithe le teacht ar sheirbhísí ar líne, chomh fada agus go gcuirtear cainéal eile seirbhíse ar fáil.
  • gheall an Roinn oibriú leis an CCS le clár oibre lena gcomhaontaítear a fhorbairt lena chinntiú go ndéantar aon sonraí aitheantais seirbhíse neamhphoiblí a bhaileofar i rith clárú SAFE a scriosadh go buan nó a fholú ar bhealach nach féidir é sin a aisiompú. Anuas air sin, gheall an Roinn roinnt athruithe a dhéanamh ar a ráiteas príobháideachais mar a d’iarr an CCS

Fógra a comhaontaíodh idir an CCS agus an Roinn a bhaineann leis an gComhaontú. Féach sonraí breise Sonraí ar na ceisteanna a comhaontaíodh.

De dhroim an chomhaontaithe, d’aistarraing an CCS a Fhógra Forfheidhmiúcháin agus d’aistarraing an Roinn a hachomharc.

Ag caint di faoin réiteach, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys:

“Táim an-sásta gur réitíodh an cheist seo. Nuair a chuirtear an t-ardleibhéal glactha leis an CSP/MyGovID, dea-nuacht é comhaontú an lae inniu dár saoránaigh agus do na soláthraithe seirbhíse poiblí.

“Thar aon ní eile, a bhuíochas leis an gcomhaontú, is féidir le baill den phobal leanúint le hiarratas a dhéanamh ar a gCárta Seirbhísí Poiblí ar mhaithe le gnó a dhéanamh le ranna rialtais, agus cruthaíodh go bhfuil seo an-áisiúil nuair a chuirtear an t-idirghníomhú méadaithe ar líne san áireamh i rith COVID-19.

“Tá mo Roinn ag tnúth le hoibriú go cuiditheach leis an CCS lena chinntiú go gcosnaítear cearta um chosaint sonraí ár saoránach go hiomlán.”


Nótaí

SAFE/an CSP

Ar cheann d’fheidhmeanna an Aire Coimirce Sóisialaí é aitheantas daoine a fhíordheimhniú, ar mhaithe leis na hidirbhearta faoi mar a leagtar amach iad sa reachtaíocht. Is é clárú SAFE an próiseas trína ndéanann an tAire aitheantas a fhíordheimhniú.

A luaithe a d’éirigh le duine an próiseas seo a chríochnú, eisítear Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) dóibh agus is féidir é sin a úsáid mar chruthúnas aitheantais nuair a dhéantar gnó le comhlachtaí poiblí áirithe a shonraítear sa reachtaíocht leasa shóisialaigh.

Leagann clárú SAFE le CSP an bonn faoi chuntas MyGovID ar líne slán a sholáthar freisin.

Go dtí seo, rinne 3.5 milliún duine a n-aitheantas a fhíordheimhniú trí chlárú SAFE agus eisíodh CSP dóibh.

MyGovID

Is é MyGovId an tseirbhís fíordheimhnithe aitheantais shlán ar líne a sholáthraíonn an Roinn of Coimirce Sóisialaí (an RCS) ar féidir í a úsáid chun teacht ar sheirbhísí poiblí ardluacha ar líne. Cuireann sé próiseas aonair logála isteach agus fíordheimhnithe ar fáil d’úsáideoirí ar féidir é a úsáid i measc go leor seirbhísí poiblí. Cuireann sé dearbhú tréan ar fáil do sholáthraithe seirbhíse gurb é an duine atá ag teacht ar sheirbhísí ar líne an duine a mhaíonn siad atá iontu agus cabhraíonn sé le cosaint a dhéanamh in aghaidh bradaíl aitheantais ar líne.

Caithfear a bheith cláraithe ó thaobh SAFE agus teastaíonn CSP chun cuntas deimhnithe MyGovId a bhunú.

Bhunaigh breis agus 3 milliún duine cuntas MyGovID agus rinneadh breis agus 21 milliún logáil isteach in MyGovID go dtí an tráth seo in 2021 ar mhaithe le teacht ar sheirbhísí poiblí.

Is féidir MyGovID a úsáid chun teacht ar sheirbhís(í) ar líne a chuireann na comhlachtaí seirbhíse poiblí seo a leanas ar fáil:

  • An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
  • An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige
  • An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí
  • Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (voter.ie)
  • Na Coimisinéirí Ioncaim
  • An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána)
  • Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI)

Riarann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an láithreán gréasáin Voter.ie thar ceann Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath agus Chomhairle Contae Fhine Gall, Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin, Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas ar mhaithe leis an gCláir Toghthóirí a ullmhú.

Tuarascáil ar Anailís Costais is Tairbhe

Is éard atá sa chreat bainistíochta Aitheantais Seirbhíse Poiblí (ASP) seirbhís cláraithe SAFE, an CSP agus MyGovID.

I Samhain na bliana seo, d’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tuarascáil anailíse costais is tairbhe ar chreat bainistíochta ASP. Dheimhnigh an tuarascáil an méid seo a leanas:

  • is tionscadal aibí é ag a bhfuil costais bhliantúla thart ar €10 milliún agus sochair bhliantúla thart ar €30 milliún, agus baineann an creat coigilteas breis agus €75 milliún amach gach bliain
  • d’íoc an infheistíocht sa chreat seo as féin laistigh de thréimhse níos giorra ná cúig bliana
  • ó 2010 go 2019, ba é costas iomlán na hinfheistíochta €98 milliún ach chruthaigh seo sochair €218 milliún i gcaitheamh na tréimhse céanna
  • ábhar mór dóchais é an coigilteas iomlán ón tionscadal iomlán ó cuireadh tús leis go dtí 2030, a rinneadh a choigeartú i dtaobh amluach airgid, arb ionann é agus breis agus €206 milliún