Bearta Cosanta Sóisialta idir Éire agus an Ríocht Aontaithe á gcoimeád
- Foilsithe: 1 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireann an tAire Humphreys daoine ar a suaimhneas go leanfar dá gcearta leasa shóisialaigh
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go bhfuil Ordú um Thosach Feidhme sínithe aici a thugann Coinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta leis an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm an 31 Nollaig, 2020. Is é príomhchuspóir an Choinbhinsiúin a chinntiú go ndéantar na cearta agus na teidlíochtaí slándála sóisialta atá ag saoránaigh na hÉireann agus na Breataine faoi shocruithe an Chomhlimistéir Taistil (CTA) a choimeád ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.
Is socrú seanbhunaithe é an Comhlimistéar Taistil (CTA) idir an RA agus Éire a chiallaíonn gur féidir le saoránaigh Éireannacha gluaiseacht faoi shaoirse chun cónaí, obair agus staidéar sa RA ar an mbonn céanna le saoránaigh na Breataine, agus vice versa. Tugadh aitheantas don CTA le linn idirbheartaíochtaí AE-RA agus déantar tagairt dó sa Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus i gComhaontú um Thrádáil agus Comhar nua an AE-RA.
D'fháiltigh an tAire freisin an Comhaontú um Thrádáil agus Comhar AE-RA a deir sí a thugann bunús do chomhpháirtíocht láidir sa todhchaí agus dea-rannpháirtíocht agus comhar idir an AE agus an Ríocht Aontaithe sa tréimhse amach romhainn.
Maidir leis an gComhaontú um Thrádáil agus Comhar an AE-RA dúirt an tAire:
“Tacaíonn an Comhaontú le hoibriú éifeachtach leanúnach an Chomhlimistéir Taistil, agus le cearta cómhalartacha i gcosaint shóisialta a chosaint, a bheidh riachtanach chun tacú lenár gcaidrimh dhlútha agus leithleacha sa todhchaí."
D’aontaigh Éire le húdaráis na RA an cuspóir a chinntiú go ndéantar cómhalartacht na gceart agus na dteidlíochtaí leasa shóisialaigh, atá ann faoi láthair do shaoránaigh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe atá ag bogadh laistigh d’Éirinn agus idir Éire agus an Bhreatain faoin gComhlimistéar Taistil, a chosaint agus a chothabháil.
Bhí an Comhlimistéar Taistil ann roimh bhallraíocht na hÉireann agus na RA san AE. Níl sé ag brath ar bhallraíocht san AE. Is socrú é a bhfuil meas ag saoránaigh ar an dá oileán air.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Tá áthas orm a dhearbhú do dhaoine go bhfuil dea-scéal ag mo Roinn do shaoránaigh agus is é sin, leanfaidh na socruithe leasa shóisialaigh atá againn cheana féin gan aon athrú.
“Mar thoradh ar an gCoinbhinsiún a thosú anois, is féidir liom a chinntiú duit más saoránach Éireannach tú atá ina chónaí sa RA, nó más saoránach de chuid na Breataine tú atá ina chónaí in Éirinn, nach n-athróidh do chearta leasa shóisialaigh tar éis an 1 Eanáir 2021.”
Faoi théarmaí an Choinbhinsiúin coimeádfar gach socrú atá ann maidir le haitheantas agus rochtain ar theidlíochtaí árachais shóisialta sa dá dhlínse. Ciallaíonn sé sin go gcosnaítear cearta shaoránaigh na hÉireann atá ina gcónaí in Éirinn chun leas a bhaint as ranníocaíochtaí árachais shóisialta a dhéantar agus iad ag obair sa RA agus chun rochtain a fháil ar íocaíochtaí árachais shóisialta má tá cónaí orthu sa RA agus vice versa. Leathnóidh Éire buntáistí an chomhaontaithe chuig saoránaigh AE a dhéanann iarratas ar íocaíochtaí Éireannacha, de réir ár n-oibleagáidí AE.
Leanfaidh saoránaigh Éireannacha agus RA de bheith i dteideal rochtain a fháil ar scéimeanna cúnaimh shóisialta, lena n-áirítear pinsin agus íocaíochtaí sochair leanaí i gceachtar dlínse, díreach mar a bhí cheana.
Dúirt an tAire:
“Mar gheall ar chineál uathúil an Chomhlimistéar Taistil agus na cearta sonracha a sholáthraíonn sé agus a leanfaidh sé ag soláthar do shaoránaigh Éireannacha agus de chuid na Breataine i dtíortha a chéile, aontaíodh go ndéanfaimis na socruithe Comhlimistéar Taistil a bhí ann cheana a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhaontú doiciméadaithe.
“Cinnteoidh Coinbhinsiún na hÉireann na Ríochta Aontaithe um Shlándáil Shóisialta, a bhfuil tús curtha agam leis anois, go bhfuil na bearta riachtanacha go léir i bhfeidhm chun íocaíochtaí leasa shóisialaigh atá á ndéanamh faoi láthair nó a dhéanfar amach anseo a chosaint."
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
An tOrdú Leasa Shóisialaigh (An Coinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta idir Rialtas na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann) 2020
Cad é cuspóir an Choinbhinsiúin?
Is é príomhchuspóir an Choinbhinsiúin a chinntiú go gcoinnítear na cearta agus na teidlíochtaí slándála sóisialta atá ag saoránaigh na hÉireann agus na Breataine faoi shocruithe an Chomhlimistéar Taistil (CTA) tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil.
Ceadaítear leis an gCoinbhinsiún:
- Tréimhsí ranníocaíochtaí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe le comhcheangal. Ceadóidh sé seo duit cáiliú d’íocaíocht slándála sóisialta faoi dhlí na hÉireann nó faoi dhlí na Ríochta Aontaithe,
- Gur féidir sochair a íoc leat ó thír amháin agus tú i do chónaí sa tír eile,
- Sochair teaghlaigh (lena n-áirítear sochar linbh) a íoc leat má tá tú ag obair i dtír amháin le baill teaghlaigh ina gcónaí sa tír eile,
- Stádas slándála sóisialta oibrithe a gcuireann a bhfostóir as Éirinn chun oibre go sealadach sa Ríocht Aontaithe iad a chinneadh agus ar an gcaoi chéanna, vice versa.
Cé a chlúdaíonn an Coinbhinsiún seo?
Clúdaíonn an Coinbhinsiún saoránaigh Éireannacha agus de chuid na Breataine a bhfuil ranníocaíochtaí árachais shóisialta ináirithe íoctha acu in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
Féadfar íocaíochtaí agus liúntais slándála sóisialta a chlúdaítear faoi théarmaí an Choinbhinsiúin a íoc lena gcleithiúnaithe freisin.
Saoránaigh an Aontais Eorpaigh
Leanfaidh Éire mar Bhallstát den AE ag comhlíonadh a cuid oibleagáidí i leith shaoránaigh an AE, trí aitheantas a thabhairt do ranníocaíochtaí árachais shóisialta na RA ó shaoránaigh an AE más gá chun teidlíocht ar shochair slándála sóisialta na hÉireann a bhunú, a chlúdaítear leis an gCoinbhinsiún.
Leanfaidh saoránaigh an AE atá ag obair in Éirinn, agus a bhfuil baill teaghlaigh acu a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe, de bheith i dteideal sochar teaghlaigh as Éirinn.
Cé na híocaíochtaí a chlúdaíonn an Coinbhinsiún?
Is iad seo a leanas íocaíochtaí slándála sóisialta na hÉireann a chlúdaíonn an Coinbhinsiún:
(i) Na sochair bhreoiteachta seo a leanas;
- Sochar Breoiteachta,
- Sochar Sláinte agus Sábháilteachta,
- Sochar Cúramóra,
- Sochar Cóireála.
(ii) Na sochair mháithreachais agus atharthachta seo a leanas;
- Sochar Máithreachais,
- Sochar Uchtála,
- Sochar Atharthachta.
(iii) Na sochair easláine seo a leanas;
- Sochar Cumais Pháirtigh,
- Pinsean Easláine.
(iv) An sochar seanaoise seo a leanas;
- Pinsean Stáit (Ranníocach).
(v) Na sochair mharthanóra seo a leanas;
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (ranníocach),
- Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach).
(v) An sochar seo a leanas maidir le tionóiscí ag an obair agus galair cheirde;
- Sochair Díobhálacha Ceirde.
(vii) An deontas báis seo a leanas;
- Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh.
(viii) An sochar dífhostaíochta seo a leanas;
- Sochar Cuardaitheora Poist.
(ix) Na sochair teaghlaigh seo a leanas;
- Íocaíocht Chaomhnóra (Neamhranníocach),
- Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora,
- Liúntas Cúraim Baile,
- Sochar Linbh,
- Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair,
- Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht.