Buaileann an tAire Humphreys le céad úsáideoir an Phas Saorthaistil nualeathnaithe in Éirinn
- Foilsithe: 29 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Pas Saorthaistil Nua ar fáil anois do dhuine ar bith a bhfuil deimhniú leighis acu mar dhaoine nach bhfuil in ann tiomáint
Bhuail an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu leis na chéad daoine a bhain leas as an bPas Saorthaistil nua a bhfuil deimhniú leighis acu mar dhaoine nach bhfuil in ann tiomáint.
Ón tseachtain seo amach, tá an Scéim Saorthaistil á leathnú chuig daoine nach raibh in ann tiomáint riamh mar gheall ar mhíchumas, agus chuig tiománaithe a bhfuil ceadúnas acu agus a bhfuil deimhniú leighis acu a thugann le fios nach bhfuil siad in ann tiomáint ar feadh tréimhse 12 mhí nó níos faide.
Is é seo an chéad uair a bhí Pas Saorthaistil ar fáil do dhaoine nach bhfuil Pinsean nó Íocaíocht Leasa Shóisialaigh cháilithe á fáil acu.
Dhaingnigh an tAire Humphreys an beart seo mar chuid de Bhuiséad 2024.
Tugann an scéim deis do dhaoine incháilithe rochtain a fháil ar shaorthaisteal ar gach iompar poiblí a chuireann an Stát ar fáil. Áirítear leis seo bus, iarnród, Nasc Áitiúil agus an Luas, chomh maith le roinnt seirbhísí a chuireann oibreoirí iompair bus agus farantóireachta príobháideacha ar fáil.
Agus í ag bualadh le céad úsáideoir an Phas Saorthaistil Nua ag Stáisiún Uí Chonghaile, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm an Pas Saorthaistil nua a thabhairt isteach do dhaoine nach bhfuil in ann tiomáint de réir míochaine.
“Rachaidh sé seo chun tairbhe do dhaoine faoi raon míchumais agus faoi riochtaí sláinte a chiallaíonn nach bhfuil siad in ann tiomáint. Tabharfaidh sé níos mó neamhspleáchais do dhaoine ionas gur féidir leo taisteal chun na hoibre agus dul i mbun a saol laethúil gan a bheith buartha faoi chostais iompair bhreise nó a bheith ag brath ar dhuine éigin eile chun síob a thabhairt dóibh.
“Bhí lúcháir orm a bheith ag obair go dlúth le Titimeas Éireann ar an mbeart seo agus ba mhaith liom iad a mholadh as a n-iarrachtaí chun aird a tharraingt ar thábhacht an bheartais nua seo a rachaidh chun tairbhe ní hamháin do dhaoine a bhfuil titimeas orthu ach do dhuine ar bith nach bhfuil in ann tiomáint de réir míochaine.”
Dúirt céad úsáideoir an Phas Saorthaistil nua, Síomha Connolly:
“Ar m’aonú breithlá is fiche i mí na Bealtaine 2012, tugadh ceachtanna tiomána dom mar bhronntanas agus i mí an Mheithimh 2012, diagnóisíodh go raibh titimeas orm. Ní raibh deis agam na ceachtanna sin a úsáid toisc nach raibh mé riamh saor ó thaomanna fada go leor chun tosú ag tiomáint. Bíonn sé deacair cás duine a bhfuil cosc orthu tiomáint de réir míochaine a thuiscint go dtí go dtarlaíonn sé duitse.
“Bíonn tionchar aige ar gach gné den saol agus tú ag brath go mór ar iompar poiblí agus ar chineáltas cairde agus teaghlaigh chun bogadh timpeall. Níl aon duine ag iarraidh titimeas a bheith orthu, agus mar sin ní raibh aon chiall ag baint le cosc a chur orm agus ar dhaoine eile cosúil liom, nach bhfuil in ann tiomáint de réir míochaine, rochtain a fháil ar thacaíocht Saorthaistil.
“Táim thar a bheith sásta go bhfuil na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air sin tar éis a bheith aitheanta le leathnú na scéime. Rachaidh sé chun tairbhe domsa agus do go leor daoine eile a bhfuil costais bhreise iompair orthu mar gheall ar a riochtaí sláinte fadtéarmacha agus cabhróidh sé chun an spleáchas ar dhaoine eile chun do shaol a chaitheamh a laghdú.”
Dúirt Paddy McGeoghegan, Bainisteoir Abhcóideachta agus Cumarsáide le Titimeas Éireann:
“Is é an lá inniu deireadh le feachtas atá ar bun le fada ag Titimeas Éireann. Le cúpla seachtain anuas, b’údar dóchais é teachtaireachtaí a fháil ó dhaoine a bhfuil titimeas orthu agus a bhfuil faomhadh faighte acu don scéim leathnaithe, agus iad ag insint dúinn cé chomh tábhachtach agus is atá an beart nua seo dóibh agus conas a chuideoidh sé leo dul i ngleic le cuid de na dúshláin a bhíonn rompu de bharr srianta tiomána. Is beart é chomh maith a shíneann i bhfad níos faide ná an pobal titimis agus a chuideoidh leis na mílte daoine eile a bhféadfadh srianta tiomána a bheith orthu mar gheall ar riocht sláinte nó míchumas.
“Tá lúcháir orainn an scéim nua a sheoladh go hoifigiúil agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil arís leis an Aire Humphreys as a ceannaireacht agus as a tiomantas don athrú tábhachtach seo a sheachadadh.”
Dúirt Anne Graham, POF an ÚNI:
“Tá líon na ndaoine a úsáideann ár ngréasán iompair phoiblí Iompar d’Éirinn (TFI) ag fás as cuimse i gcónaí agus taifeadadh 311 milliún turas paisinéara anuraidh. Nuair a dhéanaimid infheistíocht in iompar poiblí, is ag infheistiú i dtodhchaí na bpobal i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na hÉireann atáimid.
“Is é an misean atá againn ná roghanna iompair poiblí inrochtana, iontaofa, inbhuanaithe a sholáthar do dhaoine agus rachaidh an fhorbairt seo chun tairbhe na mílte daoine ar fud na tíre atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar an Scéim Saorthaistil.”
Nótaí do na hEagarthóirí:
Cé a cháilíonn faoi láthair le haghaidh Saorthaistil?
Tá an Scéim Saorthaistil ar fáil faoi láthair do gach duine atá 66 nó os a chionn, agus do dhaoine áirithe atá faoi 66 bliain d’aois a fhaigheann íocaíochtaí cáilitheacha nó a chomhlíonann na coinníollacha leighis do Phinsean na nDall, agus a chónaíonn go buan go dleathach sa Stát.
Má cháilíonn tú do Shaorthaisteal agus má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó mar chomhchónaitheoir, féadfaidh do pháirtí taisteal leat saor in aisce má chomhlíonann tú critéir áirithe.
Murar féidir leat taisteal i d’aonar ar chúiseanna leighis, d’fhéadfá a bheith incháilithe Saorthaisteal a fháil do chompánach. Ligeann sé seo do dhuine atá os cionn 16 bliana d’aois taisteal leat saor in aisce.
Ceadaíonn an Scéim Saorthaistil saorthaisteal ar iompar poiblí a chuireann an Stát ar fáil. Áirítear leis seo bus, iarnród, Nasc Áitiúil agus an Luas. Tá saorthaisteal ar fáil freisin ar roinnt seirbhísí a oibríonn oibreoirí príobháideacha bus agus farantóireachta.
Tá breis agus milliún duine i dteideal pas saorthaistil a fháil go díreach faoi láthair. Méadaíonn an figiúr seo go dtí os cionn 1.8 milliún nuair a chuirtear pasanna compánach agus céile san áireamh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Saorthaistil, tabhair cuairt ar www.Gov.ie/FreeTravel.
Maidir le Titimeas agus Titimeas Éireann
Is neamhord néareolaíoch é titimeas arb é is príomhthréith dó claonadh taomanna athfhillteacha a bheith ann. Tá titimeas ar bhreis is 45,000 duine in Éirinn, lena n-áirítear idir 10,000 agus 15,000 duine atá ag maireachtáil le taomanna neamhrialaithe. Maidir leis an ngrúpa seo go háirithe, is féidir le hiarmhairtí titimis a bheith fada buan agus suntasach. Is féidir leis difear a dhéanamh d’oideachas, d’fhostaíocht, d’fheidhmiú sóisialta, d’fhéinmheas agus do mhaireachtáil neamhspleách an duine. Caithfidh daoine a bhfuil titimeas orthu dul i ngleic le tionchar fisiceach taomanna, fo-iarsmaí cógas agus do go leor daoine, an stiogma sóisialta agus an tionchar eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis. Mar gheall ar a thionchar indibhidiúil orthu siúd a chónaíonn leis, is minic a mheastar gur míchumas folaithe é. Tá baol níos mó básmhaireachta ann freisin a bhaineann le titimeas agus meastar go bhfaigheann 130 duine bás a bhaineann le titimeas in Éirinn gach bliain.
Is é an fhís atá ag Titimeas Éireann ná sochaí a bhaint amach nach gcuireann teorainn ar shaol duine ar bith de bharr titimis. Ó 1966 i leith, táimid tar éis a bheith tiomanta i gcónaí oibriú ar son gach duine in Éirinn ar a bhfuil titimeas, a dteaghlaigh agus a gcúramóirí agus freastal orthu.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thitimeas agus faoi Thitimeas Éireann, tabhair cuairt ar | Thitimeas Éireann, áit a bhfaighidh tú scéal pearsanta ó úsáideoir. https://www.epilepsy.ie/content/free-travel-scheme-extended-evas-story