Caithfear €21.2 billiún ar Leas Sóisialach in 2020
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2019
D'fhógair Regina Doherty, T.D., pacáiste leasa shóisialaigh don bhliain 2020 ar fiú €21.2 billiún é, agus áirítear leis €171.2 milliún i gcaiteachas breise leasa shóisialaigh a dhíríonn go sonraithe orthu siúd is mó a bhfuil gá acu leis. Gheobhaidh níos mó ná 200,000 seanduine agus duine faoi mhíchumas a chónaíonn ina n-aonar íocaíochtaí níos airde. Cuirfear tacaíocht bhreise ar fáil do leanaí i mbaol na bochtaineachta, lena n-áirítear soláthar chun go mbainfidh 35,000 leanbh breise tairbhe as Béilí Scoile Teo saor in aisce.
Dúirt an tAire Doherty:
"Is éard atá i gceist le rialú, go bunúsach, ná roghanna a dhéanamh ach go háirithe nuair nach féidir leat freastal a dhéanamh ar gach ní ar mhaith leat a dhéanamh. Agus an Rialtas seo ag leagan Buiséad stuama amach faoi scáth an Bhreatimeachta, roghnaigh mé a chinntiú go mbainfear an tionchar is mó is féidir amach ar mhaithe le teaghlaigh – ach go háirithe leanaí agus seandaoine leochaileacha.
"Cé go gcaithimid oibriú laistigh de Bhuiséad teoranta, ní fhágann sé sin nach féidir linn a bheith nuálach. Táim sásta ach go háirithe dul chun cinn a dhéanamh maidir le béilí scoile teo saor in aisce agus athrú a spreagadh maidir le conas a thacóimid leo siúd a bhfuil dúshlán ar leith rompu agus iad sa tóir ar phost. Táim ag iarraidh chomh maith an chéad chéim a ghlacadh i dtreo aghaidh a thabhairt ar an gcóras inghlactha atá againn chun íocaíochtaí cothabhála a shocrú.
"Ní bhaineann cáinaisnéis le hairgead amháin, ach baineann sé freisin lena chinntiú go mbaineann tú úsáid as d'acmhainní chun na hathruithe is fearr is féidir a bhaint amach don tsochaí. Tá súil agam go gcuirfidh na hathruithe a fógraíodh inniu feabhas ar chúrsaí don líon is mó teaghlach agus daoine leochaileacha agus is féidir."
Liúntas Maireachtála Aonair
Gheobhaidh daoine faoi mhíchumas agus pinsinéirí a chónaíonn ina n-aonar méadú €5 in aghaidh na seachtaine ar a íocaíocht Liúntais Maireachtála Aonair. Tiocfaidh an méadú sin i bhfeidhm ón tseachtain dar tús 6 Eanáir, 2020, agus rachaidh an méadú chun tairbhe os cionn 160,000 pinsinéir agus 40,000 duine faoi mhíchumas a chónaíonn ina n-aonar.
Leanaí
Chomh maith leis sin, ón tseachtain dar tús 6 Eanáir, 2020 ar aghaidh, gheobhaidh daoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu méadú. Gheobhaidh teaghlaigh a bhfuil leanaí atá 12 bhliain d'aois nó os a cionn méadú seachtainiúil ar fiú €3 do gach leanbh, agus gheobhaidh siadsan a bhfuil leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d'aois méadú seachtainiúil ar fiú €2 do gach leanbh. Déanann sé sin forbairt ar na méaduithe a thug an tAire isteach anuraidh.
Tiocfaidh na méaduithe ar na híocaíochtaí seachtainiúla i bhfeidhm le linn na seachtaine dar tús 6 Eanáir, 2020 in áit dheireadh mhí an Mhárta, de réir mar a tharla sna blianta roimhe sin.
Tiocfaidh méadú €15, go dtí €165 in aghaidh na seachtaine, ó Eanáir ar aghaidh ar an neamhaird tuillimh do thuismitheoirí aonair atá ag obair. Mar sin, beidh siad ábalta níos mó a thuilleamh gan tionchar a bheith aige sin ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó íocaíocht idirthréimhseach Cuardaitheora Poist.
Mhéadaigh an tAire na tairseacha ioncaim don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora €10 in aghaidh na seachtaine do theaghlaigh a bhfuil suas le trí leanbh acu, agus ar an mbealach sin cinnteofar go mbeidh níos mó teaghlach ísealioncaim i dteideal na híocaíochta. Cinntíonn sé sin chomh maith go mbainfidh teaghlaigh atá ag baint tairbhe as an tacaíocht fostaíochta seo leas as €6 sa bhreis in aghaidh na seachtaine.
Tacaíochtaí Breosla agus Teaghlaigh
Cuirfear méadú €2 in aghaidh na seachtaine, go dtí €24.50, ar an Liúntas Breosla ó Eanáir ar aghaidh, agus bainfidh 370,000 teaghlach tairbhe as. Déanfaidh sé sin cúiteamh ar aon chostas cánach carbóin do na daoine is leochailí sa tsochaí.
Áirítear leis sin an pacáiste Sochair Teaghlaigh a shíneadh, is é sin an liúntas gáis/leictreachais agus ceadúnas teilifíse saor in aisce a thabhairt do dhaoine faoi bhun 70 bliain a bhfuil duine fásta eile ina chónaí leo.
Cúnamh dóibh siúd a chuardaíonn obair
Tá €2.5 milliún á chur ar fáil chun díriú ar thacaíochtaí ar leith gníomhachtúcháin poist agus oiliúna do na grúpaí is mó scoite amach ón margadh saothair nó a bhfuil dúshláin rompu dul isteach san ionad oibre. Leag an tAire Doherty béim ach go háirithe ar an mian atá aici intéirneachtaí a fhorbairt do mhná a bhí taobh amuigh den ionad oibre ar feadh tréimhse fhada ama - de ghnáth chun clann a thógáil nó cúram a thabhairt do dhuine muinteartha - agus tacú leo páirt a ghlacadh arís sa lucht saothair.
Gheobhaidh cuardaitheoirí poist atá 25 bliain d'aois méadú €45.20 ar a n-íocaíocht sheachtainiúil ó Eanáir, agus gheobhaidh siad an ráta uasta atá le híoc dá bharr. Ar an mbealach sin, cuirfear deireadh leis an íocaíocht laghdaithe atá i bhfeidhm faoi láthair do chuardaitheoirí poist atá 25 bliain d'aois.
Tiocfaidh méadú ar an íocaíocht Cuardaitheora Poist atá faoi bhun 25 bliain d'aois. Gheobhaidh siad an ráta uasta má tá siad ag cónaí go neamhspleách agus ag fáil tacaíocht tithíochta ón Stát, m. sh. forlíonadh cíosa nó Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta.
Tá €2 milliún sa bhreis á chur ar fáil don bhuiséad oiliúna le haghaidh na Scéime Fostaíochta Pobail, airgead a mbainfidh níos mó ná 20,000 rannpháirtí leas as.
Beidh an deis ag cúramóirí dul i mbun oibre nó freastal ar chúrsa oiliúna ar feadh suas go dtí 18.5 uair in aghaidh na seachtaine. Ach go háirithe, thug an tAire tús áite don bheart seo mar fhreagairt ar na cúramóirí lenar bhuail sí agus a chuir in iúl di go raibh an líon uaireanta atá ann faoi láthair (15 huaire a chloig) ró-shriantach.
Béilí Scoile Teo
Tá an tAire Doherty ag cur €4 milliún infheistíocht sa bhreis ar fáil chun scéim na mBéilí Scoile Teo a leathnú ar fud na tíre in 2020. Má dheimhníonn an mheastóireacht bliana iomláine atá á déanamh ar an tionscadal píolótach reatha na tionchair dhearfacha a tuairiscíodh ar dtús, tabharfaidh an maoiniú sin deis don Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí scéim na mBéilí Scoile Teo a leathnú chun suas le 35,000 leanbh eile a chur san áireamh, go háirithe iad siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste.
Taighde
D'fhógair an tAire go mbunóidh a Roinn grúpa faoi threoir breitheamh chun treoirlínte agus rialacháin chothabhála a shocrú bunaithe ar dheachleachtas idirnáisiúnta. Táthar ag súil leis go gcuirfear na treoirlínte agus rialacháin ar bhonn reachtúil chun torthaí níos fearr a bhaint amach do theaghlaigh.
Déanfaidh an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí tionscadal taighde a choimisiúnú chomh maith chun scrúdú a dhéanamh ar bhochtaineacht a bhaineann le sochraidí agus an tionchar níos leithne eacnamaíoch a d'fhéadfadh a bheith ag bás duine muinteartha.
Leag an tAire Doherty béim ar an méid seo a leanas:
"Léiríonn Cáinaisnéis an lae inniu go bhfuil an Rialtas seo tiomanta do shocrú níos fearr a chur ar fáil do theaghlaigh. Déanann an pacáiste leasa shóisialaigh forbairt ar na méaduithe suntasacha le blianta beaga anuas agus díríonn sé ar na grúpaí siúd sa tsochaí is leochailí agus is mó atá i mbaol na bochtaineachta. Leanfaidh mé de bheith ag obair chun a chinntiú go ndíríonn ár gcóras leasa shóisialaigh ar na daoine siúd is leochailí inár sochaí."
Bónas na Nollag
D'fhógair an tAire chomh maith go n-íocfar Bónas Leasa Shóisialaigh na Nollag le
1.2 milliún duine ag ráta 100% arís i mbliana.
"Tá áthas orm gur cheadaigh an Rialtas go n-íocfar Bónas Leasa Shóisialaigh na Nollag ag ráta 100% arís i mbliana, agus íocfar í go luath i mí na Nollag. Bainfidh gach duine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh go fadtéarmach leas as sin, lena n-áirítear cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, pinsinéirí agus tuismitheoirí aonair. Is mór ag go leor daoine a bhraitheann ar íocaíochtaí seachtainiúla leasa shóisialaigh ar fud na tíre an bónas seo ag an am seo den bhliain atá ach go háirithe costasach."
Is féidir teacht ar liosta iomlán na mbeart i mBileog Eolais na Cáinaisnéise ag www.welfare.ie
CRÍOCH.
Sonraí Teagmhála
R: press.office@welfare.ie
T: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie