Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Camscéim Ghutháin – Teachtaireacht Thábhachtach ón Roinn Coimirce Sóisialaí

Is mian leis an Roinn Coimirce Sóisialaí daoine a chur ar an eolas ar ghlaonna gutháin camscéime a d’fhéadfadh daoine a chur orthu ina ligeann siad orthu gurb oifigeach leis an Roinn Coimirce Sóisialaí iad agus ina dtaispeánann na glaonna réimse uimhreacha, arb í uimhir líne chabhrach na Roinne, 1890 800 024, ceann de na huimhreacha siúd.

Níl teagmháil á déanamh ag an Roinn faoi láthair le custaiméirí ná le baill den phobal tríd an uimhir seo. Ná freagair na glaonna seo, le do thoil, agus ná roinn aon eolas pearsanta leis na glaoiteoirí.

Ní iarrfaidh foireann na Roinne Coimirce Sóisialaí ort riamh d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ná sonraí Bainc a thabhairt má bhíonn orthu glaoch ort ar an nguthán.

Má chuir an uimhir seo glaoch ort, tabhair le fios do na Gardaí láithreach é, le do thoil.

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat