English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Clár na mBéilí Te Scoile 2021 seolta ag an Aire Humphreys: An líon is mó mac léinn riamh le tairbhe a bhaint as an gclár - 35,000 mac léinn

An Clár le rolladh amach in 189 bunscoil ar fud na tíre

Is léir ó thaighde atá déanta go dtéann an clár i bhfeidhm ar bhealach dearfach ar thinreamh agus ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach na mac léinn

Fógraíonn an tAire Humphreys go leanfar le Maoiniú a sholáthar do Chlár na mBéilí Te Scoile i rith laethanta saoire na Cásca

Inniu sheol an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, Clár na mBéilí Te Scoile 2021, a rachaidh chun tairbhe thart ar 35,000 dalta in 189 bunscoil.

Mar chuid de Bhuiséad 2021, chuir an tAire Humphreys €5.5 milliún breise ar fáil do Chlár na mBéilí Te Scoile le haghaidh daltaí bunscoile a bhí ag baint tairbhe as an lón fuar.

I ndiaidh léirithe spéise agus próiseas roghnúcháin a chur i gcrích, tá 189 scoil, lena n-áirítear 171 scoil DEIS, roghnaithe.

Beidh na béilí te ar fáil do gach dalta atá cláraithe sa 189 bunscoil, nach bhfuil áiseanna ceaintín/cistine ar an láthair acu.

Tiocfaidh an béile te in ionad an lóin fhuair a bhí á chur ar fáil go dtí seo.

Ní mór do gach scoil soláthraí a sholáthróidh na béilí te (a ullmhóidh agus a sheachadfaidh iad) de réir na rialachán ábhartha maidir le sábháilteacht bia agus de réir ‘Caighdeáin Chothaithe le haghaidh Béilí Te Scoile’ Éire na Sláinte.

Beifear ag súil go mbeidh rogha biachláir á sholáthar ag scoileanna de dhá bhéile dhifriúla ar a laghad gach lá mar aon le rogha do veigeatóirí/veigeáin, agus rogha a oireann do riachtanais chothaithe reiligiúnacha agus cultúrtha daltaí.

Tá ceantair gheografacha éagsúla i ngach limistéar údaráis áitiúil agus tá fianaise air sin le fáil sa phróiseas roghnaithe scoileanna, agus cuirtear líon na ndaltaí, an leibhéal spéise agus an buiséad atá ar fáil san áireamh.

Is cuid de Chlár Béilí Scoile iomlán é Clár na mBéilí Te Scoile, a sholáthraíonn maoiniú chun bia a chur ar fáil do bhreis is 1,557 scoil agus eagraíocht, maoiniú atá ag dul chun tairbhe 227,000 leanbh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys nuair a bhí an scéim á seoladh go foirmiúil aici:

“Tá teacht aniar dochreidte léirithe ag leanaí scoile le 12 mhí anuas le linn dóibh a bheith ag déileáil le hathruithe móra ar an saol mar thoradh ar COVID-19.

“Is tionscnamh tábhachtach é Clár na mBéilí Te Scoile chomh fada is a bhaineann le folláine agus cothú linbh. Is eol dúinn go gcabhraíonn sé le torthaí oideachais níos fearr.

“Nuair a seoladh an scéim mar scéim phíolótach ar dtús, bhain 6,600 leanbh in 37 scoil tairbhe aisti.

“Ón lá inniu ar aghaidh, tacóidh Clár na mBéilí Te Scoile le 35,000 leanbh in 189 scoil i ngach cathair agus contae sa tír.

“Is mian liom buíochas a ghabháil leis na scoileanna atá páirteach sa tionscadal as a gcomhoibriú leanúnach leis an roinn lena chinntiú go gcuirtear an clár ar fáil.”

Taighde ar Thionscadal Píolótach na mBéilí Te Scoile

Inniu freisin, d’fhoilsigh an tAire Humphreys ‘Tuarascáil Taighde ar Thionscadal Píolótach na mBéilí Te Scoile’, taighde a cuireadh i gcrích thar ceann na Roinne i mí Iúil 2020.

Is é an aidhm a bhí leis an bpíosa taighde seo léargas a fháil ar thionchar an tionscadail bunaithe ar dhearcadh tuismitheoirí, múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta, príomhoidí agus soláthraithe bia.

Áirítear sa taighde rátálacha ar na béilí te a cuireadh ar fáil i rith an tionscadail phíolótaigh, mar aon leis an luach, cur chun feidhme agus riarachán.

Chomh maith leis sin, breithníodh an tionchar a bhí ag an tionscadal ar dhramhbhia agus ar scoileanna glasa.

Aimsíodh an méid seo a leanas i rith an taighde:

  • ar an iomlán, tá rátálacha arda luaite leis na béilí te chomh fada is a bhaineann le caighdeán, rogha, méid an sciar, riachtanais chothaithe agus luach cothaitheach
  • dúirt dhá trian de mhúinteoirí/cúntóirí riachtanas speisialta go raibh tionchar dearfach ag an tionscadal píolótach ar aiste bhia leanaí
  • dúirt breis is dhá thrian de mhúinteoirí/cúntóirí riachtanas speisialta go raibh na béilí te ar chaighdeán níos airde ná an bia á bhí á ithe ag leanaí roimhe seo
  • dúirt breis is dhá thrian de mhúinteoirí/cúntóirí riachtanas speisialta agus príomhoidí gur chuir an tionscadal píolótach leis an méid dramhbhia a bhí ann
  • chomhaontaigh triúr tuismitheoirí as gach cúigear tuismitheoirí gur bhain a gcuid leanaí taitneamh as páirt a ghlacadh sa tionscadal

Úsáidfear torthaí an taighde seo chun cabhrú leis an roinn cinntí a dhéanamh maidir le todhchaí an Chláir.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:

“Aimsíodh sa taighde seo go raibh tionchar an-dearfach ag tionscadal píolótach Chlár na mBéilí Te Scoile ar thinreamh leanaí ar scoil, agus ar a sláinte fhisiciúil agus folláine shíceolaíoch.

“Tríd is tríd, ábhar dóchais ba ea na torthaí agus dúirt formhór na dtuismitheoirí, múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta go raibh na béilí te ar chaighdeán níos airde i gcomparáid leis an mbia a bhí á ithe ag na daltaí roimhe sin.

“Is fianaise é seo ar an tábhacht a bhaineann le Clár na mBéilí Te Scoile a leathnú agus freastal ar líon níos mó daltaí ná riamh roimhe seo.”

Maoiniú do Chlár na mBéilí Te Scoile le cur ar fáil i rith laethanta saoire na Cásca

Inniu d’fhógair an tAire Humphreys go leanfar le maoiniú a chur ar fáil do Chlár na mBéilí Scoile i rith laethanta saoire na Cásca do bhunscoileanna agus do scoileanna dara leibhéal.

Agus bhí an méid seo a leanas le rá aici chomh maith:

“Roimh an bPaindéim, ní raibh maoiniú ar fáil do Chlár na mBéile Scoile ach i rith na bliana acadúla.

“Mar fhreagairt do COVID-19, áfach, chinntigh mo roinn go mbeadh an tacaíocht riachtanach seo ar fáil go leanúnach, is cuma má bhíonn na scoileanna oscailte nó mura mbíonn siad oscailte.

“Is mian liom a dheimhniú do scoileanna agus do thuismitheoirí go mbeidh maoiniú ar fáil don Chlár i rith shaoire na Cásca ón 29 Márta go dtí an 9 Aibreán.

“Trí mhaoiniú a chur ar fáil do Chlár na mBéilí Scoile - i rith na dtéarmaí scoile agus na dtréimhsí saoire - tacófar le leanaí atá ag brath go mór ar an tacaíocht thábhachtach seo.”

Tuilleadh eolais

Soláthraíonn Clár na mBéilí Scoile maoiniú chun bia a chur ar fáil do bhreis is 1,557 scoil agus eagraíocht, maoiniú atá ag dul chun tairbhe 227,000 leanbh. Is é cuspóir an Chláir bia rialta, cothaitheach a chur ar fáil do leanaí nach bhfuil ar a gcumas, mar gheall ar easpa bia ar ardchaighdeán, lántairbhe a bhaint as an oideachas atá á chur ar fáil dóibh. Is comhpháirt thábhachtach de bheartais chun tinreamh scoile agus breis gnóthachtála oideachais a spreagadh an Clár seo.

Read a copy of the Research Report..


Nótaí

List of schools - Hot School Meals 2021
List of schools - Hot School Meals 2021
Amharc amharc