English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhráiteas Comhaontaithe ar Scéim Dearbhán Theanga Chomharthaíochta na hÉireann

Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS), agus Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta (SATC), tar éis a dtiomantas comhroinnte do sheachadadh Scéim Dearbhán Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) a sholáthar, agus tá conair ar aghaidh comhaontaithe ag gach páirtí chun leanúint ar aghaidh le seachadadh na Scéime.

Tar éis cruinnithe a bhí faoi chathaoirleacht na Roinne ar 13 Feabhra, d’athdhearbhaigh an Roinn, BFS agus SATC a dtiomantais faoi seach do Scéim Dearbhán TCÉ agus d’aithin a ról ríthábhachtach chun tacú le baill de phobal na mBodhar páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí.

Ina theannta sin, tá conair ar aghaidh aontaithe ag BFS agus SATC, ar ghearr an tAire Coimirce Sóisialaí an Scéim Dearbháin TCÉ a sheachadadh ar aon dul le hAlt 9 den Acht TCÉ, 2017, chun go bhféadfar an Scéim a atosú chomh luath agus is féidir.

Mar chuid de sin, d’aontaigh an dá pháirtí cloí leis na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach sa Chomhaontú Leibhéal Seirbhíse a comhaontaíodh le déanaí idir SATC agus BFS, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le Treoirlínte Soláthair Phoiblí agus rialuithe airgeadais, lena n-áirítear Ciorclán 13/14 ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe - Bainistiú agus Cuntasacht i leith Deontais ó Chistí Státchiste. Áiríonn an comhaontú seo freisin luasghéarú SATC ar na próisis soláthair atá ar siúl faoi láthair chun leanúint ar aghaidh ag seachadadh Scéim Dearbhán TCÉ ar bhonn inbhuanaithe fadtéarmach.

Tugann an Roinn dá haire an maoiniú agus na hacmhainní nach beag a chuir BFS ar fáil do SATC ó bunaíodh é mar Chuideachta Seachadta Seirbhíse BFS in 2007, agus an méadú suntasach seasta ar na hacmhainní sin go dtí seo; chomh maith leis na seirbhísí tábhachtacha atá curtha ar fáil ag SATC ar a seal, go háirithe maidir lena bhfeidhmiú ar Chianseirbhís Ateangaireachta na hÉireann.

Tá muinín ag an Roinn go gcuirfidh BFS agus SATC an chonair comhaontaithe thuas i bhfeidhm chomh luath agus is féidir ionas go leanfar leis an Scéim Dearbháin mar gur seirbhís í atá ina ardtosaíocht ag BFS, SATC agus ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Mar a dúradh cheana, tá an tAire agus an Roinn tiomanta go hiomlán do Scéim Dearbhán TCÉ, agus is mór acu a ról maidir le tacú le cuimsiú agus rannpháirtíocht sa phobal bodhar.

Ciallaíonn an chonair chomhaontaithe seo gur féidir leanúint leis an scéim a sheachadadh tar éis an 20 Feabhra.