Cuireann an tAire Doherty Fáilte roimh Thorthaí an tSuirbhé ar an Lucht Saothair do Ráithe 3 2019
- Foilsithe: 19 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Samhain 2019
Chuir an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty, T.D., fáilte inniu roimh na torthaí is déanaí sa Suirbhé ar an Lucht Saothair (do Ráithe 3 2019) a léiríonn gur tháinig méadú 53,700 nó 2.4% ar fhostaíocht, agus go bhfuil breis agus 2.3 milliún duine fostaithe, ar an iomlán anois dá bharr. Chuir an tAire Doherty fáilte ach go háirithe roimh an laghdú ar dhífhostaíocht fhadtéarmach, ar tháinig laghdú beagnach an tríú cuid air (15,300 duine) i rith na bliana, agus a laghdaigh líon iomlán na ndaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach anuas go dtí 34,900.
Dúirt an tAire Doherty:
“Cuirim fáilte ar leith roimh na laghduithe ar na líonta daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus roimh an laghdú ar dhífhostaíocht óige. Is léir go mbaineann fiúntas le Straitéis Post an Rialtais agus le bearta gníomhachtaithe fostaíochta mo Roinne féin, agus léiríonn an chaoi go bhfuil méadú leanúnach a thugaimid faoi deara inniu ar fhostaíocht ag teacht ar fhostaíocht gach bliain le fiche a naoi ráithe anuas.
“Cé go bhfuil lánfhostaíocht beagnach bainte amach againn anois, táim tiomanta chun bearta breise a chur i bhfeidhm chun cabhrú leo siúd a bhfuil dúshlán mór rompu chun an margadh post a iontráil. D’éirigh liom €2 milliún sa bhreis a fháil sa Bhuiséad deireanach, mar shampla, do rannpháirtithe Fostaíochta Pobail chun tabhairt faoi chláir ríthábhachtacha oiliúna chun iad a ullmhú don fhostaíocht sa mhargadh saothair oscailte. Chuir mé caiteachas breise €2.5 milliún ar fáil do bhearta saincheaptha gníomhachtaithe atá dírithe ar ghrúpaí leochaileacha, ar nós ban atá ag filleadh ar an margadh saothair, agus an Lucht Siúil agus iarchiontóirí.
“Maidir le mná, ach go háirithe, beartaím chun scéim phíolótach a fhorbairt chun cabhrú le mná chun filleadh ar an ionad oibre. Is ionann an ráta rannpháirtíochta i measc ban sa lucht saothair agus 56.2%, i gcomparáid le 69.1% i gcás fear. Is iomaí bean ildánach oilte táirgiúil atá inár measc agus a d’fhág an t-ionad oibre – chun clann a thógáil aníos nó chun cúram a thabhairt do ghaol – ar mian leo filleadh ach a bhféadfadh nach bhfuil an mhuinín acu nó nach raibh taithí acu le déanaí chun post a bhaint amach. Tá súil agam comhpháirtíocht a dhéanamh le roinnt de na cuideachtaí gormshlise is mó in Éirinn chun scéim phíolótach ‘cúrsaí oiliúna um fhilleadh ar an obair’ a fhorbairt inar féidir le mná an lucht saothair a iontráil arís agus an mhuinín agus an taithí a fhorbairt go tapa a theastaíonn uathu chun páirt ghníomhach a ghlacadh laistigh den lucht saothair.”
Tá roinnt tionscnamh ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí atá dírithe ar chuardaitheoirí poist agus fostóirí. Chuir an Roinn roinnt Seónna Bóthair Fostóirí ar siúl fud fad na tíre i mbliana. Ba í aidhm na Seónna Bóthair Fostóirí chun tacaíochtaí agus dreasachtaí a chur chun cinn atá ar fáil d’fhostóirí ón Roinn agus chun fostóirí a spreagadh chun fáil a bheith acu ar scéimeanna agus dreasachtaí agus, iad siúd ach go háirithe a chabhróidh le cuardaitheoirí poist a dteastaíonn tacaíocht uathu chun an margadh saothair a iontráil - eolas ina measc ar scéimeanna ar nós JobsPlus, na Scéime Fóirdheontas Pá, na Scéime Tacaíochta d’Fhostaíocht Óige (YESS) agus na seirbhísí earcaíochta agus tacaíochtaí eile atá ar fáil ó Intreo agus JobsIreland.ie.
Tacaíonn an cur chuige seo le Future Jobs Ireland, a sheol an Taoiseach ní ba luaithe i mbliana, a thug cuntas ar na huaillmhianta níos fadtéarmaí do thodhchaí ár ngeilleagair.
CRÍOCH
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Sonraí Teagmhála na Preasoifige
R-phost: press.office@welfare.ie
Guthán: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie
Instagram: instagram.com/social.protection