English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Humphreys tús le hiarratais ar Dheontas Tacaíochta Fiontraíochta

Suas le €1,000 ar fáil chun gnóthaí bheaga, a chuireadh as ag COVID-19, a spreagadh

Scéim dírithe ar thrádálaithe aonair nach bhfuil faoi dhliteanas rátaí tráchtála

Pá, breosla, trealamh nua, comharthaíocht, TCP go léir clúdaithe

An t-Aire: "Is rí-thabhachtach iad an lucht féinfhostaithe dár mbisiú eacnamaíoch”

Chuir an t-Aire Coimirce Sóisialta, Heather Humphreys TD, tús inniu le hiarratais ar an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta athchóirithe – a leagadh amach chun chun cabhrú le daoine féinfhostaithe agus iad ag teacht chucu féin i ndiaidh COVID-19

Tá an deontas seo, ar fiú suas le €1,000 an duine é, dírithe ar thrádálaithe aonair ar nós pluiméirí, leictreoirí, siúinéirí, tiománaithe tacsaí agus a leithéid, nach n-íocann rátaí tráchtála agus, dá bhrí sin, nach gcáilíonn do Scéim Deontas Atosú Breise an Rialtais.

Roimhe seo, thug an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta tacaíocht d'fiontraithe a bhí gnóthaí nua á bhunú acu.

Ach rinneadh athchóiriú anois air chun tacaíochtaí aonuaire a chur ar fáil go háirithe do dhaoine féinfhostaithe a chuireadh go mór astu agus a raibh orthu éirí as a gcuid oibre de dheasca na paindéime.

Dúirt an t-Aire Humphreys:

“Tá an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta dírithe ar chabhair a thabhairt don lucht féinfhostaithe, atá rí-thabhachtach dár mbisiú eacnamaíoch, teacht chucu féin i ndiaidh na ráige COVID-19.

“Le míonna beaga anuas tá na mílte trádálaithe aonair agus úinéirí gnóthaí beaga ar fud na tíre ag fáil an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 (ÍDP).

“Ba é seo an chéad uair riamh do chuid mhór diobh iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ón Stát.

“Ba rí-thabhachtach an lámh tharrtála í an IDP dóibh siúd, agus gan aon locht orthu féin, a thit as an obair."

Dúirt sí freisin:

“Sin é an fáth gur chinn mé an íocaíocht a leathnú go dtí mí Aibreáin seo chugainn."

Lean an t-Aire:

”Díríodh an Deontas Tacaíochta Fiontar tráth ar cabhair a thabhairt dóibh siúd a bhí gnó á bhunú acu. Inniu, tá iarratais á gcur ar fáil agam do dhaoine a dteastaíonn cúnamh uathu chun teacht chucu féin agus a ngnóthaí a chur ag obair arís.

“Cibé an bhfuil sé ag íoc pá nó costais bhreosla nó ag ceannach TPE nó comharthaíocht - is deontas tábhachtach é seo chun cabhrú le daoine féinfhostaithe a ngnó a athoscailt agus dul ar ais ag obair ar na rudaí is fearr a dhéanann siad: Seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil ina bpobail féin.

“Mar sin, más pluiméir, siúinéir, scéinséir, garraíodóir nó leictreoir tú atá ag filleadh ar ais ar an obair nó más tiománaí tacsaí tú ag cur do charr ar ais ar an mbóthar - b’fhéidir go mbeadh spéis agat sa dheontas seo.”

Tá sé ráite ag an Roinn Coimirce Sóisialta go gcabhróidh an deontas seo leo siúd a d’aistrigh ón Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéim COVID-19 go dtí féinfhostaíocht ón 18 Bealtaine anuas, dáta deiridh Céim a hAon den Treochlár faoi Athoscailt an Phobal agus an Ghnó.

Beidh maoiniú aonuair suas le huasluach €1,000 ar fáil dóibh chun chabhrú le hathoscailt a gcuid gnó.

Iarrann an deontas seo teacht ar thacaíocht a thabhairt do mhicrifhiontair féinfhostaithe nach bhfuil incháilithe faoi láthair le haghaidh deontais den chineál céanna trí na Ranna Rialtais eile.

Tá an tacaíocht seo - atá ar fáil d’úinéirí gnólachtaí beaga a fhostaíonn níos lú ná 10 duine, nach bhfuil faoi dhliteanas i leith rátaí tráchtála agus a bhfuil láimhdeachas níos lú ná €1 milliún sa bhliain acu - ag soláthar spreagmhaoiniú do na fiontair sin nach bhfuil i dteideal na ndeontas atosú gnó eile.

Íocfar í ar bhonn an mhéid caiteachais a d'íoc an iarrthóir chun a ghnó a athoscailt agus clúdaíonn sí na costais sin suas le €1,000.

Is féidir le héinne ar mhian leis iarratas a dhéanamh ar an deontas seo foirm iarratais a íoslódáil ó here ag Item was unpublished or removed agus, nuair a bhfuil sí líonta isteach aige, á seoladh chuig their local Intreo Centre.


Tuilleadh Eolais

Tá an Deontas Tacaíochta Fiontar ar fáil do daoine féinfhostaithe atá cáin-chomhlíontach agus ÁSPS-chomhlíontach:

  • a raibh an Íocaíocht Dífhostaíocht Paindéime COVID-19 nó íocaíocht Cuadaitheoir Poist á fháil acu agus a dhruid a gcuid éilimh ar an 18 Bealtaine 2020 nó ina dhiaidh
  • a bhí i mbun gnó roimh mhí Márta 2020
  • a d'athoscail a ngnó a dhúnadh de dheasca COVID-19
  • nach bhfuil rátaí tráchtála le híoc acu
  • a fhostaíonn níos lú ná deichniúir agus a bhfuil láimhdeachas níos lú ná €1 milliún sa bhliain acu

Is féidir maoiniú a lorg le haghaidh raon costas a íoctar le hathoscailt gnó, ina measc:

  • ceannach treallaimh ar nós comharthaíochta agus treallamh cosanta pearsanta (TCP)
  • deisiúcháin, cothabháil agus suiteáil bearta sábháilteachta
  • tuarastail
  • breosla agus costais reatha feithiclí eile

Tá tuilleadh eolais faoin nDeontas Tacaíochta Fiontar ar fáil ag anseo.

CRÍOCH